Nuacht24

Aifeáltas ar an FBI faoi thaifead a chuir Anonymous ar YouTube
Tá an FBI is péas na Breataine ag athbhreithniú cúrsaí slándála i ndiaidh don ghrúpa bradaíola Anonymous comhdháil teileafóin idir an dá fhórsa a chur ar YouTube. Bhí péas ón dá thaobh ag caint faoina n-oibríochtaí i gcoinne Anonymous ach rinneadh an chomhdháil a thaifead agus a chur ar an líon. Dhearbhaigh an FBI ar ball gur thaifead fíor a bhí ann agus dúirt go gcuirfeadh siad lena dtóir ar na daoine a bhí freagrach as.

Preas ráitéas Gaeilge ón Bhord Póilíneachta sa tuaisceart
Tugann an Bord díospóireacht Chearta an Duine chuig an Iar-Thuaisceart

Foilseoidh an Bord Póilíneachta inniu an 7ú Tuarascáil Bhliantúil acu ar Chearta an Duine. Meastar sa tuarascáil mar a d’éirigh leis na póilíní a bhfreagrachtaí chearta an duine in 14 chroí-réimse a chomhlíonadh le bliain anuas.

Seolfar an tuarascáil ar Champas Ollscoil Uladh Mhig Aodha, Doire ar nós ‘labharaímis lena chéile’ agus beidh deis ag grúpaí pobail, reachtúla agus deonacha as an cheantar Comhaltaí Boird, Comhairleoir Chearta an Duine an Bhoird, An tArd-Chonstábla agus ionadaithe pobail a cheistiú ar shaincheisteanna póilíneachta agus chearta an duine.

Tá an ócáid á tionól taobh amuigh de Bhéal Feirste don chéad uair agus lena chois sin, sruthófar  beo í ar www.wimps.tv rud a thabharfaidh deis don lucht féachana bheith rannpháirteach sa díospóireacht trí thuairimí a chur ar an suíomh nó ar twitter tríd an chlib #HRights a úsáid.

Agus é ag fáiltiú roimh an deis cearta an duine agus póilíneacht a phlé i nDoire, arsa Cathaoirleach an Bhoird, Brian Rea:

“Tá lúcháir an domhain ar an Bhord bheith in Ollscoil Uladh, Campas Mhig Aodha leis an Tuarascáil is déanaí seo ar Chearta an Duine a sheoladh. Is deis é, ní hé amháin le torthaí na tuarascála a léiriú ach le díospóireacht ar shaincheisteanna póilíneachta agus chearta an duine a chur chun cinn i measc an phainéil, an lucht éisteachta agus úsáideoirí ar líne.

Sa tuarascáil is déanaí seo, ina ndírítear aird ar dhea-chleachtas póilíneachta agus ar réimsí ina bhféadfaí an cleachtas a fheabhsú, tá 16 mholadh. Ón bhliain 2005 i leith, tá 176 moladh a bhí i dTuarascálacha Chearta an Duine curtha i bhfeidhm ag an PSNI agus glacadh fosta le 43 moladh a rinneadh sa 2 Athbhreithniú Téamach a d’fhoilsigh an Bord go dtí seo. Léiríonn sé seo taifead iontach dearfach maidir le tiomantas an PSNI cearta an duine a chomhlíonadh.”

Dhírigh Conall McDevitt, Cathaoirleach Choiste Chearta an Duine agus Caighdeáin Ghairmiúla (HRPS) aird ar chuid de thorthaí na tuarascála agus ar seisean:

“Ar na hábhair is mó imní do Choiste HRPS tá ionsaithe agus lámhaigh pharaimíleata agus an ráta íseal (4%) réitigh ar choireanna tromchúiseacha. Léiríonn figiúirí sa tuarascáil seo gurbh ar dhaoine idir 16-24 bliain d’aois a rinneadh 44% de na hionsaithe seo idir 1 Aibreán 2010 agus 30 Meán Fómhair 2011. Tá an Bord ag moladh don PSNI a machnamh a dhéanamh ar na bearta breise atá de dhíth le daoine a chosaint ar ionsaithe den chineál seo agus go bhforbróidh an PSNI straitéis le dul i ngleic le hionsaithe ar pháistí agus ar dhaoine óga óir is iad is mó atá i mbaol.

