Basil Mc Laughlin – fear a thóg seasamh ar son na fírinne

Is iomaí cuimhne a bheidh ag daoine ar Basil McLaughlin a fuair bás i mBéal Feirste, Dé Céadaoin, in aois 74.
Cuimhneofar air mar fhear céile, mar chomhoibrí, mar chara, mar ghrianghrafadóir agus mar DJ a bhí paiseanta faoin snagcheol agus faoin cheol traidisiúnta.
Agus mar ghalfaire!
Beidh míle cuimhne ag daoine air.
Ach thar aon rud, cuimhneofar air mar gheall ar an seasamh cróga a thóg sé, go luath ina shaol, nuair a léim sé isteach sa Bhearna Bhaol, beag beann ar a leas féin.
In 1971, bhí Basil ar bhunaitheoirí an Andersontown Civil Resistance Committee, grúpa a bhí i dtús cadhnaíochta ar an troid i gcoinne an imtheorannaithe.
Agus i mí na Samhna 1972, le brabach a tógadh ó dhíol an cheirnín, ‘Men Behind the Wire’, bhunaigh Basil The Andersonstown News.
Thosaigh an nuachtán le 12 leathanach, ach inniu, tá 140 leathanach ann agus trí cinn de shiúrpháipéir mar chuideachta aige.
Státseirbhíseach ab ea é ag an am agus thug na húdaráis rogha dó – an nuachtán nó a phost. Roghnaigh sé dul leis an nuachtán.
“Rinne sé rogha uasal,” arsa Máirtín Ó Muilleoir, ceannasaí ar Ghrúpa Meán Bhéal Feirste, foilsitheoirí The Andersonstown News.
“An té a thug iarracht an fhírinne a rá faoina raibh ag titim amach sa tuaisceart in 1972, bhí sé á chur féin in áit na contúirte. Ach rinne Basil amhlaidh.
“Bhí dhá rud le sonrú go háirithe i gcás Basil. Choinnigh sé an fhírinne chun tosaigh sna rudaí a rinne sé. Bhíodh a mhalairt de nuacht is de thuairim le léamh ar The Andersonstown News ná mar a bhí le léamh san nuachtáin eile nó le clos ar an BBC/RTÉ srl.
“Agus lena chois, chuir Basil bonn maith eacnamúil faoi The Andersonstown News, rud a bhí deacair sna 1970í nuair nach raibh mórán acmhainn airgeadais i mBéal Feirste Thiar.”
Ní hé amháin go raibh Basil ag eagrú agóidí agus feachtais i gcoinne an imtheorannaithe don Andersonstown Civil Resistance Committee, ach lena chois, bhíodh sé ag tógáil grianghrafanna ag na hagóidí sin agus á dtuairisciú.
Roinnt uaireanta, buaileadh é le piléar plaisteach agus é ag iarraidh grianghraf a thógáil ag agóid.
Ní raibh oiread sin Gaeilge ag Basil, ach bhí sé riamh cuiditheach do lucht na teanga agus chuir sé fáilte i gcónaí roimh Ghaeilge a bheith ar The Andersonstown News.
I lár na 1970í, chuaigh Basil i bpáirt le daoine ó Ghaeltacht Bhóthar Seoighe chun dlús a chur leis an nuachtán agus d’éirigh leo dul chun tosaigh go maith.
“Tá dhá sórt eagarthóra ann,” arsa Séamas Mac Seáin. “Eagarthóir a bhíonn ag scríobh cuid mhór. Agus de rogha air sin, eagarthóir a eagraíonn. Ba den dara sórt é Basil. Bhí sé iontach maith ag eagrú, rud a bhí de dhíth chun dlús a choinneáil leis an pháipéar.
“Fear é a bhí riamh sásta cuidiú le cur chun cinn na Gaeilge agus a thacaigh i gcónaí leis an chuid againn sa pháipéar a bhí ag cur áiseanna taobh thiar den athbheochán.”

Posted by nuacht24 on 05.02.2010 Filed under gné-ailt. You can follow any responses to this entry through the RSS 2.0. You can leave a response or trackback to this entry

Leave a Reply

Spam Protection by WP-SpamFree

2010 © Nuacht24