Bunscoil an Iúir – 20 bliain ar an fhód
Bhí fáiltiú cathartha ag Comhairle an Iúir agus Mhúrn le 20 bliain de bhunscolaíocht an Iúir a chomóradh.
Fiche bliain ó shin, le tacaíocht ó Mhaolcholaim Scott, Oifigeach na Gaeilge de chuid Chomhairle an Iúir agus Mhúrn, tháinig baicle bheag tuismitheoirí le chéile ar an Iúr, a raibh ar intinn acu bunscolaíocht trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil dá bpáistí féin.
I mí Mheán an Fhómhair 1989 d’oscail Treasa agus Réamainn Ó Cearbhail a dteach do na chéad dáltaí de Bhunscoil an Iúir. Ina dhiaidh sin tháinig na blianta de thiomsú airgid, d’fheachtais agus de stocaireacht.
Ón tús beag seo fíoradh an fhís agus sa lá atá inniu ann, tá rath ar Bhunscoil an Iúir i Sráid Chill Mhuirí. Cuireann Bunscoil an Iúir Gaeloideachas ar fáil do pháistí a soláthraíonn foinse ríluachmhar shaibhreas teanga agus friotal nach bhfuil ar fáil in aon áit eile sa cheantar. Ón tsíol beag seo tá an Ghaelscolaíocht faoi bhláth i gceantar an Iúir agus Mhúrn le breis is trí chéad páistí ag freastal ar bhunscoileanna agus naíscoileanna sa cheantar.
Aithníonn an Chomhairle tábhacht na bunscoile mar bhunchloch i bhforbairt phobail na Gaeilge. Dúirt an Méara i gcomhréir le Polasaí Dátheangachais na Comhairle go leanann an Chomhairle tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt Ghaelscolaíochta agus d’fhorbairt phobal na Gaeilge sa cheantar.
‘I gcothú na dtuismitheoirí a bpáistí á dtógáil le Gaeilge thiocfadh linn marthanacht fadtéarmach na teanga a dhaingniú. Is í an Ghaelscolaíocht an modh is tábhachtaí líon na nGaelgeoirí a mhéadú sa mheánthréimhse. Anocht tréaslaímid tuismitheoirí na linne a roghnaíonn a gcuid bpáistí a thógáil trí mheán na Gaeilge agus déanaimid comóradh iarrachtaí misniúla an dream bhig ar thug aghaidh ar sholáthar bhunscolaíocht na Gaeilge do pháistí an cheantair.’
Comhghairdeas le gach duine ag an scoil. Scór bliain ag dul ó neart go neart.
ach cad é fá dtaobh an chéad cheim eile. is léir go bhfuil meánscoil de dhíth orainn don cheantar anois.
Maith sibh Gaeil an Iúir – gach rath oraibh amach anseo agus go rachaidh an scoil ó neart go neart!