Fear a’ tSléibhe

le Grainne Nic Fhearaigh

An mó an aithne atá againn ar Dermot Somers mar gheall ar a chláir theilifíse nó mar gheall ar a chuid scríbhneoireachta?

Cén duine againn nach ndearna iontas den tsraith sin, Turais i mBaol, a rinne sé le treibheanna sna Himiléithe nó sa tSibéir agus in áiteanna eile scoite an domhain?

An Bealach ó dheas, dhá shraith dhodhearmadta, a thug suas anuas aillte agus sléibhte na hÉireann muid, thar mullaí agus beanna arda, isteach is amach as ailt agus clasáin agus pluaiseanna.

Ach má bhíomar faoi dhraíocht ag na híomhánna teilifíse, is amhlaidh a bhí muid faoi gheasa le tamall anuas fosta ag íomhánna na bhfocal. Go háirithe sa leabhar iontach sin, Rince ar na Ballaí.

Buaic is teideal dá chéad úrscéal i nGaeilge agus tamall ó shin, tháinig an dara húrscéal uaidh, mar atá, Ar Muir is ar Sliabh.

Agus tá leabhar a ceathair agus leabhar a cúig ar na bacáin, de réir cosúlachta.

“Úrscéal ceann amháin acu,” ar seisean. “Cuntas taistil agus cultúir atá sa cheann eile. Ach ní thiocfadh liom a rá leat cé acu i nGaeilge nó i mBéarla a bheidh siad. Socróidh sin é féin.”

Mura bhfuil an teanga cinnte, an rud atá cinnte, áfach, ná go mbeidh an caighdeán ard céanna ag baint leo sin is  bhain le gach rud eile ar thug Dermot Somers faoi.

Caighdeán a bhí le brath ina leabhar deireanach, Ar Muir is ar Sliabh.

“Tá an spórt guaisbheartaíochta (extreme sport) faoi chaibidil sa leabhar Ar Muir is ar Sliabh,” ar seisean. “Tarlaíonn cuid den aicsean faoi thoinn. Tá teannas mór idir na príomhcharachtair ón tús nó tharla rudaí eatarthu san am a d’imigh. Agus tá rúin eatarthu, rúin atá siad ag iarraidh a cheilt ó na nuachtáin thablóideacha.

“Tá súil as agam go bhfaigheann sé greim ar an léitheoir.

“Bhí mé sásta go háirithe leis an phríomhcharachtar mná ann. Bean í de shaghas nach n-aimseofá i litríocht na Gaeilge go hiondúil. Carachtar iontach nua-aoiseach ar fad. Tá sí ard-éilitheach, ‘attention-seeking’, mar a déarfá.

“Chum mé an carachtar i ndiaidh dom roinnt clár ‘reality TV’ a fheiscint. Is minic carachtair ar na cláir sin a bhíonn ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an phobal nuair a ba cheart dóibh a bheith ag iarraidh a mhalairt.

“Carachtair iad seo a bhfuil rud éigin aisteach ag baint leo, ciontacht éigin. Ba cheart dóibh fanacht siar sa chúlra, ach tá siad ard-éilitheach agus dá thairbhe sin, cuireann siad iad féin os comhair an phobail, ar an bhealach is measa ar fad.”

Is mór idir sin agus an cur chuige atá aige féin ar an teilifís.

“Ní den ghlúin nua mé, an ghlúin sin a bhíonn ag geáitsíocht os comhair an cheamara agus mar sin de,” ar seisean. “Mar shampla, feicim cláir theilifíse áirithe agus bíonn láithreoirí iontu ag magadh agus ag spochadh as daoine dúchasacha.

Dar liom gurb é an t-amadán sa chás sin ná an láithreoir nó an léiritheoir.

“Agus muidne ag déanamh clár fud na cruinne faoi threibheanna agus mar sin de, thaispeáin muid go raibh meas mór againn ar na daoine sin, ar a gcuid traidisiún, ar a dteanga, ar na beithígh agus ar na hainmhithe s’acu.

“Ar ndóigh, cad eile a bheadh agat ach meas nuair a thagann tú i láthair daoine mar iad, daoine a raibh saol crua acu, daoine a bhfuil dínit iontach ag baint leo.”

Dearcadh é sin a thuigfeá do shléibhteoir atá ag dreapadh ó bhí sé 27 bliain d’aois; fear a chaitheann cuid mhór dá shaol amuigh faoin aer agus a bhíonn ag brath go minic ar eolas agus ar chuidiú ó dhaoine dúchasacha.

Ach tá comhbhá as an ghnáth aige leis na treibheanna seo fosta mar gheall ar a chúlra féin. Cionn is gur fear tuaithe é a tógadh ar fheirm in iarthar na hÉireann, i bhfad roimh bhreith an Tíogair Cheiltigh.

“Rugadh mise ar fheirm bheag i gContae Ros Comáin sna 1940í.

