Bronnadh conartha á cheistiú
Tá an dóigh a ndearna Foras na Gaeilge conradh a bhronnadh ar son soláthar nuachtán seachtainiúil Gaeilge, ar na mallaibh, le bheith faoi chaibidil, arís eile, san Ard-Chúirt i mBaile Átha Cliath ar an tseachtain seo chugainn.
Tá an comhlacht, Cló Ceart Teo, ag iarraidh athbhreithniú breithiúnach ar bhronnadh an chonartha cionn is iad bheith in amhras gur úsáideadh na critéir chéanna in achan chás agus na hiarratais ar an chonradh á meas ag an Fhoras.
Má éiríonn le Cló Ceart Teo athbhreithniú breithiúnach a fháil, d’fhéadfadh sé sin moill a chur ar fhoilsiú Gaelscéal, nó tógann athbhreithniú breithiúnach tuairim is trí mhí.
Bhí éisteacht ar an chás seo san Ard-Chúirt, an tseachtain seo caite, agus socraíodh, an t-am sin, ar an chás a lua san Ard-Chúirt, arís eile, ar 26 Feabhra. Tá iaroibrithe le Foinse páirteach in Cló Ceart Teo agus bhí siad sin ar na hiarratasóirí a lorg an conradh don nuachtán seachtainiúil.
Ba iad Toradh na dTonn a bhain an conradh agus an tseachtain seo caite, cuireadh ar an eolas iad faoin chás.
Tá Toradh na dTonn chun comhairle dlí a lorg ach i rith an ama, tá siad ag leanúint leo ag iarraidh ullmhú chun an chéad eagrán den nuachtán nua a chur amach ar 26 Márta.
Tá na hagallaimh i dtreo eagarthóir, iriseoirí is foireann oifige a cheapadh críochnaithe anois agus tá siad i mbun comhráite faoi chonarthaí i láthair na huaire.
Níl Foras na Gaeilge sásta aon tuairim faoin scéal a nochtadh a fhad is atá an cás cúirte ag dul ar aghaidh.
le Matt Mac Anna