Barr 50 2010



Tá oiread de fhiontraíocht is de bhrí is de shamhlaíocht (gan a lua cumas is éifeacht) i saol na Gaeilge agus nach ndéantar iontas de a thuilleadh.
Ach le blianta anuas anois tá Grúpa Meán Bhéal Feirste ag cinntiú de nach ndéanfaimid neamhiontas den tallann iontach atá le sonrú, idir óg agus aosta, i measc lucht gnó a bhaineann tairbhe as an Ghaeilge.
Barr 50 na Gaeilge is teideal den mhórimeacht a bhíonn ann gach bliain agus a thugann aitheantas do 50 comhlacht forasach a dhéanann Gaeilge a úsáid ina gcuid oibre. Agus bronntar gradam ar leith ar sheacht gcomhlacht a bhaineann barrfheabhas amach i roinnt rannóga.
I mbliana bhí an imeacht Barr 50 ann i dTeach an Ard Mhéara i mBaile Átha Cliath.
Ba é Páidí Ó Lionáird a chuir na gradaim i láthair agus bhí aitheaisc ann ó Liam Ó Maoilmhíchil, cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, agus ó Phat Carey, Aire na Gaeltachta.
Bhí tabla d’aoianna ó Chúrsa Fiontair ag Ollscoil Chathair Átha Cliath agus as Ollscoil na Trionóid orthu sin a bhí i láthair. Bhí réimse iontach leathan d’earnálacha faoi chaibidil ag an ócáid, orthu sin an teicneolaíocht, cúrsaí ealaíne, gnóthaí cumarsáide, miondíolachán agus an earnáil phoiblí.
Agus ar ndóigh ó tharla gur imeacht uile Éireannda ann ba as na ceithre cúige de na ghnóithe éagsúla.
Ba iad ‘Maithú’, comhlacht teicneolaíocht faisnéise a bhuaigh an gradam Gnó Gaeilge na Bliana.
Déanann an comhlacht feidhmchlár bhogearraí do ghutháin phóca agus do ríomhairí a fhorbairt chomh maith le láithreáin gréasáin.
Tá an comhlacht ag dul ó neart go neart agus bhain sé conarthaí móra amach i mbliana le boic mhóra ó earnáil na teileachumarsáide amhail Samsung.
Agus ba iad ‘Maithú’ a chruthaigh an feidhmchlár agus foclóir ‘Gaelfón’ atá ar fáil ar gach fón póca Samsung sa tír.
Bhain comhlacht teileachumarsáide eile, METEOR an Gradam do Sheirbhís Gnó trí Ghaeilge de bharr gur chruthaigh sé seirbhís teachtaireachtaí gutha nua a fhreastalaíonn ar chustaiméirí le Gaeilge.
Is í seo an chéad tseirbhís den sórt sin atá ar fáil agus tugann sé deis don chustaiméir an bosca teachtaireachtaí a cheadú trí Ghaeilge más mar sin is mian leis.
Níor rinneadh neamhaird ar éachtaí a baineadh amach i réimse cumarsáide eile, sa chraoltóireacht ach oiread nuair a bronnadh Gradam Pobail ar an stáisiún, Raidió na Life 106.4FM atá tar éis cur go suntasach leis an rogha leathan clár atá á sholáthar acu do phobal na hArdchathrach i mbliana.
Tugadh aitheantas don cheannródaíocht atá léirithe ag an BSL i réimse na fógraíochta agus margaíochta trí Ghaeilge chomh maith agus ainmníodh Fionnbarra Ó Brolcháin mar cheannródaí gnó na bliana.
Tá cur síos cuimsitheach ar an chomhdháil inné ar An Cheathrú Ghaeltachta agus ar an Bharr 50 ar Nuacht TG4 - féach beo player an stáisiúin.
Agus ba iad na seachtar a bhain gradaim ar leith ag Barr 50 na Gaeilge,
Seirbhísí Gaeilge ag comhlacht san earnáil phoiblí: An Roinn Forbartha Réigiúnaí sa Tuaisceart.
Gradam Gnó na Gaeltachta (urraithe ag Údarás na Gaeltachta): Abú Media.
Ceannródaí Gnó na Bliana: Fionnbarra Ó Brolcháin.
Gradam Margaíochta Gaeilge: Bord Soláthar Leictreachais.
Gradam Pobail: Raidió na Life
Gradam Seirbhísí Gaeilge: Meteor
Gnó na Bliana: Maithú
Tá eolas faoi na buaiteoirí ar fad ar fáil ar www.belfastmedia.com/barr50gno.
Tá liosta thíos den 50 comhlacht a fuair aitheantas ag Barr 50 na Gaeilge.
Comhghairdeas leo.
Na pictiúirí: Emer Ní Chéidigh, eagarthóir Foinse, ag bronnadh Gradam Ceannródaí na Bliana ar Fhionnbarra O Brolcháin.
Ciarán Dunbar, eagarthóir Gaelscéal, ag bronnadh Gradam do Sheirbhísí Gaeilge ag comhlacht san earnáil phoiblí ar an DRD ó Thuaidh. Ón DRD bhí Brendan Devlin, Margaret Langhammer agus Tim Laverty.
Connla Lawlor ó Ghrúpa Meán Bhéal Feirste le Diarmuaid Mac Mathúna agus Deaglán Ó Mocháin from ón nua chomhlacht Dearcán Media i nDoire.
Páidí Ó Lionáird as 7 Lá ar TG4 i mbun na hócáide.
| Abú Media |
| Accenture |
| An Builín Blásta |
| An Roinn Forbartha Réigiúnaí |
| Angel Marketing |
| Bábógbaby |
| Bácús Uí Ghríofa |
| Beo.ie |
| Caifé Feirste |
| Cló Iar-Chonnachta |
| Coiste Forbartha Charn Tóchair |
| Comharchumann Mhúscraí |
| Comhlacht Forbartha na nDéise |
| Con Clarke |
| Conor Allen |
| Cruinneog |
| Dearcán |
| Denis Murphy |
| Dr Brian Ó Ceallaigh |
| Druids Glen |
| Emer Ní Chéidigh |
| ESB |
| Fíbín Teo |
| Fionnbarra Ó Brolcháin |
| Fujifilm Ireland |
| Gaelscéal |
| Guth Gafa |
| Imbolc |
| Inside Ireland |
| Ionad Cultúrtha Baile Bhúirne |
| Kipper Estate |
| Lee Valley Walking |
| Litriocht.com |
| Lohans Bar & Restaurant |
| Máire Ua Thuathail |
| Maithú |
| Meteor |
| Michael Quinn |
| Noreen D’Arcy |
| Ollmhargadh an tSíthigh |
| Raidió na Life |
| Raidió Rí Rá |
| Rua Media |
| Sainsbury’s |
| Socos |
| Spraoi |
| Sugru |
| Teach Mháire Luke |
| Translink |