I dtaca leis na póilíní úsáid a bhaint as cumhachtaí stop, cuardaigh agus ceistigh, léiríonn torthaí na tuarascála gur faoi bhonn 25 bliain a bhí breis agus leathchuid de na 7,573 duine a stop, a chuardaigh agus/nó a cheistigh an PSNI le linn na tréimhse 3 mhí idir 1 Iúil 2011 agus 30 Meán Fómhair 2011. Cé nach gciallaíonn sé seo gur ar bhonn leithcheala ar an aoisghrúpa seo atá an PSNI ag úsáid na gcumhachtaí seo, daingníonn an t-eolas seo an gá atá lena chinntiú go gcuirtear go leor oiliúna ar gach oifigeach póilíneachta le go dtig leo cumarsáid a dhéanamh le daoine óga, rud a chothódh idir mhuinín agus shábháilteacht.

Tá mé ag dúil leis an díospóireacht anseo inniu ar Champas Mhig Aodha ar na saincheisteanna seo agus ar cheisteanna eile a a thugtar chun solais sa tuarascáil seo, ar nós tuairisciú easnamhach ar fhuathchoireanna agus polasaí PSNI ar choinneáil ábhar DNA agus méarlorg. Beidh ionchur ó bhaill painéil agus ón lucht éisteachta, idir iad siúd atá i láthair agus daoine atá ar líne, iontach úsáideach agus tabharfar na ceisteanna a ardófar ar ais chuig an Choiste le go ndéanfar a thuilleadh plé orthu.”

Thug Matt Baggot, Ard-Chonstábla, buíochas do Chomhairleoir Chearta an Duine an Bhoird agus ar seisean:

“Cuirimid fáilte roimh thuarascáil na bliana seo agus feicimid í mar dhearbhú eile ar chur chuige an PSNI maidir le póilíneacht bunaithe ar Chearta an Duine atá ar thús cadhnaíochta ag leibhéal domhanda. Tá tús áite ag Cearta an Duine i ngach gné dár gcuid oibre ó phlé le ceisteanna a bhfuil suntas áitiúil ag baint leo go dtí ceisteanna Slándáil Náisiúnta agus díobháil thromchúiseach. Ba mhaith liom fosta an deis seo a thapú le buíochas a thabhairt do mo chomhghleacaithe sa PSNI as a dtiomantas do sheirbhís póilíneachta atá bunaithe ar chearta an duine a chur ar fáil do gach duine i dTuaisceart Éireann.”

Bhí an méid seo le rá ag an Ollamh Deirdre Heenan, Propast agus Déan na Forbartha Acadúla (Mag Aodha) :

“Is dlúthchuid le fada an lá anois dár soláthar leathan agus dár ngníomhaíocht acadúil ar Champas Mhig Aodha iad staidéar agus taighde ar chearta an duine agus, mar sin de, is rí-oiriúnach go bhfuil Tuarascáil Bhliantúil an Bhord Póilíneachta ar Chearta na Duine á seoladh abhus.

Tá INCORE (the International Institute for Conflict Research) chomh maith leis an Institiúid um Cheartas Idirthréimhseach i nDámh na nEolaíochtaí Sóisialta agus teagascann siad cláir nuálacha ar chearta an duine agus déanann taighde ar chleachtas agus dlí chearta an duine a gcuireann scoláirí ar fud an domhain an-luach air.

Is campas beo beathach é campas Mhig Aodha, ina bhfuil tuairim ar 4,000 mac léinn, agus an líon sin ag ardú, atá iontach sásta an seoladh seo a óstáil. Neartaíonn imeachtaí den chineál seo ár gcuid nasc leis an phobal i gcoitinne agus cuireann sé gliondar orainn go bhfuil níos mó agus níos mó eagras ag baint úsáid as na hacmhainní den chéad scoth atá againn anseo faoi choinne imeachtaí poiblí.”

Imeacht Huhne, atheagar ar Chomhaireacht rialtas Shasana
Bhí Comhaireacht Shasana den tuairim le roinnt laethanta anuas go gcuirfí an dlí ar an Aire Chris Huhne agus tá siad dóchasach mar sin go mbeidh siad in ann aon dochar a thiocfaidh ó imeacht an Aire a choinneáil faoi smacht. Meastar go mbeidh atheagar ar na Daonlathaigh Liobrálacha mar gheall ar imeacht an Uasal Huhne. D’éirigh sé as ar maidin nuair a tugadh le fios go bhfuil sé féin agus a iar-bhean chéile Vickey Price le cur faoi thriail. Cuirfear ina leith go ndearna siad iarracht cúrsa na córa a shaobhadh. Deir an tAire Huhne go bhfuil sé neamhchiontach agus go bhfuil sé muiníneach go gcruthóidh a thriail don domhan gur amhlaidh é.

