£30,000 don Iontaobhas

Bhron Ard-Mhéara Bhéal Feirste seic £30,000 Iontaobhas na Gaelscolaíochta an tseachtain seo. Airgead é seo a úsáidfear chun borradh a chur faoi thógáil fhoirgneamh nua an Iontaobhais sa Cheathrú Ghaeltachta ar Bhóthar na bhFál.

An Nasc, dream a chuireann an Ghaeilge chun cinn ar bhonn tráchtála, a bhronn an t-airgead ar an Iontaobhas.

‘Tá an dá eagras seo meáite ar chur le cumas phobal na Gaeilge agus aos óg na Gaeilge go háirithe,’ arsa an tArd-Mhéara.

‘Agus is rud é sin a rachaidh ar leas ní hamháin do phobal na Gaeilge sa chathair ach don phobal ar fad.’

Le blianta beaga anuas, tá an tIontaobhas, atá freagrach as maoiniú an Ghaeloideachais, tá siad ar a ndícheall ag iarraidh foinsí nua airgid a aimsiú le nach mbeadh siad i dtuilleamaí na n-údarás mar aon mhaoinitheoir amháin na scoileanna.

Chuige sin, cheannaigh said ballóg ar Bhóthar na bhFál agus tá sin le hathfhorbairt agus le gléasadh mar cheann de phríomhfhoirgnimh na Ceathrún Gaeltachta.

Agus beidh tairbhe bhreise ann don Iontaobhas, nó mar aon le bheith mar oifig acu, beidh teacht isteach rialta acu ó bheith ag ligean amach ar chíos na seomraí eile san fhoirgneamh. Airgead a mhaoineoidh an tIontaobhas agus a chuid imeachtaí.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoina bhfuil sa tsiúl ag an Iontaobhas nó cuidiú leo ach dul ar a suíomh, www.intaobhasnag.com

Posted by nuacht24 on 03.05.2009 Filed under gaeilge. You can follow any responses to this entry through the RSS 2.0. You can leave a response or trackback to this entry

Leave a Reply

Spam Protection by WP-SpamFree

2010 © Nuacht24