Seacht – i dtreo na huaighe
Tá Stirling Productions i mbun scannánaíochta i mBéal Feirste ar an cheathrú sraith
den chlár drámaíochta Seacht i láthair na h-uaire – an tsraith dheireanach den chlár.
Eachtraí seachtar mic léinn atá ag tabhairt
faoi chúrsaí ealaíona san Ollscoil atá mar bhunábhar na sraithe agus is cinnte go
mbeidh an tsraith deireanach lán le scéalta drámata.
Tarraingíonn rúndacht and
bréaga tonnta turrainge ar an ghrúpa agus feictear iad bailithe le chéile i reilig
le slán d’fhágáil le duine dá gcuid.
Craolfar an tsraith i Mí Eanair 2011 ar TG4
agus BBC TÉ.
Maoinithe ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, d’éirigh le Seacht an duais sa
chatagóir Aos Óg a bhaint amach dhá bhliain i ndiaidh a chéile ag Féile na Meáin
Ceilteach, sa Bhreatain Bheag anuraidh agus in Iúr Cinn Trá i mbliana, chomh maith
le bheith ainmnithe ag duaiseanna IFTA.