Cuardach do mharfóirí
Ba é Alan Mc Nally (36)  an fear a scaoileadh chun báis i dteach tábhairne i mBaile Átha Cliath aréir. Tá dianchuardach ar bun ag na Gardaí sa cheantar thart timpeall ar teach tábhairne an Cappagh Nua i bhFionnghlas . Maraíodh a dheartháir, Graham, sa cheantar céanna trí bliain ó shin nuair a d’éirigh aighneas idir é agus mangairí drugaí. Scaoil fear amháin Alan Mc Nally sa teach tabhairne i dtráth na meán oíche agus d’éalaigh leis ar chos.

Óige agus Deoraithe chun tosaigh do Ghradam Ceoil 2012
Is ar an bhfidléir Brian Rooney  (as tuaisceart Liatroime ó dhúchas ach  atá ag cur faoi le fada an lá i Londain) a bhronnfar Gradam Ceoil 2012.  Fógraíodh sin agus gradamóirí eile na scéime ag ócáid  i gCora Droma Rúisc ina chontae dúchais tráthnóna.   Tá ardmheas agus cion ar leith ag lucht an cheoil traidisiúnta sa tír seo  agus i Sasana ar Bhrian.

Tá béim ar an óige agus ar an deoraíocht le brath sa rogha eile duaiseoirí Gradam Ceoil TG4 2012:   fidléir as deisceart Thír Chonaill a chaith bunús a shaoil i Sasana, boscadóir agus cumadóir as lár na tíre seo atá lonnaithe anois i lár na Stát Aontaithe, lánúin iomráiteach as Ard Mhacha a bhfuil a saol caite acu ag cur an cheoil traidisiúnta chun cinn ina gcontae féin agus beirt cheoltóirí óga Gaeltachta,  as Múscraí agus An Rinn,  a bhfuil cáil fhorleathan orthu cheana féin agus gan iad ach sna luath-fhicheadaí.

Seo duaiseoirí Ghradam Ceoil  TG4 Ceoil 2012:

Gradam Ceoil:                     Brian Rooney

Ceoltóir Óg:                         Caoimhín Ó Fearghail

Gradam Saoil:                     Danny Meehan

Cumadóir:                             Paddy O’Brien

Amhránaí:                             Nell Ní Chróinín

Gradam Aitheantais:        Eithne agus Brian Vallely

Tá nóta beathaisnéise gach ceoltóra ar fáil ag www.tg4.ie/gradam.

Gheobhaidh gach duaiseoir duais airgid agus píosa speisialta dealbhóireachta a coimisiúnaíodh ó John Coll.  Coiste neamhspleách a roghnaíonn na gradamóirí.  Bronnfar na Gradaim ag Coirmcheoil agus Duaisbhronnadh i gCeoláras na hOllscoile, Luimneach ar an Satharn 24 Márta, á chur i láthair ag Aoife Ní Thuairisg agus Páidí Ó Lionáird. Craolfar sin ar TG4,   Domhnach Cásca.

Deir Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir  gur “deis luachmhar é ár meas agus  ár mbuíochas a chur in iúl d’ealaíontóirí cumasacha a shaibhríonn a cheiliúrann agus a athnuann ár n-oidhreacht luachmhar cheoil, ” a dúirt sé, “agus  sin a dhéanamh i láthair a gcairde féin ar an oíche agus i láthair an phobail náisiúnta agus idirnáisiúnta trí mheán na teilifíse.”.

