Féinmharú – tragóid mhór ár linne
Tragóid mhór ár linne é an líon ard daoine a chuireann lámh ina mbás féin. Cuireann tuairim is 500 duine ar oileán na hÉireann lámh ina mbás féin gach bliain.
Agus faoi mar a léirigh figiúirí ón Lárionad Staidrimh, an tseachtain seo, tá ardú i ndiaidh teacht ar an líon sin le bliain anuas. Cad is féidir a dhéanamh?
Ar dtús, d’fhéadfadh an dá rialtas caitheamh leis an fhadhb ar bhealach dáiríre.
Cuireann na céadta duine lámh ina mbás féin, thuaidh is theas, gach bliain, ach níl aon chaint fiú ar straitéis oileánda chun plé leis an fhadhb. Agus níl ach maoiniú suarach ann do na heagrais a phléann leis an fhadhb – €3m ó theas agus níos lú ó thuaidh.
Mar aon leis an fhortún beag a chaitear ar shábháilteacht ar na bóithre (agus tá gá lena leithéid), tá na céadta péas agus oifigeach stáit ag plé le straitéis chun baint de líon na dtaismí bóthair. Ach is dream beag atá fostaithe ag an stát chun plé leis an fhéinmharú.
Caithfidh an dá rialtas a aithint gur fadhb mhillteanach í seo agus caithfidh siad gníomhú i bhfad níos dáiríre agus níos fearr ná mar a rinne go dtí seo.
Tá dul chun tosaigh ann. Táimid ag caint faoin fhadhb ar bhealach nár labhair muid os ard faoi roimhe seo. Táimid ag aithint go bhfuil comhthuiscint agus comhbhá de dhíth ar ghaolta na ndaoine a chuireann lámh ina mbás féin. Ach fós féin, níl an t-airgead ná an tacaíocht stáit á gcur ar fáil.
Agus go dtí go dtabharfaidh an dá rialtas tús áite don fhadhb seo, leanfaidh sé de bheit