Ceiliúradh na Gaeilge in Stormont

Bhí suas le 100 duine i láthair sa tSeomra Fada in Stormont an Aoine seo caite nuair a rinneadh céiliúradh ar 40 bliain de phobal is bunscoil Ghaeltacht Bhéal Feirste ar Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste. B’í an tAire Oideachais Caitríona Ruane a bhí i gceannas na n-imeachtaí agus le linn di a bheith ag caint chuimhnigh sí go bhfuil coimitmint anois go fiú ag an leibhéal is airde sa stát ó thuaidh don Ghaeloideachas anois. Ba mhór idir é agus 1970 nuair a bhagair na húdaráis ag Stormont daoine a bhí ag iarraidh an chéad Ghaelscoil a bhunú i mBéal Feirste a chur go príosún as a bheith ag cliseadh ar a nduaglais chun oideachas ‘ceart’ a thabhairt dá bpáistí. Beidh níos mó grianghrafanna agus tuairisc ar an ócáid le léamh ar Nuacht24 na seachtaine seo.

Posted by nuacht24 on 06.02.2010 Filed under gaeilge. You can follow any responses to this entry through the RSS 2.0. You can leave a response or trackback to this entry

Leave a Reply

Spam Protection by WP-SpamFree

2010 © Nuacht24