Deichniúr na Cinniúna ag Coláiste Feirste

Reáchtáladh an dara comhdháil débhliaintiúil de chuid na Ceathrún Gaeltachta Dé hAoine seo caite i gColáiste Feirste i mBéal Feirste.
‘Deichniúr na Cinniúna’ an teideal ar an ócáid agus ba é aidhm na hócáide ná aird a tharraingt ar na féidearthachaí iontacha atá anois ann chun socmhainní agus saibhreas na Gaeilge a chur ar fáil do phobal iomlán na cathrach.
Rinneadh pleananna na Ceathrún Ghaeltachta, atá foilsithe ag an chomhlacht Deloitte, a chur i láthair na dteachtaí a bhí ag an chomhdháil agus chuaigh sin agus samhail den cheathrú a cuireadh i gceann a chéile ag an ailtire Tara Florence.
B’ iad An Roinn Forbartha Sóisialta, Bord na Ceathrún Gaeltachta agus Forbairt Feirste a tháinig le chéile chun an ócáid a reáchtáil.
Orthu sin a labhair ag an chomhdháil, a raibh beagnach 150 duine i láthair ann, bhí an Leas Céad Aire, Martin Mc Guinness, agus Margaret Ritchie, an tAire Fhorbairt Sóisialta ó thuaidh.
Agus é ag caint arsa an Leas Céad Aire Mc Guinness, ‘I gcás athbheochan eacnamúil agus sóisialta agus cultúrtha caithfimidne a bheith ar thús cadhnaíochta. Is iad na daoine atá anseo inniu is cúis leis an dul chun cinn iontach a rinneadh sa Cheathrú Gaelachta. Ach caithfidh infheistíocht a bheith mar chuid den fhorbairt seo, go fiú in am seo na srianta airgeadais.’
Arsa Margaret Ritchie, “Tá sainmhíniú tugtha d’fhorbairt agus d’fhís fad-téarmach na Ceathrún Gaeltachta mar dhorchla a cheanglaíonn Lár Chathair Bhéal Feirste ó Shráid an Chaisleáin go Baile Andarsan, agus gurb é an ceantar thart ar an Chultúrlann croí an dorchla seo” arsa an tAire Ritchie. “Ar ndóigh, is mó i bhfad na dorchla feidhmiúil atá i gceist.
Nó fíor-áit atá ann ina bhfuil fíor-dhaoine le fíor-ardmhianta a mheallfaidh suime agus a chuirfidh ar fáil a carachtar beo bríomhar do chuairteoirí agus do dhaoine áitiúla araon.
Cuideoidh sé le Béal Feirste a athghiniúint agus a shaibhriú.”
Luaigh Seán Mistéil, Cathaoirleach Forbairt Feirste go gabhann an Cheathrú Ghaeltachta fuinneamh na hathraithe atá ag titim amach i mBéal Feirste.
“Is áit í seo a spreagann feabhas phobail agus gnóthachtáil phearsanta bíodh sé sin sa seomra boird, sa seomra ranga, san amharclann nó ar pháirc an imeartha.”
“Chomh maith leis sin tugann an Cheathrú Ghaeltachta ardán suntasach do Bhéal Feirste lena tiomantas do chothromas, do cheartas sóisialta agus do na deiseanna uile a théann leis.
Is féidir le Béal Feirste, trí iarrachtaí an uile dhream, a bheith ina ábhar bróid dá saoránaigh uile.
Agus plean na Ceathrún Gaeltachta a lainseáil aige arsa Ciarán Mackel, Cathaoirleach Bord na Ceathrún Gaeltachta:
“Is cuid den dúchas againn a bheith ag smaoineamh chun tosaigh, ach caithfidh ár gcuid oibre anois a bheith dírithe ar chur i bhfeidhm agus ar sheachadadh. Inár n- obair ar son na teanga agus ar son an chultúir tá sé de dhualgas orainn a chruthú go bhfuil na hacmhainní a úsáideann muid ag dul chun tairbhe go soiléir don phobal.
Ach is dúshlán agus dualgas é sin atá ar an rialtas chomh maith.
Caithfidh siadsan, sa dóigh a dháileann siadsan acmhainní, caithfidh don rialtas a léiriú go bhfuil siad ag caitheamh le gach duine is pobal go cothrom agus ar bhealach a théann chun tairbhe gach duine is gach pobal.
Is tástáil litmis air sin An Cheathrú Ghaeltachta agus an dóigh a chaitheann siad leis.’
maith thú eoghain go fóill chun tosaigh i gvúrsaí nuachta i ndiaidh 30 bliain
is furast ag mo mhacasamhail a bheith ag gearán agus daoine eile ag déanamh a ndíchill an tógra seo a chur chun tosaigh ach ní shin le rá nár cheart an rud a chur faoi chaibidil agus an caibidil sin a bheith déanta i nGaeilge. Dar liom go bhfuil fís na Ceathrún Gaeltachta míníthe agus athmhinithe an oiread sin gur geall le tromluí anois í seachas fís. De na daoine uilig a labhair ag an chomhdháil ní raibh ann, dar liom ,ach Tony McCusker ag dúirt aon rud a bhí ag baint h-abhar agus nach raibh cloiste againn fiche uair roimhe. (admhaím gur scéal scéil atá anseo nó ní raibh mé ag an Chomhdháil) ach labhair sé de réir mar a chluinim ar thógraí beaga ealaíona agus ceardaíochta a bheith lonnaithe san áit agus ciallaíonn sin greim a fháil ar na siopaí beaga atá sa cheantar agus díriú ar iad a líonadh le le healaíonn agus ceardaíocht agus earraí de dhéantús na hÉireann. Bheadh gach siopa ina cheardlann a dtiocfadh le turasóirí obair a fheiceáil dá déanamh ann. Ó thaobh na ceathrún Gaeltachta de is é “an rud atá beag an rud mór” dar liom agus caithfidh an Ghaeilge a bheith lárnach ann. Tá ag teip ar an choiste sin a chinntiú dar liom. Bunaíodh dhá bhialann ar na mallaibh agus gan focal Ghaeilge ag baint le ceachtar acu de réir mar a thuigim agus Dia idir sinn agus gach olc tá ceann amháin acu toirbhite do “Glasgow Celtic” , barr shamháil an tseicteachais creidimh dar lena lán. Ba chuma liom ach dream”Gaelach” a thug dóibh é. Nach raibh focal ar bith ag Coiste na Ceathrúna ar cé gheobhadh sin? Tá Caifé na Cultúrlanna féin ar an dóigh anois gur chomh dócha lena mhalairt nach seirbhís fríd mhéan na Gaeilge a gheobhfá. Is leor sin den Rant an iarraidh seo ach tá an coiste seo de réir cosúlachta chomh ardaidhmeanach go bhfuilthear ar tí ciall a chailleadh ar an réadúlacht!