Séamas Mac Annaidh – samhlaíocht shíoraí na nua-aoise

Séamas Mac Annaidh - i mbun pinn i rith an ama

le Deirdre Ní Ghrianna

Nuair a bheifear ag amharc siar ar dhul chun cinn na Gaeilge sa tuaisceart ag deireadh an 20ú haois, beidh saothar Shéamais Mhic Annaidh ina phríomh-thobar staidéir.
Nó má tá saol údair ar bith ann a léiríonn forbairt na Gaeilge i gCúige Ul¬adh agus i sochaí an tuaiscirt, is eiseamláir gan sárú é saothar fhear Fhear Manach.
In ainneoin gur i mBaile Átha Cliath a rugadh é, níl aít níos cóngaraí dá chroí ná Fear Manach:
“Ba as Baile Átha Cliath mo mháthair agus chuaigh sí ’na bhaile, chuig a máthair féin, don bhreith.
“San am sin, bhí m’athair ag obair le Banc na Mumhan agus Laighean agus bhog muid ó áit go háit.
“Bhí muid inár gcónaí i Muineachán, i nDún Dealgan agus ansin, nuair a bhí mé thart fá sé bliana d’aois, bhog muid go Inis Ceithleann.
“Mar sin de, is mó an dáimh atá agam leis an áit sin agus tá mé i mo chónaí go fóill anseo, i sráidbhaile beag Bhéal Cú.”
Ag amharc siar ar a shaol, braitheann Séamas, atá díreach i ndiaidh seal a chríochnú mar scríbhneoir cónaithe in Ollscoil na Gaillimhe, braitheann sé go bhfuil a chuid leabhar ina scáthán ar a shaol mar a bhí am a scríofa.
Rud is léir i gcuid de na leabhair is mó saothraithe clú agus cáil dó, mar atá, an tríológ, Cuaifeach Mo Londubh Buí, Mo Dhá Mhicí agus Rubble na Mickies.
Ag caint dó le Nuacht24, i ndiaidh dó a bhreithlá a cheiliúradh agus 49 bliain bainte amach slán aige, mhínigh Séamas go mbíonn a chuid scríbhneoireachta ag forbairt de réir mar atá sé féin ar imeall na “meánaoise”:
“Nuair a thosaigh mé ag scríobh sa chéad dul síos, tá mé ag déanamh gurbh é an rud a ba mhó a spreag mé ná go raibh mé i gcoinne na caolaigeantachta, i gcoinne rudaí dochta, an saghas ruda a bhíonn ag cur as do dhéagóirí ar fud an domhain.
“Ach i láthair na huaire, b’fhéidir go bh¬fuil mé róchompordach le cúrsaí an tsaoil.
“Ní hé nach mbíonn deacrachtaí i mo shaol, ach ní hionann iad agus na deacra¬chtaí a bhíodh ann san am sin i mo shaol agus braithim go bhfuil sé sin léirithe i mo shaothar.”
Agus ní gan a thrioblóid féin a bhí Séamas nuair a bhí sé ag teacht i méadaíocht in Inis Ceithleann, nó le linn a óige, b’iomaí uair a bhí sé tinn agus ansin, nuair a bhí sé 14 bliain d’aois, leagadh é le niúmóine agus gan é ar scoil ar feadh sé seachtaine.
Níor lena aimhleas an tin¬neas, áfach; i bhfírinne, ba lena leas é ó shin:
“Bhí mé i gcónaí breoite, bhí i gcónaí slaghdán nó a mhacasam¬hail orm, ach chial¬laigh sin go raibh mé i gcónaí ag léamh, Enid Blyton agus a leithéid, leabhar de shaghas ar bith, i bhfírinne. Agus níor athraigh mé ó shin.
“Tá seoimrín agam anseo sa bhaile atá plódaithe le leabhair de gach saghas. Deirtear go bhfuil sé ina chiolar chiot, ach tá a fhios agam cá háit a bhfuil gach uile rud, idir thaighde agus scríbhinní.”
Má bhí comhartha ann le linn a óige (seachas an dúshuim a bhí ag Séamas sa léitheoireacht), go raibh cumas scríbhne¬oireachta ann agus go raibh ábhar scríbhneoir Gaeilge ann, ba é an dialann a thosaigh sé ag scríobh nuair a bhí sé ina dhéagóir.
