Amhras faoi thoghchán Bhurma

“Ba é athair Aung Suu San Khi ‘Michael Collins’ Bhurma. Agus go mí-ádhúil, ar nós Collins, scaoileadh chun báis é agus iad ar tí neamhspleáchas a bhaint amach ón Bhreatain.”

Tá Gaeilge ar a thoil ag Hugh Barrett, urlabhraí le Burma Action Ireland (BAI), fear a chaith 10 mbliana ina chónaí sa Téalainn agus as a thaithí ansin, a chuir suim i gcúrsaí Bhurma.

Is in 1988 a chuaigh sé chun na Téalainne, díreach an t-am a bhí an ghluaiseacht NDL agus a ceannaire, Aung Suu San Kyi, á gcur faoi smacht.

“Bhí go leor leor de na daoine a bhí ag cur i gcoinne an smachta lonnaithe sa Téalainn ag an am agus orthu sin, bhí Michael Aris, fear céile Aung San Suu Kyi,” ar seisean.

“Bhuail mé leis agus i bhfírinne, chuaigh sé i bhfeidhm orm. Fear lách, fear léinn a bhí ann, seachas neach polaitiúil, ach bhíodh sé ag taisteal ó cheann ceann na Téalainne ag iarraidh daoine a spreagadh chun tacú leis an ghluaiseacht ar son na saoirse agus lena bhean. Spreagadh mise agus tá mé spreagtha fós, fiú agus mé ar ais in Éirinn.”

Dar leis go bhfuil cosúlachtaí móra idir cás na hÉireann agus cás Bhurma go stairiúil. Am an éirí amach ar son na saoirse, bunaíodh Club Leabhar Náisiúnta a raibh sé mar aidhm aige meon na saoirse a chothú sa phobal. Bhí 101 leabhar ann.

Ba leabhair ar Mhicheál Ó Coileáin 21 acu, beirt ar Dev, agus ceann an duine ar Phádraig Mac Piarais agus ar James Connolly.

“Ach ó na 1970í ar aghaidh, tá an pobal i mBurma faoi smacht ag rialtais mhíleata agus gan faill acu an tsaoirse ná an daonlathas a chur chun cinn,” arsa Hugh.

“Is maith a thuigeann an rialtas ann dá mba rud é gur lig siad saor Aung San Suu Kyi go mbeadh bua gan stró aici i dtoghchán. Mar sin, tá siad ag iarraidh am a cheannach dóibh féin, ag iarraidh a chinntiú nach mbeidh sí in ann an pobal a eagrú. Dá bhfágfaí fúthu é, choinneodh siad Aung San Suu Kyi faoi ghlas go ceann 10-20 bliain eile.”

Tá BAI sásta leis an seasamh atá ag an rialtas agus, don mhórchuid, leis an seasamh atá ag rialtas na Breataine ar cheist Bhurma. Ach tá sé deacair faoi láthair bheith dearfach, go háirithe agus smacht chomh docht daingean sin ag an rialtas míleata ar an saol i mBurma.

“Tá sé thar a bheith deacair a fheiceáil cad é mar a bhrisfear ar chumhacht na ndeachtóirí,” arsa Hugh. “Ach bíonn fadtréimhse i gceist leis na rudaí sin agus tchí tú go bhfuil an scéal i mbéal an phobail anois, níos mó ná mar a bhí le fada an lá, agus go bhfuil a lán rudaí dearfacha eile ag titim amach.

“Tá an tSín lárnach sa scéal, áfach. Tá tionchar iontach mór acu ar rialtas Bhurma agus mar sin, tá sé tábhachtach an brú a choinneáil orthu sin. Tá glór ag gach duine againn agus nuair a thagann muid le chéile, cloistear an glór sin. Mar sin, tá sé rí-thábhachtach do dhaoine oibriú le Burma Action Ireland agus lenár macasamhail chun a chinntiú go mbeidh athrú polasaí ann i mBurma agus go mbainfidh an pobal ansin an caighdeán saoil amach a ba dhual dóibh.”

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi BAI agus a chuid oibre ar www.burmaactionireland.org

Scríofa ag ar 13.05.2010 Rannóg gné-ailt.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24