Rás na gCurachaí

le Gearóid Ó Muilleoir
Bhí Craobh na hÉireann de Rásaí na gCurachaí ar siúl le déanaí ag cé Chionn Caslach i dTír Chonaill.
Bhí deireadh seachtaine den scoth ann le foirne ag glacadh páirte ann ó cheantair chósta ar fud na tíre agus tá caint ann anois faoi fhoireann a chur le chéile ó cheantair in oirthear na hÉireann.
Tá Gaeltacht Bhéal Feirste ag cur foirne isteach chuig Comórtas Peile na Gaeltachta le roinnt blianta anuas agus cá bhfios nach mbeidh foireann acu, nó ag Gaeltachtaí uirbeacha eile, ag Rásaí na gCurachaí amach anseo.

Scríofa ag ar 22.07.2010 Rannóg gné-ailt.

1 Nóta Tráchta ar “Rás na gCurachaí”

  1. séamus mac seáin

    nach maith an smaoineamh é sin ag Gearóid ,Gaeil Bhéal Feirste agus Gaeil Iarthar na tíre ag iomaíocht le chéile i rása curach gach ré seal in Iarthar agus in Oirthear na tíre. léirigh Laochra Loch Laoi an bealach dúinn le ceangail a dhéanamh lenár gcomhgaeil in áiteanna eile sa tír. Tharla go raibh mé ar thrá Mhachaire Ghathláinn i nGaoth Dobhair ag deireadh na seachtaine agus chonaic mé scaifte ban óg ag iompar curach síos chun an uisce le dul a ramhaíocht. Ba léir agus an gléasadh a bhí orthu gur ag cleachtadh i gcomhar rása a bhí siad. an t-am deireannach a chonaic mise curach amach ó chosta Dhún na nGall biodh a fhios agaibh nach mná óga dáthúla a bhí a n-iomradh ach sean iascairí creagacha agus cos amháin san uaigh acu. Is mór a d’athraigh an saol. Cá mhéad a bhéadh ar churach le ceannacht? an bhfuil a fhios ag duine ar bith? An dtiocfadh linn ceann a thabhairt go dtí an Lagan agus dream óg a fháil le cleachtadh ar an abhann. Laochra Loch Laoi agus Laochra an Lagain b’fhéidir.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24