“Thosaigh mé ag scríobh dialainne i nGaeilge nuair a bhí mé óg nó tá an Ghaeilge ag teacht le ceol m’aigne.
“Caithfidh sé gur droch-Ghaeilge amach agus amach a bhí ann agus í lán meáncóg, ach chloígh mé léi.
“Ní hé nach mbím ag scríobh alt agus eile i mBéarla, ach tá an Ghaeilge ag teacht leis an mheon atá agam.”
Meon ina bhfuil iarsma, b’fhéidir, de na scríbhneoirí a chuaigh i bhfeidhm ar an fhear óg, mar atá, Seosamh Mac Grianna agus Myles na gCopaleen.
Ach meon atá in ann buntáiste an dáthean¬gachais a aithint.
“Sílim go bhfuil an Ghaeilge forbartha as aithne ó bhí mé féin óg, nó san am sin, b’ionann a bheith i do Ghaeilgeoir agus rud rúnda nó bhí saol na Gaeilge druidte isteach air féin.
“San am sin, nuair a bhí na trioblóidí ag dul ar aghaidh, bhí sórt ‘paranoia’ ann nó bhí tú ag coinneáil súile ar dhaoine eile agus shíl tú go raibh daoine eile ag coinneáil súile ortsa.
“Tchítear dom, go háirithe agus mé i nGail¬limh, áit a raibh an mhórchuid de na mic léinn ina gcónaí sa Ghaeltacht, go bhfuil féinmhu¬inín acu as an Ghaeilge anois. Glúin TG4 atá iontu.
“Agus le m’iníon féin, tá éagsúlacht leabhar ann mar nach raibh riamh ann.
“Ní chaithfidh tú a bheith ciúin fán Ghaeilge níos mó agus sílim gur chóir dúinn úsáid a bhaint as an dátheangachas agus gach tairbhe a bhaint as.”
Ach cruthaíonn dátheangachas na tíre fadhb do scríbhneoirí Gaeilge, mar a aithníonn Séamas, agus é ag caint ar léitheoirí leabhair Ghaeilge.
“Is cinnte go gceannaíonn daoine leabhair, ar son na cúise nó cibé rud, ach ní léann siad iad.
“Ní hé go bhfuil siad falsa, ach tá a fhios agam nach ionann an leabhar a léim ar an trá agus an leabhar a léim sa bhaile.
“B’fhéidir go bhfuil easpa éagsúlachta go fóill ann.
“Ach sin ráite, is minic a casadh daoine orm agus cuireadh iontas orm as na leabhair a bhí léite acu i nGaeilge.”
Fiú agus easpa léitheoirí Gaeilge ann, creideann Séamas sa rud a dúirt Seosamh Mac Grianna leis fá shaol an scríbhneora, i litir a scríobh an mór-údar Conallach chuig an Séa¬mas óg: gur mó an féirin an scríbhneoireacht.
“Is é an rud fán scríbhneoireacht ná go gcaithfidh tú bualadh le daoine, ní thig leat suí leat féin i seomra nó tráfaidh an t-ábhar.
“I dtaca liomsa de, gach post dá bhfuair mé riamh, ón chéad phost i leabharlann Inis Ceith¬leann go dtí le déanaí nuair a bhí mé fostaithe mar scríbhneoir cónaithe, fuair mé iad uilig cionn is gur scríbhneoir mé.
“Agus tchítear dom gur choinnigh an scríbhneoireacht mé i gcroílár an phobail.”
Rud atá tábhachtach do Shéamas, a bhí ina cheoltóir le linn a óige leis an ghrúpa, Ferman¬agh Blackbirds.
“Buaileann tú le daoine agus bíonn comhrá ann, cluineann tú scéalta agus as an taithí sin, cumann tú cruth úr eile ar fad ar an scéal, i ngearrscéal nó in úrscéal, agus gan sin ann, ní bheadh ábhar spreagtha agam.”
Agus b’iomaí dóigh ar spreagadh Séamas go dtí nach féidir é a bheith ceangailte le stíl scríbhneoireachta amháin ná a stíl scríbhneoi¬reachta a chur i mbosca beag cúng.
