Ag bualadh leis – An Big Drum

Le nuacht24 Feb 6th, 2010 sa rannóg gaeilge. Is féidir nótaí tráchta a leanúint ar RSS 2.0. Is féidir nótaí tráchta a dhéanamh ar an scéal seo

Sheol an Dr Fintan de Brún aistriúchán go Béarla ar an leabhar mórchlú ‘An Druma Mór’ sa Chultúrlann i mBéal Feirste ar na mallaibh. Is é an Dr A J Hughes a rinne an t-aistriúchán ar leabhar clúiteach Sheosamh Mhic Ghrianna. Le linn na hócáide, i siopa leabhair An Ceathrú Póilí mhol sé go mb’fhearr i bhfad dá gcaithfí an t-airgead atá á caitheamh ar aistriúchán sa Dáil ar aistriú leabhair a bhfuil fiúntas iontu nó tóir orthu ó theangacha eile go Gaeilge. Nó ón Ghaeilge go teangacha eile. Rinne an t-údar roinnt aistriúcháin ón Ghaeilge cheana féin (orthu sin d’aistrigh sé filiocht le Nuala Ní Dhomhnaill go Fraincís) agus dar leis gur chomhartha na beatha d’aon teanga go mbíonn saothair sa teanga á n-aistriú go teangacha eile. Tá ‘The Big Drum’ ar fáil ón Cheathrú Póilí i gCultúrlann Mac Adam – Ó Fiaich nó ó Chlólann Bheann Mhadagáin – http://www.benmadiganpress.com/irish/book_dm.html

Categories: gaeilge
Tags:

Déan Trácht

Spam Protection by WP-SpamFree

Gailearaí

Log in / Advanced NewsPaper by Gabfire Themes