Campa samhraidh Feachtas i mBÁC

Beidh Feachtas Óg-ghluaiseacht na Gaeilge ag bunú campa samhraidh Gaeilge nua i mBaile Átha Cliath i mbliana. Beidh an chéad champa ar siúl i meánscoil Mater Christi i bhFionnghlas ón 28ú Meitheamh go dtí an 2ú Iúil agus beidh sé ar siúl gach lá óna 10r.n. go dtí a 3i.n. Is do dhaltaí idir 12 agus 18 bliana d’aois an campa.

Beidh ranganna Gaeilge ar siúl gach maidin againn agus um thráthnóna beidh imeachtaí difriúla ar bun againn ar nós spórt, ealaín, drámaíocht agus ceol.

        Is deis iontach é an campa seo dóibh siúd atá ag iarraidh a gcuid Gaeilge a fheabhsú agus chun An Ghaeilge a fhoghlaim i suíomh taitneamhach agus spraoiúil.

Níl ach costas €70 ar an gcampa agus beidh turas lae eagraithe chomh maith. Beidh lascainí clainne ar fáil freisin.

       Chun níos mó eolais a fháil ar an gcampa samhraidh téigh i dteagmháil linn ag:

Ursula Ní Shionnáin

Feachtas Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge

10 Sráid na Mainistreach

Baile Átha Claith 1

 

Uimhir Theileafón: 01 8786424

 

Ríomhphost: ursula.feachtas@gmail.com

Scríofa ag ar 07.06.2010 Rannóg gné-ailt.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24