Ag Déileáil le FrithGhaelachas

Scríofa ag ar 02.09.2010 Rannóg físeáin.

1 Nóta Tráchta ar “Ag Déileáil le FrithGhaelachas”

  1. séamus mac seáin

    is bullaí fir é Colm a bhíos ag smaoineamh go síoraí ar an dóigh is fearr leis an teanga a chur chun tosaigh ach níl a fhios agam ar cheart dúinn a bheith ag cailleadh codladh na hoíche faoin fhrithGhaelachas atá le sonrú anseo agus ansiud agus a bhí ann ariamh le mo chuimhne. Is ar éigean go dtabharfar daoine ar thaobh na Gaeilge le díospóireacht i mBéarla. Is le gníomharthaí cruthaíocha, samhailíocha a mheallfar daoine i dtreo na teanga dar liom. Is ar na gníomharthaí sin a ba cheart an díospóireacht a bheith. Cad atá de dhith le go bhfeicfidh daoine gur rud beo bríomhar fiúntach í an teanga gur fiú a bheith ag baint leí. Is cinnte gur mheall na Gaelscoileanna a lán daoine i dtreo na Gaeilge ach b’éigean iad a bhunú ar dtús le go bhfeicfeadh daoine cad a bhí i gcéist. mar i gcéanna le RNG.TG4 srl. Cad iad na rudaí eile atá de dhith le saol agus sochaí a chruthú a rachadh i bhfeidhm ar dhaoine. Níl amharclann lán aimseartha proifisiúnta againn i mBAC mar shampla, ná ionad caidrimh lán aimseartha cosúil leis na cinn i nDoire agus i mBéal Feirste. Cad faoi tuilleadh Gaeltachtaí uirbeacha cosúil leis na cinn i gCorcaigh agus i mBéal Feirste. Tá Ráidíoanna in go leor áiteanna tríd an tír ach tá tuilleadh acu ag teastáil. Thig le daoine a liosta féin a dhéanamh suas ach is cinnte gur gníomharthaí dasachtacha cruthaíocha a bheirfeas i dtír muid seachas síor mhíniú ar gcás dóibh siud atá inar gcoinne. Ní hea nach gá ar gcás a dhéanamh leo siud gur suim leo muid ach nach leor ceann amháin dena postanna san ollmhaorlathas Ghaeilge ar fhágail ar leathtaobh faoina coinne sin agus gach duine eile dul i dtreo na cruthaíochta?

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24