iPad – cuirimid agallamh ar an saineolaí Fiachra Ó Marcaigh
Labhair Nuacht24 leis an saineolaí e-shaoil, Fiachra Ó Marcaigh, faoin iPad. An bhfuil sé ag dul a bheith chomh mór is a shíleann an tUasal Jobs agus muintir Úill?
Milene Fegan: An gcuirfidh an iPad bás le ré órga Apple?
F Ó M: Bhuel, tá cuid mhór áibhéile ag baint leis – mar a bhí ag baint leis an iPhone.
Ta an Ipad ar mhéid bríce. Tá sé in-iompartha, ach ní féidir é a chur i do phóca. Ach na buntáistí a bhaineann leis ná go bhfuil scáileán mór geal air le bheith ag amharc ar scannáin. Agus úsáideann tú do mhéar ar an scáileán – níl méarchlár ann. Leis an iPod, bhí guthán póca i gceist, le seinnteoir mp3 agus ceamara ann. Leis an iPad, níl sé róshoiléir cad é atá sa bhreis ann.
Milene Fegan: Ach nach bhfuil sé deacair a chreidbheáil nach n-éireodh leis an iPad – go gclisfeadh ar aon rud a chuireann Apple amach?
Fiachra ó Marcaigh: Tá Apple ag rá gur seo an dóigh nua-aimseartha chun leabhar a léamh, an dóigh nua-aimseartha le bheith ag amharc ar scannán.
Tá siad ag cur béim mhór ar úsáid an idirlín, ar leithéidí Twitter agus Facebook srl.
Seans go n-éireoidh leis an iPad. Amharc ar an dóigh ar éirigh leis an iPod. Ní raibh aon rud úrnua ag an iPod nuair a chéad tháing sé amach.
Bhí MP3 ann ar feadh na mblianta sular tháinig an iPod amach.
Ach bhí iPod Apple chomh snasta agus chomh maith sin is gur ghoid sé an margadh sin thar oíche.
Tharla an rud céanna leis an iPhone. Bhí an Smart Phone ann riamh. Ach arís eile, bhí stíl an iPhone chomh snasta sin agus bhí gach rud a bhain leis chomh furasta sin a úsáid is gur thóg sé cuid mhór den mhargadh.
Beidh le feiceáil an éireoidh leis an iPad déanamh amhlaidh.
Is cinnte go gceannóidh lucht leanúna Apple é.
Ach ní dóigh liom go bhfuil an réabhlóideachas céanna ag baint leis agus a bhí ag baint leis na rudaí eile a luaigh mé le Apple.
Tá mé ag éirí imníoch faoi Apple. Tá mé buartha go bhfuil siad ag éirí róchumhachtach.
Mar shampla, má úsáideann tú iPhone, nó aon uirlis Apple, tá tú ag úsaid apps ó shiopa Apple srl.
Chuaigh mé as mo bhealach chun guthán a cheannach nár fón Apple é, ach a bhí inchurtha agus ar aon chéim le iPhone.
Admhaím nach bhfuil sé chomh foirfe le iPhone, ach níl sé faoi smacht Apple.
Tá an-bhéim, na laethanta seo, ar chumhacht an iPhone agus an iPod, ach ní gá ach dul siar cúpla blian i stair Apple chun go bhfeicfeá an dóigh ar theip ar an Apple Newton, Apple 3 srl.
Tá ré órga ag Apple le blianta beaga anuas, ach beidh le feiceáil más é go bhfuil an ré órga sin thart.