Is féidir ticéid don choirmcheoil a chur in áirithe ar an teileafón ó 061 331549 nó ar  www.uch.ie

Trí lá comhbhróin san Éigipt
Tá trí lá oifigiúil comhbhróin ar siúil san Éigipt i ndiaidh tubaiste an lae inné ag cluiche sacair i gCaireo a d’fhág 74 duine marbh agus go leor eile gortaithe. Bhí go leor teoiricí ann faoi cé a chuir tús leis an trioblóid a tharla le linn cluiche idir al-Masry and Al Ahli, agus cén fáth. Tá stair fuilteach trodach idir an dá fhoireann ach tá fuath ag cuid den bhunaíocht is ag cuid den phéas ar thacaithe Al Ahli cionn is gur thacaigh siad go díograiseach leis an éirí amach i gcoinne an iarUachtarán Mubarak. Dar le tuairiscithe ar theilifís na hÉigipte , a bhí ag craoladh na cluiche beo, dar leo gur chaith roinnt tacaithe bladhm agus gur tharraing sin airde roinnt imreoirí, rud a lig don fhoireann eile scoráil. Rud a chuir tús le raic. Ach tá go leor daoine den tuairim gurb iad na péas a bhí ar chúl na trioblóide nó daoine a thacaíonn leis an iardheachtóir Mubarak agus gur spreagadh an forneart chun díoltas a bhaint as tacaithe Al Ahli.

Líofa – in Ard Mhacha
Tá an tAire Cultúir Carál Ní Chuilín i ndiaidh an scéim Líofa 2015 a lainseáil in Ard Mhacha, agus í ar cuairt ar an chathair le hoifigí nua CAIRDE Teo agus an siopa Gaeilge Cult Úr a oscailt go hoifigiúil. Cuireadh fáilte mhór chroíúil roimh an Aire agus bhí scaifte breá i láthair le páistí agus daoine óga, príomhoidí agus múinteoirí ó Bhunscoil Chnoc Chaitríona, Scoil Ghramadaí Naomh Pádraig, Bunscoil Naomh Maolmhadóg agus ón Aonad Gaeilge i gColáiste Chaitríona. Tháinig Colm Ó Baoill, oifigeach sinsearach le Foras na Gaeilge an bealach uilig ó Ghaoth Dobhair le freastal ar an ócáid agus bhí an Comhairleoir Cathy Uí Raifeartaigh agus an Comhalta Tionóil Cathal Ó Baoilláin i láthair ag an imeacht fosta. Chuir Píobairí Ard Mhacha ceol ar fáil ag an imeacht agus bhí Comharchumann na nOibrithe Cruthaitheacha i láthair leis an imeacht a thaifeadadh mar chuid de ghearrscannán ar an Ghaeilge in Ard Mhacha.

Bhí Réamonn Ó Ciaráin, Cathaoirleach le CAIRDE Teo agus Bainisteoir Réigiúnda Gael Linn i láthair le fáilte a chur roimh an Aire agus roimh an slua a tháinig le chéile leis an oscailt oifigiúil agus seoladh an fheachtais Líofa a cheiliúradh. Ghabh sé buíochas leis an Aire Ní Chuilín as teacht agus dúirt sé go raibh lúcháir air an oiread daoine óga a fheiceáil ann. D’aithin sé ról tábhachtach Fhoras na Gaeilge sa tionscnamh seo leis an tacaíocht a thugann siad do Cairde Teo tríd an Scéim Phobail Gaeilge.

D’inis Gearóid Ó Machail, ComhStiúrthóir ar an fhiontraíocht sóisialta úrnua Aonach Mhacha don slua a bhí i láthair ag an siopa Cult Úr, go bhfuil pleananna á bplé le lárionad cultúir a bhunú i lár chathair Ard Mhacha a chuirfeadh oifigí ar fáil do roinnt eagraíochtaí Gaeilge agus cultúir, chomh maith le spás don phobal, áit súgartha, caifé, spas taispeántais, seomraí ranga agus seomra ilmheáin. Ghríosaigh sé achan duine le páirt a ghlacadh lena chinntiú go mbeadh an t-ionad lárnach i saol cultúrtha, eacnamaíoch agus sóisialta Ard Mhacha. Thréaslaigh sé leis an Aire as an tionscnamh Líofa 2015 a bhris na teorainn thrasphobail agus a chothaigh suim nua sa teanga, rud a thabharfaidh tuiscint nua dúinn ar luach na Gaeilge mar chuid dár gcomhoidhreacht.

“Tá dul chun cinn suntasach déanta ag roinnt grúpaí cultúir in Ard Mhacha cheana féin leis an mhíthuiscint agus buairt roimh an Ghaeilge a laghdú agus bhí Píobairí Ard Mhacha, Cleamairí Ard Mhacha agus an coiste cultúir de CLG Ard Mhacha ceannródaíoch san obair seo. Cuirfidh CAIRDE Teo agus Aonach Mhacha leis an obair thábhachtach sin leis an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a thaispeáint do dhaoine ó gach cúlra – ní amháin don dá phríomhthraidisiún in Éirinn ach do na pobail nua atá i ndiaidh teacht go hArd Mhacha le blianta beaga anuas. Tá oidhreacht shaibhir chultúrtha ag Ard Mhacha, agus caithfidh muid a chinntiú go mbeidh an oidhreacht sin chomh saibhir céanna do na glúnta atá le teacht”.

