Hippy na hataí?

Ní hipí (hippy) mé, ní dóigh liom, ach tá dúil agam sna hataí sin a bhíonn le díol achan Satharn in Aonach na Gaillimhe.

Fuair mé ceann de na hataí sin don chéad uair cúpla bliain ó shin. Mo dheartháir a cheannaigh dom é, agus bhí sé ildaite agus craiceáilte ag breathnú. Shíl mé gur bronntanas deas a bhí ann, ach nach mbeadh fonn orm é a chur ar mo chloigeann, mar nach gnáth hata a bhí ann.
Cuireadh deireadh leis sin go léir nuair a mhothaigh mé an hata ar mo cheann, é deas te teolaí. Bhí mo chluasa clúdaithe fiú, agus bhí mé iontach sásta liom féin. Chaith mé an hata sin lá i ndiaidh lae, in achan áit.
Sa bhaile, chun na scoile, isteach sa bhaile mór, chuig an phictiúrlann. Ba chuma liom cén cuma a bhí orm. Thit mé i ngrá leis an hata sin. Ní raibh na hippy hats, mar a thugann muid orthu, flúirseach sa tír ag an am sin. Ní raibh ach corrdhuine anseo is ansiúd sásta iad a chaitheamh agus cé gur cheap mo chairde go raibh mo hata go deas, níor chaitheadar féin iad. D’imigh an t-am go gasta ach níor chaill mé an grá a bhí agam do mo hata.
Bhí hataí eile agam fosta, ach bhí siad leadránach agus ní raibh siad chomh te nó chomh cruthaitheach leis an hippy hat. Bliain nó mar sin de i ndiaidh do mo dheartháir an hata a cheannach dom, thug mo mháthair ceann úr dom. Bhí sé an-chosúil le hata mo dheartháir, ach bhí dathanna éagsúla air. In ionad na dathanna geala ar nós buí, oráiste agus dearg, bhí dathanna níos ciúine air. Glas, liath, gorm, agus meascán dathanna eile.
Thaitin sé go mor liom agus bhí sé deas rogha a bheith agam idir an dá hata. Tá sé dochreidte cé chomh coitianta is atá na hataí sin anois, ní amháin anseo i nGaillimh ach ar fud na tíre. Tá siad ar díol sna margaí agus sna siopaí, ar phraghasanna éagsúla, agus tá siad á chaitheamh ag daoine thuas i mBéal Feirste, thíos i gCiarraí agus in achan áit idir eatarthu.
Is breá le daoine a bheith in ann rud éigin difriúil a chaitheamh, rud éigin speisialta. Tugann na hippy hats an seans dúinn a bheith éagsúil ón duine in aice linn, agus tá an oiread sin éagsúlacht idir na hataí, go bhfuil gach seans nach mbeidh do hata ag duine ar bith eile.
Is réabhlóid de chineál atá sna hataí seo….

Posted by nuacht24 on 02.05.2009 Filed under gné-ailt. You can follow any responses to this entry through the RSS 2.0. You can leave a response or trackback to this entry

Leave a Reply

Spam Protection by WP-SpamFree

2010 © Nuacht24