Tóstal mór na Gaillimhe
Deir an Teachta Dála, Cyprian Brady, gur cheart do chomhairle Bhaile Átha Cliath gan dul ar aghaidh leis an chóras moillithe tráchta atá á chur i bhfeidhm i mBaile Átha Cliath.
Bhí tiománaithe, den chuid is mó, thar a bheith míshásta leis an chóras go dtí seo, ach chuir rothaithe agus coisithe fáilte roimhe. Dar leis an Teachta Brady (FF) go mbeidh costas €1m ar chur i bhfeidhm agus ar bhainistiú an chórais agus nach bhfuil sin ag cur san áireamh luach an ghnó a chaillfidh siopadóirí.
Ach tá comhairlí i roinnt cathracha eile, Luimneach agus Corcaigh san áireamh, ag smaoineamh ar ar chóras moillithe tráchta a thionscnamh ina gcathracha siúd.
Beidh Tóstal na Gaeilge ar siúl i mbliana, 26 – 27 Feabhra, sa Salthill Hotel, Gaillimh.
“Ó Aidhm go Feidhm” a bheidh mar theideal ar an chomhdháil seo, atá á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, agus díreofar ar chur i bhfeidhm Straitéis Fiche Bliain an Rialtais don Ghaeilge.
Osclóidh An tAire Éamon Ó Cuív, TD, Tóstal na Gaeilge 2010 go hoifigiúil, agus tabharfaidh Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, eochairchaint an Tóstail.
Ar dhuine de phríomhchainteoirí an Tóstail beidh an tOllamh Colin Williams, ó Ollscoil Cardiff sa Bhreatain Bheag. Beidh a chaint siúd dirithe ar conas plean teanga a chur i bhfeidhm. Pléifidh an tOllamh Dónall Ó Baoill modhanna measúnaithe ar chur chun cinn teanga agus labhróidh an Dr Conchúr Ó Giollagáin agus an Dr Brian Ó Curnáin ar ‘Mionteanga agus Mórtheanga i Ré na Straitéise 20 Bliain’.
Is í Gormfhlaith Ní Thuairisg, ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bheidh mar chathaoirleach ar an seisiún seo, agus i measc na gcainteoirí ar an phainéal, beidh: An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD; léachtóir sa Phleanáil Teanga le OÉ, Gaillimh, an Dr Conchúr Ó Giollagáin; an taighdeoir agus an gníomhaire pobail, Donncha Ó hÉallaithe; urlabhraí Fhine Gael ar Ghnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, Dinny McGinley, TD; chomh maith le hurlabhraí ar Ghnóthaí Eachtracha do Pháirtí an Lucht Oibre, Michael D. Higgins, TD. Ar ndóigh, beidh neart siamsaíochta ar fáil le linn Thóstal na Gaeilge 2010. Beidh Clann Uí Mhongáin, Joe Steve Ó Neachtain, Máire Phéitir Uí Dhroighneáin, Maití Joe Shéamais, PJ agus Marcus Ó hIarnáin, Don Stiff agus aíonna speisialta ag cur neart siamsaíochta ar fáil le linn na Comhdhála.
Is féidir do thicéad a chur in áirithe, agus clár iomlán an Tóstail a íoslódáil ag www.tostal.ie
