An Téalainn – bagairt is bás

Ní thig linn cúlú anois.

Bhí Príomh Aire na Téalainne Abhisit Vejjajiva neamhbhalbh ina chuid cainte Dé Luain.

Rud neamhghnách sa Téalainn.

Is Budaigh iad na Téalannaigh  agus is nós leo comhréiteach a lorg go fiú ag an bhomaite deiridh.

Ach thug caint an Phríomh Aire le fios go bhfuil sé maíte ar an ghluaiseacht Dearg a bhriseadh, cibé praghas a bheidh le híoc as sin a dheanamh.

Agus íocadh praghas millteanach go dtí seo.

35 a maraíodh sa bhabhta fornirt a tharla ag deireadh na seachtaine agus líon na marbh ag méadú i gcónaí.

Gortaíodh na céadta, orthu sin maor san arm a bhí ag taobhú le lucht ‘Dearg.’

Snipéir a scaoil e agus é ag caint le hiriseoirí.

Fuair sé bás Dé Luain.

Tá iriseoir ó Cheanada i mbaol an bháis i ndiaidh do saighdiúirí e a scaoileadh.

Ach is iad gnáthphobal Bangkok is mó a maraíodh.

Cuid acu a bhí ag agóid go síochánta ar son toghchán daonlathach (bhí ról lárnach ag an arm sa toghchán deireanach agus briseadh an rialtais deiridh)

Agus cuid eile a bhí díreach ag siopadóireacht nó ag siúil síos na sráide nuair a scaoileadh iad.

Tá an tóin tite as an turasóireacht, tá infheisteoirí ag teitheadh ón Téalainn agus tá íomhá na tíre scriosta fud na cruinne.

Bhain diongbháilteacht lucht agóide, daoine bochta don chuid is mó, bhain sé siar den rialtas agus den arm.

Tá an ghluaiseacht dearg ag iarraidh go mbeadh toghchán nua ann. Dar leo gurb é an t-arm agus an aicme is saibhre sa tír a bhris ar an rialtas deiridh agus a thug ar an iarPhríomh Aire Thaskin Shinawatra dul ar a sheachaint.

Níl ceachtar den da thaobh chun géilleadh de réir dealraimh.

Ach tá an buntáiste faoi láthair ag an arm agus ag an rialtas.

Diaidh ar ndiaidh tá siad ag brú lucht agóide amach as na cearnógaí agus na n-ostán móra i lár Bangkok.

Ach anois go bhfuil an t-arm agus an rialtas ag dul i muinín an fhornirt tá gach seans ann go rachaidh lucht agóide i muinín fornirt iad féin.

Agus seachas agóidíocht is baol go rachadh an Téalainn i dtreo cogadh na gcarad.

Scríofa ag ar 17.05.2010 Rannóg gné-ailt.

1 Nóta Tráchta ar “An Téalainn – bagairt is bás”

  1. Fearn

    Tá mo chroí leo.

    Siad fíoroidhrí Luain na Cásca a chaith Éireannaigh i ndrámhaoíl

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24