Dúirt Seán Ó Maoilsté, Oifigeach Forbartha Gaeilge le CAIRDE: “Tá muid ag iarraidh ar dhaoine a n-ainmneacha a chur leis an fheachtas Líofa atá an tAire Ní Chuilín i ndiaidh a cheapadh agus beidh muidinne ag tacú le achan duine in Ard Mhacha atá ag iarraidh a gcuid Gaeilge a fheabhsú agus líofacht a bhaint amach trí ranganna oíche, dianchúrsaí deireadh seachtaine, tréimhsí cónaithe sa Ghaeltacht agus ábhair foghlama a chur ar fáil”.

Féachann an feachtas Líofa le daoine ó achan chuid den tuaisceart a spreagadh le Gaeilge líofa a bhaint amach roimh dheireadh 2015. Ón uair a sheol an tAire an feachtas i mí Mheán Fómhair 2011, ghlac 1,350 duine leis an dúshlán le bheith líofa. Shínigh breis agus 300 duine don scéim thar thréimhse na Nollag agus na Bliana Úire le rún na hathbhliana acu Gaeilge a fhoghlaim.

Agus í ag labhairt faoin togra Líofa, dúirt Carál Ní Chuilín: “Creidim féin gur linne ar fad í an Ghaeilge agus gur gné lárnach dár gcomhoidhreacht chultúrtha í. “Bhí an-rath ar an fheachtas go dtí seo agus tá an rath sin ag cuidiú liomsa go pearsanta cloí leis na ranganna Gaeilge.

Labhair an tAire faoi oscailt an tsiopa nua CULT ÚR fosta. “Tugann fiontair mar seo in Ionad Siopadóireachta Chathair Ard Mhacha áit lárnach don Ghaeilge sa phobal. Seo an chéad chéim de phlean trí bliana leis an Ghaeilge agus an cultúr a fhorbairt sa chathair agus tá mé ag súil go mór le foghlaim faoin dul chun cinn.”

Ciorcal comhrá in Ó Méith Mara
Bíonn Ciorcal Comhrá Ó Méith á eagrú ag bunadh Ó Méith gach seachtain mar a leanas:

Áit: ‘Cornamucklagh House’, Cor na Muclach, Ó Méith, Contae Lú

(Pat Davey’s mar a bhíodh lá den tsaoil: direach ar an teorainn idir An t-Iúr agus Ó Meith)

Am: Oíche Cheadaoin ar 9 pm

Cuirfidh muintir Ó Méith Mara fearadh na fáilte romhaibh uilig

Slí Cholmcille seolta
Inniu, (2Feabhra 2012) i Leabharlann Halla an Línéadaigh, Béal Feirste, láinseáil an Dr Ian Adamson OBE scríbhneoir agus polaiteoir Slí Cholmcille, conair oidhreachta agus turasóireachta idir Éirinn agus Albain.

Is é Slí Cholmcille an chéad chonair turasóireachta idir Albain agus Éirinn, agus tá sé aimnithe as Naomh Colmcille, arb as Tír Chonaill ó dhúchas é. Síneann an chonair ó Ghleann Cholmcille in iardheisceart Thír Chonaill go dtí Inse Ghall na hAlban. Nascann sé naoi gconair ar fad, trí cinn i gCo Dhún na nGall, ceann I gceathair Dhoire nó Londandoire agus ceann eile idir Cúil Raithin agus Léim an Mhadaidh. Is féidir an chonair a fheiceáil ag www.colmcille.org am ar beith, agus beidh sé ar taispeáint ar scáileán ag Leabharlann Halla an Línéadaigh go dtí an 9 Márta. Fuair an tSlí maoiniú ó Fhoras na Gaeilge, Bòrd na Gàidhlig, agus the Heritage Lottery Fund.

