Pygmalion as Gaeilge

Pygmalion as Gaeilge.

Nach maith an smaoineamh: dráma a phléann le teanga agus leis an snobaireacht a mhothaíonn daoine áirithe cionn is an Ghaeilge, mo leithscéal!, cionn is go bhfuil teanga acu níos fearr ná mar atá ag a gcomharsana.

Samhlaigh an plota: cailín ó cheantar na Margaí i mBéal Feirste – Eliza – a dtagann fear uasal ó Ollscoil na Ríona chuici go ngeallann sé go mbeidh sí ina cainteoir Gaeilge chomh maith sin faoi am an Oireachtais, i gceann sé mhí, is go gcreidfidh daoine gur gariníon le Seosamh Mac Grianna í.

Agus ná déantar dearmad ar athair Eliza – cainteoir Ultaise!

Casadh nua i scéal Pygmalion, ach ní casadh iomlán nua é.

Is i nGearmáinis a bhí an chéad léiriú de Pygmalion, i bhfad siar, in 1913. Mar gheall ar fhadhbanna i Sasana, léiríodh dráma George Bernard Shaw den chéad uair i mBeirlín.

“Is dráma faoi theanga é agus is maith a oireann sé don Ghaeilge,” arsa Bríd Ó Gallchóir ón chompántas amharclainne, Aisling Ghéar.

“Nó do theangacha eile chomh maith. Léiríodh é i nGearmáinis, agus léiríodh é sa Rúis, am Stalin. Agus i go leor leor teangacha eile.

“Táimid tosaithe ar phleanáil don léiriú, cé nach dócha go mbeidh sé ann anois go dtí an bhliain seo chugainn.

“Tá corradh is deichniúr aisteoirí ann agus beidh dhá scoil páirteach sa léiriú, ar shlí áirithe, chomh maith, mar atá, Coláiste Feirste agus Girls Model.

“Táimid ar bís le dul leis, ach beidh orainn fanacht. Nó idir seo agus sin, caithfear maoiniú a fháil le dul ar thuras go Meiriceá.”

Tá cuireadh faighte ag Aisling Ghéar dul go IrishFest in Milwaukee agus tá siad ar a ndícheall chun an t-airgead a bhailiú chuige sin.

“Táimid ag iarraidh an léiriú dátheangach s’againne de Stones in his Pockets le Marie Jones a thabhairt ansin,” arsa Bríd.

“Táimid ag iarraidh an dráma a léiriú ag Scoil Samhraidh Mhic Reachtain i mBéal Feirste i mí Iúil, ansin ag Féile an Phobail agus ansin ar aghaidh go Milwaukee linn. Mar sin, beidh ár sáith le déanamh againn idir seo agus an fómhar.”

I rith an ama, áfach, tá a haird ar Pygmalion.

“Ba é Gearóid Ó Cairealláin a rinne an t-athchóiriú ar an dráma lena chur in oiriúint don nua-aois anseo i mBéal Feirste,” arsa Bríd.

“Luaigh sé gur mhaith an tseift an dráma a léiriú ag an Oireachtas, ó tharla cuid den aicsean a bheith ag titim amach ag an Oireachtas.

“Ach tá roinnt dreamanna i ndiaidh iarraidh orainn an dráma a léiriú acu. Mar sin, ag an phointe seo, gach seans go mbeidh an dráma ar na himeachtaí atá á mbeartú d’athoscailt na Cultúrlainne nua ar an bhliain seo chugainn.”

Scríofa ag Eoghan Ó Néill ar 08.06.2010 Rannóg ealaíona.

3 Nóta Tráchta ar “Pygmalion as Gaeilge”

  1. [...] as Gaeilge — Nuacht24 Pygmalion as Gaeilge Nach maith an smaoineamh: dráma a phléann le teanga agus leis an snobaireacht a mhothaíonn [...]

  2. Táim ag súil go mór leis – nó tá gá le cic sa tóín a thabhairt do snobairí teanga….agus snobairí na Gaeilge go h-áirithe.

  3. Sorcha Ní Mhealláin

    táim an-tógtha!

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24