Moltar an Óige
Bhí Feargal Mac Ionnrachtaigh ó Forbairt Feirste mar fhear an tí inné, 24ú Bealtaine, ag ócáid stairiúil ar Choláiste Feirste nuair a bhronn an tAire Oideachais, Caitríona Ruane, teastais OCN i gCeannaireacht an Óige ar 15 duine óga as Béal Feirste. Cuireadh an cúrsa ar fáil trí mheán na Gaeilge don chéad uair i stair an chúrsa i ndiaidh don Roinn Oideachais maoiniú a chuir ar fáil do sheirbhísí óige trí Ghaeilge i mbliana fríd an BOLB (Bord Oideachais is Leabharláinne Bhéal Feirste). Bhí an OCN i gCeannaireacht an Óige mar chuid de seo agus Tarlach Ó Brannagáin as Forbairt Feirste a rinne an t-aistriúcháin. Orliath Nic Siacais ó ‘Training for Life’, Iontaobhas Forbartha Uachtar Chluanaí agus Ciarán Mac Giolla Bhéin, Oifigeach Óige le Foras na Gaeilge a bhí mar eascaitheoirí ar an chúrsa.
Ag caint dó ar an chúrsa, dúirt Mac Giolla Bhéin: “Ar feadh an chúrsa, thaispeáin na daoine óga seo leibheál iontach tiomantais a spreag mé féin agus na daoine fásta thart orthu. Bíonn siad ar fad ag obair go deonach le cumainn óige Ghaelacha eagsúla agus is eiseamláirí iontacha iad do phobal na Gaeilge sa chathair seo agus tá an chreidiúint seo iomlán tuillte acu. Tá sé oiriúnach go raibh an tAire féin, an tuas Caitriona Ruane, a chuir an maoiniú ar fáil don chúrsa, agus go raibh sí féin ar fáil chun na teastais a bhronnadh. Tá muid thar a bheith buíoch fosta don BOLB, go háirithe seirbhís Óige s’acu a bhí iontach cuidiúil fud fad an chúrsa. De réir a chéile, tá muid ag briseadh síos ar na constaicí agus tá i bhfád níos mó seirbhísí ar fáil anois do na mílte daoine óga atá ag freastal ar Ghaelscoileanna ar fud an tuaiscirt.’
Ag cur leis an mhéid seo, i ndiaidh na hócáide, dúirt Feargal Mac Ionnrachtaigh, atá mar ionadaí Forbairt Feirste ar Fóram na nÓg:
“Cé gurbh é seo an chéad uair a raibh a leithéid seo de chúrsa á stiúiradh trí mheán na Gaeilge, is suntasach gur éirigh leis na daoine óga uilig an Cáilíocht a bhaint amach. Is cáilaíocht aitheanta í an OCN a bheirfeas spreagadh do na daoine óga leanúint ar aghaidh ag gníomhú agus ag obair go deonach taobh istigh don earnáil óige Ghaelach. Beidh an Fóram ag tógáil air seo amach anseo agus á cumasú an earnáil óige le tuilleadh oiliúna agus seribhísí ar fud an tuaiscirt.’
Le tuilleadh eolais, déan teagmháil le: feargal@forbairtfeirste.com