Feicimid inniu cuid den mhéid is féidir a bhaint amach trí chomhoibriú cruthaitheach idir Éirnn agus Albain”, a dúirt Seán Ó Coinn, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge. Pearsa ríthábhachtach i stair na hÉireann agus na hAlban a bhí i gColmcille, agus léiríonn an chonair agus an taispeántas ár n-oidhreacht ar bhealach cruthaitheach agus nuálach. Tá bród orainn as an mhéid atá le tairiscint acu, agus creidim go mbeidh cuairteoirí ag baint úsáid astu le heolas a dhéanamh ar theanga agus oidhreacht na hÉireann go ceann i bhfad”.

Mhúnlaigh mainstreacha Naomh Colmcille stair na hÉireann agus na hAlban agus ba astu a tháinig saothair ealaíne mar leabhair Cheannanais agus na chéad chroiseanna Ceilteacha, chomh maith leis sin na chéad annála nó taifid stairiúla in Éirinn agus Albain. Labhair Dr Adamson faoi ról na naoimh  Éireannacha luatha, Colmán, Gall agus Comhghall Bheannchair.

Dúirt an Dr Adamson “Agus deich mbliana romhainn de chomórtha céad bliain a d’fhéadfadh bheith achrannach, tá sé tábhachtach cuimhniú ar na comórtha a bheidh ar fud na hEorpa ar Naomh Colmán Bobbio agus Naomh Gall, nó ina n-éagmais bheadh spiorad na Críostaíochta i contúirt a múchta. Ba é Beannchar a máthair-mhainistir, áit ar thionscain Naomh Comhghall luathlitríocht na Gaeilge  agus ónar eascair traidisíun na Gaeilge atá ina chomhoidhreacht ríluachmhar againn uile.

Ó 2 go dtí an 9 Márta beidh taispeántas i Halla Leabharlann an Línéadaigh ar Shlí Cholmcille, agus taispeántas eile atá bunaithe ar Amra Choluim Chille, dán 155 líne a mholann an naomh agus a cumadh go gearr i ndiaidh bhás Cholmcille i 597. Tugann an taispeántas léirmhíniú ar an dán trí pheannaireacht le Domhnall Mhoireach as Albain, agus  péintéireacht le Brian Ferran, ealaíontóir clúiteach as Doire.

Tá áis ar líne ag an tSlí, www.colmcille.org, ar a bhfuil léarscáileanna, íomhánna agus eolas ar Cholmcille agus ar na háiteanna a ndeachaigh an naoimh agus a lucht leanta luathchríostaí. Le breis mhór agus míle bliain tá oilithrigh ag tarraingt ar ionaid atá luaite le Colmcille, óna áit breithe i dTír Chonaill go dtí Oileán Í na hAlban, áit ar bhunaigh sé a mhainistir i 563.

Tá súil go spreagfaidh an áis ar líne seo oilithreachtaí nua chuig na ceantair seo agus go mbeidh sé tarraingteach do thurasóirí in Albain agus in Éirinn. Tá stair ar leith ag gach ceann de na 72 stad ar an bhealach agus tá cuid mhór acu suite sna taobhanna tíre is áille in Éirinn agus in Albain. Is é Colmcille (féach www.colmcille.net) , a d’fhorbair an tionscadal seo. Tá Cholmcille ina pháirtíocht Foras na Gaeilge and Bòrd na Gàidhlig, na forais a bhfuil cúram orthu Gaeilge na hÉireann agus na hAlban a chur chun cinn in oileán na hÉireann agus in Albain faoi seach. D’fhorbair Colmcille agus an tIontaobhas ULTACH an taispeántas Amra Choluim Chille i bpáirt le chéile.

Tabhair cuairt ar suíomh idirlín agus faigh tuilleadh eolais ag  www.colmcille.org

Ar mhaithe le tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Maolcholaim Scott

Oifigeach Forbartha

Colmcille

+44  2890 890 983/  (0)7972 114134

MScott@forasnagaeilge.ie

Nótaí d’Eagarthóirí:

Manach, oilithreach agus minisinéar Gaelach a bhí i gColmcille a chuir an Chríostaíocht chun cinn in Albain go luath sna meánaoiseanna. Bhí sé ina phrionsa de theaghlach ríoga Thír Chonaill agus na Teamhrach, ach chuir sé cúl le hÉirinn sa bhliain 563 gur bhunaigh sé a mhainistir in Í, oileán iargúlta amach ó chósta na hAlban. De réir an tseanchais, tá Colmcille ar thriúr éarlamh nó naomhphátrún na hÉireann in éineacht le Pádraig agus Bríd. Fuair Colmcille bás sa bhliain 597, ach d’fhás tionchar a mhainistreach gur bunaíodh mainistreacha úra uaithi chomh fada ar shiúl le Lindisfarne in Northumbria. Is ag a mhainistir in Í a rinneadh na chéad annála agus na chéad chroiseanna Ceilteacha. I measc shéada Í agus a teaghlach de mhainistreacha bhí cuid de na lámhscríbhínní maisithe is mó clú mar Leabhar Cheanannais, Leabhar Dharú, agus Leabhar Lindisfarne.

