Craic is comhrá in Sydney

le Máirtín Mag Uidhir in Sydney na hAstráile

An deireadh seachtaine seo chuaigh tart, chruinnigh thart fá ceithre scór Gael le chéile in Sydney lena gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a fheabhsú, nó le cúpla focal afhoghlaim. Ba í seo an t-ochtú Scoil Gheimhridh in Sydney agus gach bliain an líon daoine ag méadú.  I mbliana bhí sé chomh Gaelach agus chomh sultmhar is a bhí sé an chéad lá riamh agus ba mhór an tógáil chroí é do gach duine a bhí i láthair.

Daoine de shliocht, nó de bhunadh na hÉireann formhór na ndaoine a bhí ag freastal ar an imeacht , ach ba díol suntais é go raibh roinnt daoine eile ann ó chúlraí éagsúla a bhfuil suim mhór acu inár dteanga dhúchais chomh maith. Rinne Mahesh Radhkrishnan as Srí Lanca cur i láthair thar a bheith suimiúil agus é ag cur síos ar amhránaíocht a thíre féin.

Agus rinne sé nascadh maith idir na hamhráin siúd agus amhráin i dtraidisiúin na nGael.

Bhí Elke Watson arbh as Nuremberg ó dhúchas í ag freastal ar an scoil lena hiníon Holly, agus b’fhiánta an chraic a bhain siad as a bheith ann. Is í Elke a bhunaigh an comhlacht iontach sin, An tIora Rua. Ní amháin go bhfuil sí i ndiaidh Gaeilge mhaith a fhoghlaim , ach bíonn sí ag soláthar acmhainní d’fhoghlaimeoirí na teanga ar fud an domhan chomh maith, ar bheagán brabúis (nó brabús ar bith) di féin.

Bhí bean eile as an Ísiltír i láthair, lena beirt iníonacha atá á dtógáil le hOllainis agus le Gaeilge aici agus ag a n-athair Marc, ar Corcaíoch é ó dhúchas.

Oíche Dhomhnaigh bhí ceolchoirm mhór sa halla mór, agus bhí craic den chéad scoth ann. Ba shoiléir go raibh tallann as cuimse ag lucht na scoile agus iad i mbun dramaíochta, amhránaíochta, damhsa agus gach uile sórt siamsa.

Nuair a cuireadh deireadh leis an scoil Dé Luain, chuaigh scaifte beag go Reilig Waverley chun leac cuimhneacháin 1798 a fheiceáil.

An tAthair Mícheál Ó Suilleabháin a bhíonn i mbun na cuairte seo gach bliain, agus is corraitheach an turas é i gcónaí.

Is ardú croí dúinn i gcónaí a fheiceáil go bhfuil an teanga beo ar an taobh seo cruinne, agus is mó an t-ardú croí a fheiceáil go raibh daoine óga agus páistí i láthair.

Bhí roinnte daoine ann lena gcuid páistí atá á dtógáil le Gaeilge abhus san Astráil, agus b’shin an rud is dearfaí a bhain mise as an scoil. Phléigh na tuismitheoirí seo fadhbanna a bhain le bheith i gcéin le Gaeilge, agus ba mhór an tacaíocht dá chéile an tuiscint a bhí againn ar chás a chéile. Easpa deiseanna comhrá an fhadhb a bhí ag cur as formhór na dtuismitheoirí.

Cé go bhfuil Skype agus a leithéid ina n-uirlísí maithe sa lá atá inniu ann, bhíothas ar aon intinn nach bhfuil aon rud níos fearr ná fíor-dhaoine ag suí síos le chéile agus ag labhairt Gaeilge leis na páistí.

Tá neart acmhainní ar fáil ar líne anois, agus dúradh uair nó dhó go raibh cuid mhaith de thuarastal na dtuismitheoirí ag dul go leithéidí Oideas Gael agus Litríocht.com, ach b’é an easpa comhrá an rud a bhí ag dó na geirbe gan amhras.

D’aontaigh gach uile duine go mbeadh feidhm agus sochar ag baint le ciorcal comhrá, ach tá achar millteanach idir an chuid is mó de na teaghlaigh sa tír ollmhór seo.

D’ainneoin sin, chinn muid go mbeadh níos mó cumarsáide eadrainn ar fad, agus go mbeadh gach deis á tapú le Gaeilge a labhairt le chéile, agus leis na páistí. 

Tá ardmholadh tuillte ag muintir na scoile as a ndíograis agus a gcuid oibre. Bhain an deoraí seo sult fiánta as an deis Gaeilge a labhairt agus a theagasc do dhaoine anseo. Beidh m’iníon féin i Sydney liom an bhlain seo chugainn!

Scríofa ag Eoghan Ó Néill ar 25.06.2010 Rannóg gné-ailt.

1 Nóta Tráchta ar “Craic is comhrá in Sydney”

  1. Gael Laighean

    An-mhaith, deas scéaltaí ónár bpobal domhanda a léamh.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24