Cén Gaeilge ar Vuvuzela?

le Seán Fennell

Tá Corn an Domhain san Afraic Theas 2010 thart, críochnaithe, déanta, ní bheidh a leithéid arís ann. Sílim féin cibé ar bith.

Scríobhadh agus dúradh a lán fán chomórtas seo sular thosaigh sé ach fíoradh a lán aislingí agus tháinig tuar fána lán tairngreachtaí, bhuel chan mo thairngreacht féin, nuair a chuir mé geall deich bpunt ar An Airgintín ag tús an choirn.

Thiocfadh leat leabhar a scríobh gan amhras fán chraobh iomráiteach seo, mar sin de, beidh mé gairid, gonta agus le fiche focal a chur in aon fhocal amháin. Seo iad na cuimhní cinn.

Vuvuzela, an gleas ceoil a rinne damáiste dár gcluasa le mí anuas, comhbhrón do mhuintir Afraic Theas nach ndeachaigh fríd go dtí an chéad bhabhta eile, Greenwood cúl báire na Sasana- fear grinn an chomórtais, díoltas tuillte ag na Francaigh agus Les Blues ar shiúl ‘na bhaile, An Iodáil, an Azurri buaiteoirí 2006 nár bhain oiread is cluiche amháin! Iontais eile Nua Shealáinn, An tSeapáin agus Coire Theas agus na tíortha beaga ó Mheiriceá Theas- Diego Armando Maradona ina chulaith ar an taobh line ag doirteadh grá ar a imreoirí.

Tarraing anáil, an bhfuil sibh liom? Airgintín agus an Bhrasáil ag dul amach sna cluichí ceathrú ceannais, Messi gan chúl ar bith a scoráil, Sneidjir na hIsiltíre, Mueller na Gearmaine, Forlan ón Uruguay ag scoráil gan stop, An Spáinn Tika Taka agus ag baint 1-0 trí chluiche ina dhiadh a chéile, cuma chraobh na hEorpa ar an chomórtas anois, Uruguay fágtha ó Mheireceá Theas, tír bheag bhídeach le daonra 3.5 mhilliun, Maith hiad ach ab é Suarez agus Lámh Dé a dó, Ghana amach sa chluiche is drámatúla dá bhfaca mé riamh.

Dia Ár Sábháil. Anois, táimid ag reachtáil amach as spas, fan liom… Ceathrú áit-Uruguay, Suarez agus Forlan thar barr, an Forlanach céanna a raibh ag streachtailt le Man Utd. Triú háit-An Ghearmáin, Klose, Podolski, Lahm agus imreoir na craoibhe Bastien Schwartsteiner- coinnigh súil orthu amach uaidh seo- Ghread said Foireann Diego agus na Sasanaigh, oh, rinne mé dearmad fá chúl éigin agus fear ó Chelsea, an cuimhin le duine ar bith? Ar chuala sibh aon rud? Dara háit-An Oranje, Isiltír, total bootin chan total football! Buaiteoirí-An Spáinn- muintir Chatalonia, imreoirí Bharcelona le bheith beacht agus cúpla duine eile.

Maith hiad. Am istigh, spás líonta. Déanta.

Ní bheidh a leithéid arís ann go ceann ceithre bliana sa Bhrasáil.

Scríofa ag ar 13.07.2010 Rannóg gné-ailt.

1 Nóta Tráchta ar “Cén Gaeilge ar Vuvuzela?”

  1. Gael Afraice

    Bhúbhúiseála?

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24