Lámhleabhar do mhúinteoirí
Dé Céadaoin, an dara lá de Mheitheamh 2010, seolfar lámhleabhar múinteora do theagasc na huimhearthachta, darb ainm Teanga na hUimhearthachta: Lámhleabhar Múinteora. Déanfaidh grúpa leathan de pháirtithe leasmhara agus d’fhorais pháirtíochta, a dhéanann seirbhísiú ar earnáil na Gaelscolaíochta, an seoladh a cheiliúradh. Is é an Dr Chris Hughes, Ceann na gCaighdeán agus an Fheabhsaithe sa roinn oideachais ó thuaidh, a osclóidh an seoladh. Labhróidh Mary Torrens, comhairleoir ar an mhatamaitic agus an uimhearthacht i mBord Oideachais agus Leabharlann Bhéal Feirste ar an tábhacht atá le teanga i bhfoghlaim na huimhearthachta. Tabharfaidh an Dr Seán Mac Corraidh, comhairleoir réigiúnach ar theagasc agus ar fhoghlaim sa Ghaelscolaíocht, comhairle ar úsáid an lámhleabhair sa phleanáil agus sa teagasc sa seomra ranga. Is ansin a dhéanfaidh na páirtnéirí uile a scríobh an lámhleabhar é a sheoladh. Is iad sin Liam Dempsey, bunaithe i mBord Oideachais agus Leabharlann an Tuaiscirt, ar múinteoir comhairleach é ar an uimhearthacht i scoileanna Gaeilge, Ciarán Ó Pronntaigh, bainisteoir ar an Áisaonad atá lonnaithe i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste agus Pádraig Mag Uidhir, Feidhmeannach Sinsearach ar an fhoireann aistriúcháin ag CCEA.
Is toradh é an lámhleabhar ar dhlúthpháirtíocht le roinnt blianta anuas, ina raibh foireann chomhairle CASS, aonad aistriúcháin CCEA agus bainisteoir an Áisaonaid páirteach. Liosta téarmaíochta atá sa lámhleabhar a tiomsaíodh as an leagan Gaeilge a cuireadh ar fáil roinnt blianta ó shin de Collins Primary Maths Matamaitic Bhunscoile Collins, atá in úsáid go forleathan i scoileanna Gaeilge an tuaiscirt do theagasc na huimhearthachta. Tugtar an téarma i mBéarla agus an téarmaíocht i nGaeilge a fhreagraíonn dó sin. Soláthraítear eolas gramadaí faoin téarma Gaeilge de réir choinbhinsiúin Foclóir Gaeilge–Béarla Uí Dhónaill. Mar shampla, más ainmfhocal atá i gceist, tugtar foirmeacha uatha agus iolra sa ghinideach agus san ainmneach. Tairgtear ansin samplaí de dhea-úsáid na dtéarmaí agus tagairtí leathanaigh do Mhatamaitic Bhunscoile Collins, áit ar féidir teacht ar na téarmaí i gcomhthéacs cuí.
Cuideoidh an lámhleabhar le múinteoirí i nGaelscoileanna sa phleanáil do theagasc agus d’fhoghlaim na huimhearthachta agus cuideoidh sé go mór le cur chuige aontaithe a chinntiú in úsáid theanga na matamaitice i nGaeilge ar fud earnáil na Gaelscolaíochta ag an bhunleibhéal. Tabharfaidh sé cúnamh fosta do chomhordaitheoirí uimhearthachta i scoileanna Gaeilge i dtiomsú polasaí scoile, i bpleanáil iomláin scoile agus iad ag amharc os cionn fhoghlaim na huimhearthachta ar fud na scoile.