Féile Iorrais 2010: snagcheol Eilbhéiseach, píoba Spáinneacha agus scannáin scanrúla
Cúig bliana déag ar siúl anois tá sé cruthaithe ag Féile Iorrais gur fáth a ratha ná na himeachtaí éagsúla, ilghnéitheacha atá oiriúnach do gach saghas cúirialtachta agus do gach aoisghrúpa ar fud Iorrais. Cachimbo a chuirfidh tús leis an bhFéile Idirnáisiúnta Ealaíona Tíre i mbliana.
Cnagbanna ghuthach is ea Cachimbo atá fréamhaithe go daingean i gceol traidisiúnta Cuba, Brazil agus Porto Rico. Beidh siad ag seinm in Eachléim ar an Aoine, 16 Iúil ag 9.00 i.n.I measc na healaíontóirí agus na taibheoirí i mbliana tá: Thali (snagcheol Eilbhéiseach); Catmelodeon (an príomh-amhranaí as Dervish); Fíbín (compántas dramaíochta Gaeilge as Conamara); Tonos (díséad luath-cheoil Gaelach); Clann Devane (damhsóirí cáiliúla ar an sean-nós); James Rae (scríbhneoir amhrán ó Merseyside); Anxo Lorenzo (píobaire ón Spáin); Sara Grey, Ben Paley agus Kieron Means (ceoltóirí tíre Meiriceánacha) agus Peter Crann (teagascóir drumaí Samba). Ealaíontóir eile atá san áireamh ná Mary Foudy O’Halloran as Gaillimh a bhfuil taispeántas léi.
I rith na Féile beidh ceardlanna (drumaí Samba, damhsa ar an sean-nós agus ceol tíre) agus beidh séasúr scannán idirnáisiúnta ag a mbeidh scannáin iontacha le feiceáil ó gach aird den domhan.
Ceann de phríomhchospóiri na Féile ná imeascadh agus tuiscint a chothú agus a neartú idir muintir Iorrais agus pobail eile ar fud an domhain. Mar sin beidh imeachtaí éagsúla na Féile ar siúl in ionaid difriúla mór thimpeall iarthuaisceart Mhaigh Eo – ó Ionad Cuairteoirí Phairc Náisiúnta Bhaile an Chruaich go dtí an t-Ionad Pobal i Cornboy.
Cuirfear tús le Féile Iorrais ar an Aoine, 16 Iúil agus leanfar ar aghaidh leis go dtí an Satharn, 24 Iúil. Tá a lán de na himeachtaí saor in aisce. Caithfear áit a chur in áirithe do na ceardlanna – glaoigh ar 097 81079. Tá na scannáin saor do baill Club Scannáin Iorrais – ballraíocht €5. Tuilleadh eolais ar www.feileiorrais.org, ríomhphost feileiorras@eircom.net nó glaoigh ar 097 81079.
Tá eolas faoi imeachtaí na Féile ar www.errisevents.com
Nach iontach líon na bhféilte atá againn anois… cuireann sé iontach orm i gcónaí.