Scoil Acla – 100 bliain d’aois
Seolfar clár ceiliúradh Céad Bliain Scoil Acla ar an Satharn 20ú Feabhra, ag 9 i dteach Ted Lavelle’s, Caiseal, Oileán Acla.
Beidh leabhrán Scoil Acla – leabhrán a mbaineann le stair bunaidh Scoil Acla, Gaelig’ Acla, na 25 bliana seo caite ó athmhúsclóidh, na healaíontóirí cáiliúla a bhí ag obair in Acaill agus gach rud a tharla ón athbhunadh i 1985 go dtí an lá atá inniu ann. Beidh seoladh an CD – Amhrán Scoil Acla Teanga Bhinn ár Máthar ar siúl freisin.
Dúirt Diarmuid Gielty, Cathaoirleach Scoil Acla “Tá muintir Acla thar a bheith bródúil as an saibhreas cultúir, traidisiún agus oidhreacht atá acu. Buaileadh í go holc tríd na blianta idir tragóidí agus eisimirce, ach in ainneoin sin chuaigh a muintir i bhfeidhm ar thíortha agus áiteanna ar fud na cruinne, gan dearmad a dhéanamh riamh ar a n-oidhreacht ná a gcultúr. Go deimhin, tá stair shuntasach ag Scoil Acla féin agus bhí léargas ag na bunaitheoirí i 1910 le Scoil Samhraidh a thosnú ag díriú ar an teanga, Ceol agus na hEalaíona i gcoitinne. Tá na haidhmeanna céanna againn sa lá atá inniu ann. Nuair a athbhunaíodh Scoil Acla i 1985 bhí béim láidir ar an phobal áitiúil a ghríosadh i dtreo an cheoil agus caithfear a rá gur éirigh thar barr leis. Sin ráite, tá cáil idirnáisiúnta ar an scoil anois agus tagann daoine ó gach uile áit ar domhan chun ceol a fhoghlaim inár measc.”
Is ócáid tábhachtach í seo, ní amháin d’Acaill agus Contae Mhaigh Eo ach dár dtír uilig, agus gach Gael ar fud an domhan.