Nó go nuige seo, tá gearrscéalta, úrscéalta agus scéinséir scríofa aige. Gan trácht a dhéan¬amh ar an leabhar Béarla, Fermanagh Books, Writers and Newspapers of C19th.
B’amhlaidh ab fhearr do Shéamas é nó níor mhaith leis go mbeadh cosc ar a fhorbairt mar scríbhneoir:
“Níor mhaith liom an stíl a bheith i gcónaí mar an gcéanna agus ní shílim go mbeidh nó athraíonn mo mheon le haois.”
Tá athrach meoin ag teacht chun tosaigh i láthair na huaire agus Séamas ag amharc siar ar a shaol i dtuaisceart na tíre.
Trún aige, lá den saol, suí síos agus dul i mbun pinn agus saothar a chruthú a bheidh bunaithe ar imeachtaí ó 1969 ar aghaidh.
“Níor bhraith mé riamh go mbeadh deir¬eadh na dtrioblóidí ann agus i bhfírinne, nuair a tharla sé, bhí orm ‘detox’ a dhéanamh ar na rudaí uilig a tharla agus na rudaí a bhí thart orainn an t-am ar fad, an fuath agus an naimh¬deas, an seicteachas nó an claondearcadh.
“Agus cé go sílimse gur liobrálach mé, ní gan mo chlaontacht féin a bhí mé agus bhí orm an ‘detox’ a dhéanamh, agus rud a ghlanadh uaim go measartha scioptha.
“Lá éigin, scríobhfaidh mé fá na laetha sin. B’fhéidir go mbainfeadh sé blianta asam, ach tá rún agus ábhar agam dó.”
San idirlinn, ní bheidh Séamas ag síneadh an droma nó tá peann curtha le pár nó méar curtha le heochairchlár cheana féin agus úrscéal úr ag teacht chun saoil a bhuí le seal a chaith sé sa Bhriotáin, anuraidh:
“Bhí mé sa Bhriotáin anuraidh agus thug muid cuairt ar ‘chateau’ ansin agus tháinig muid ar stair na háite.
‘Ba le fear dárbh ainm Youssoupoff an chateau, fear a mharaigh Rasputin, nó scaoil sé é agus ba é an rud a ba íorónta fá dtaobh de ná cionn is gur mharaigh sé Rasputin agus go raibh air dul ar a sheachaint, tháinig sé slán as Réabhlóid na Rúise.
“Chríochnaigh sé suas ina chónaí sa teach seo, teach a thóg a aintín, a phós feirmeoir de chuid na Briotáine.”
Mar a bheadh Séamas ag leanúint chom¬hairle an Phiarsaigh do scríbhneoirí Gaeilge – “dul i gcomhar leis an Eoraip nua” – tchítear dó gur chóir go mbeadh scéalta lonnaithe lasmuigh d’Éirinn agus nach gcaithfidh suíomh gach scéil a bheith suite taobh istigh de thránna na tíre.
“Ní fheicim fáth ar bith nach mbeadh scéalta lonnaithe in áiteanna eile.
‘Nuair a labhair mé leis na mic léinn i nGaillimh, d’inis mé dóibh nach raibh fáth ar bith nach mbeadh scéal Gaeilge lonnaithe ar Mhars.
“Tá a leithéid ann i mBéarla agus i dtean¬gacha eile, cad chuige nach mbeadh sé amh¬laidh don Ghaeilge?”
Dearcadh, b’fhéidir, nach mbeadh forleath¬an sna laethanta nuair a bhí saol na Gaeilge ó thuaidh druidte isteach air féin agus is com¬hartha na forbartha atá déanta é go mbeadh Séamas ag cíoradh ghlinntí an aeir fá choinne ábhar spreagtha do scéal.

Scríofa ag ar 03.02.2010 Rannóg ealaíona.

2 Nóta Tráchta ar “Séamas Mac Annaidh – samhlaíocht shíoraí na nua-aoise”

  1. Philip

    Fáilte romhaibh, agus roimh an alt ar scríbhneoir is ansa liom.

    An bhfuil sibh seolta anois?

  2. Fearn

    Tá tagairt ar a scríobh sé is a scríobhfaidh sé.
    Cá bhfuil atá á scríobh aige?

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24