Tharraing Mainistir Cholmcille in Í chuici muintir na hÉireann na hAlban agus Thuaisceart na Breataine uile, idir Ghaeil, Chruithnigh, chainteoirí Breatnaise, agus Angla-Shacsanaigh, agus i ndiaidh ionsuithe a rinne siad ar dtús thug na Lochlannaigh féin agus a sliocht ómós mór di.

Ba é fear a chine agus a chomharba Naomh Adhamhnán a scríobh an chéad bheatha de Cholmcille, tuairim ar chéad bliain i ndiaidh a bháis. Tá an chonair ar Shlí Cholmcille idir Léim an Mhadaidh agus Cúil Raithin bunaithe ar chuntas a rinne Adhamhnán ar thuras fíor a rinne Colmcille agus é ag filleadh ar Albain i ndiaidh Mhórdháil na Ríthe ag Droim Ceat.

Ba é Pròiseact nan Ealan a fuair coimisiún leis an suíomh idirlín a fhorbairt, agus tá an Dr Brian Lacey agus Gilbert Márkus na comhairleoirí staire. Ba í Lucy Harland ó Lucidity Media an bainisteoir tionscadail.

An Dr Ian Adamson

Scríbhneoir polaiteoir agus iardhochtúir leighis is ea an Dr Ian Adamson OBE. Bhí sé ina Ardmhéara agus ina Ardsirriam ar Bhéal Feirste. Tá spéis aige le fada i dteangacha ó Ghaeilge Uladh go dtí Ullans nó Albainis Uladh, Sioux Lakota, agus Svahaílis.  Ba é a bhunaigh an UIlans Academy. Tá spéis bhuan aige i naoimh luatha na hÉireann, agus ar a dtionchar ar an Eoraip sna meánaoiseanna, go háirithe i Naomh Colmáin Bheannchair agus Bobbio agus i Naomh Gall. I measc a chuid foilseachán tá “Bangor Light of the World” ar Antaifeanach Bheannachair, litiúirge meánaoiseacha ó Mhainistir Naomh Comhghall i dtuaisceart an Dúin. Tá an liotúirge ar fáil i lámhscríbhinn i Leabharlann Ambrósach Milano.

An Crannchur Oidhreachta (HLF)

Cothaíonn agus caomhnaíonn an Crannchur Oidhreachta (an Heritage Lottery Fund, nó HLF) réimse leathan oidhreachta trí infheistiú nuálach i dtionscadail a mbíonn tionchar buan acu ar dhaoine agus ar áiteanna. Is é an maoinitheoir is mó é atá tiomnaithe don oidhreacht sa Ríocht Aontaithe. Tá tuairim is £376 milliún sa bhliain aige le hinfheistiú i dtionscadail nua agus tá cleachtadh agus eolas mór aige ar oidhreacht. Déanaimid fosta abhcóideacht ar son luach na hoidhreachta sa saol nua-aimseartha. Déanaimid infheistiú i ngach páirt dár n-oidhreacht ó mhúsaeim, páirceanna agus áiteanna stairiúla go dtí seandálaíocht comhshaol an dúlra agus traidisiúin chultúrtha. Ó 1994 thacaigh HLF le chóir a bheith 3,200 tionscadal, agus rinne sé luach £4.7 biliún d’infheistiú tar an Ríocht Aontaithe uile.

Amharasán i gcás Rudo Mawere faighte agus é marbh
Deir na péas in Sasana gur bhfuil corp an fear  a raibh na Gardaí in amhras faoi as dúnmnharú Rudo Mawere faighte acu in Kent. Dar leo nach bhfuil siad in amhras faoi bhás an fhir. Ba as an Afraic don fhear agus tuigtear go raibh sé i mbun caidrimh le Rudo Mawere ar feadh tamaill maith.