“Agus muid ag fás aníos sna 1950í, bhímis ag taisteal i gcónaí chuig an aonach i Ros Comáin le beithígh, le bá, le gamhna srl.

“Tá seantaithí agam ar a bheith amuigh ar an bhóthar le hainmhithe san oíche. Mar sin, nuair a bhím ag taisteal leis na geacanna (yaks) sna Himiléithe, mothaím go bhfuil mé sa bhaile!”

Agus ar seisean, “Tá a cúig nó a sé cinn de thurais le treibheanna éagsúla déanta againn faoin am seo. Ach nuair a thosaím ar a leithéid de thuras, bíonn daoine ag féachaint orm agus iad ag smaoineamh go bhfuil mé róshean don obair seo. Tá mé sna seascaidí, gruaig liath agam agus araile. Braitheann siad go dteipfidh orm an turas a dhéanamh.

“Ach tá seantaithí agam ar an chineál seo anois agus tá mé reasúnta aclaí.

“Nuair a chluineann bunadh na háite mé ag béicíl leis na hainmhithe, tuigeann siad go bhfuil mé inchurtha leis. Nó tá údarás éigin i mo ghuth a théann siar go dtí an t-am sna 1950í nuair a phléigh mé le hainmhithe ar an fheirm.

“Is cuma cén rud a scairteann tú ar gheac – má tá údarás i do ghuth, tuigeann sé duit!

“Téann sé i bhfeidhm ar bhunadh na háite nuair a chluineann siad thú. Agus téann sé i bhfeidhm orthu nuair a thugann siad faoi deara go bhfuil tú ag foghlaim a dteanga; nuair a thuigeann siad nach dream Angla–Mheiriceánach muid, go mbíonn muid ag déanamh clár inár dteanga ársa féin. Go bhfuilimid ag iarraidh meas a chruthú dóibh seachas a mhalairt.”

Bíodh an t-airgead ar fáil chun sraith nua teilifíse a dhéanamh nó ná bíodh, leanfaidh Dermot leis ag dreapadh agus ag scríobh nó is beag rud is mó a shásaíonn é ná an tsléibhteoireacht.

Agus is amhlaidh is iontaí é sin nó is de thaisme a thug sé fúithi, an chéad lá anuas.

“Trí sheans a bhuail mé le daoine ar nós leo dul ag dreapadh,” ar seisean. “Ach a luaithe is a bhuail mé leo, thuig mé go raibh mé ag fanacht lena leithéid feadh mo shaoil agus go raibh sé san fhuil agam.

“Níl mé iontach sciliúil ná láidir agus tógann sé fada orm rudaí a fhoghlaim. Ach tá dúil mhór agam sa tsléibhteoireacht agus níl caill orm mar shléibhteoir.”

Bhí Dermot ar an fhoireann ón tír seo a chuaigh go hEverest in 1993.

“Ba í sin an chéad iarracht a rinne Éireannaigh chun mullach Everest a bhaint amach,” ar seisean.

“In ainneoin na drochaimsire, d’éirigh linn duine amháin, mo chara dil, Dawson Stellfox, a chur chuig an mhullach. Bhí díomá mhór orm nár bhain mé féin an mullach amach, ach bhí mé sásta gur éirigh leis.”

Agus níl aon amhras ann ach go mbeidh Dermot ag leanúint leis an scríobh:

“Cuntas ar mo chuid taistil agus ar mo chuid eachtraíochta thar na blianta a bhí sa leabhar Rince ar na Ballaí,” ar seisean.

“Níl mé cinnte cad chuige ar scríobh mé i nGaeilge é. B’fhéidir cionn is nach raibh a leithéid ann i nGaeilge roimhe. Ní raibh aon chur síos ar Everest i nGaeilge nó ar an Sahára nó a leithéid. Agus thuig mise go mbeadh an Ghaeilge iontach chun a leithéid a chur in iúl.

“An t-am sin, deich mbliana nó mar sin ó shin, d’fhiafraigh cuid mhór daoine díom cad chuige nár scríobh mé i mBéarla é. Nó mhol siad dom é a thiontú go Béarla. Dúirt mé leo, áfach, nach raibh rún dá laghad agam é a aistriú go Béarla. Níl aon rud neamhghnách faoin Ghaeilge díreach cionn is go bhfuil líon chainteoirí na teanga beag – i gcomhthéacs áirithe.

“Bím le Sherpa agus déarfadh sé leat gur lú ná 50,000 duine a labhraíonn a theanga siúd. Agus tá go leor leor teangacha mar sin. Cuid acu a imeoidh taobh istigh de ghlúin nó beirt.”

Agus muid ag caint, bhí sé ag déanamh réidh le dul ar shiúl arís – chuig Neipeal. An mbeidh clár eile againn as? Nó leabhar eile?

Ní fios. Nó agus é ar bharr na cruinne, beidh sé ag baint sult as – an rud is tábhachtaí faoi eachtraíocht Dermot Somers.

 

Scríofa ag ar 19.04.2010 Rannóg gné-ailt.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24