Playography na Gaeilge

Sheol Tony Ó Dálaigh Playography na Gaeilge in Institiúid Téatair na hÉireann (ITÉ) i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath.  Bunachar sonraí lánchuimsitheach atá in Playography na Gaeilge atá ar fáil ar an idirlíon agus teacht ann ar shonraí faoi gach dráma Gaeilge ar tugadh an chéad léiriú air idir an bhliain 1975 agus an bhliain 2009.  Tá 256 dráma ar fad i gceist agus saothar le Eilís Ní Dhuibhne, Liam Ó Muirthile, Alan Titley, Antoine Ó Flatharta, Darach Ó Scolaí agus Joe Steve Ó Neachtain ina measc.  Tá leaganacha aistrithe agus leaganacha cóirithe de dhrámaí le Seán Mac Mathúna, Gerard Humphreys, Michael Harding, Gearóid Ó Cairealláin agus údair eile le fáil ar an suíomh idirlín freisin.  Chuir Foras na Gaeilge ciste ar fáil i ndáil leis an gcéad chéim seo den obair ar Playography na Gaeilge (1975 – 2009). Tá rún ag Institiúid Téatair na hÉireann tús a chur anois leis an dara cuid den obair thaighde, chomh fada siar leis an mbliain 1900, a thabhairt chun críche agus cinnteofar go gcuirtear sonraí faoi gach dráma nua Gaeilge leis an mbunachar de réir mar a thugtar an chéad léiriú air.

“Táthar an-tógtha leis an togra seo in Institiúid Téatair na hÉireann,” arsa Siobhán Bourke, Comh-Stiúrthóir na hInstitiúide.  “Tá trí bliana caite leis an saothar go dtí seo agus tá teacht ag daoine anois den chéad uair ar na mílte dráma i nGaeilge agus i mBéarla ar aon suíomh idirlín amháin.  Measadh riamh go mba thábhachtach an rud drámaí nua i nGaeilge maille le sonraí ina leith a bheith á liostú sa bhunachar seo ar an idirlíon agus is mór againn gur tháinig Foras na Gaeilge i bpáirt linn i mbun an togra.”

Tagann Playography na Gaeilge leis an láithreán gréasáin Irish Playography (1904 go dtí an lá atá inniu ann) a seoladh sa bhliain 2006 ar a bhfuil sonraí le fáil anois faoi líon is airde ná 2,000 dráma nua de chuid na hÉireann a léiríodh go gairimiúil trí Bhéarla.  Is féidir cuardach a dhéanamh maidir le drámaí ar Playography na Gaeilge de réir an teidil nó an údair, de réir aisteoirí nó stiúrthóirí nó de réir bhliain an chéad léiriúcháin.  Acmhainn thábhachtach atá ann atá dírithe ar chomplachtaí drámaíochta, ar léiritheoirí agus stiúrthóirí, agus ar ghrúpaí drámaíochta nó ar dhuine ar bith a bhfuil suim aige in amharclannaíocht na Gaeilge.  Tarraingítear aird ann ar an gcion oibre a rinne na céadta den lucht amharclannaíochta ar mhaithe leis an drámaíocht trí Ghaeilge.

“Is breá le Foras na Gaeilge bheith i bpáirt le hInstitiúid Téatair na hÉireann d’fhonn Playography na Gaeilge a chur ar fáil” arsa Deirdre Davitt, an Bainisteoir Cláir i ndáil leis na hEalaíona le Foras na Gaeilge.  “Is ríthábhachtach an tionscnamh seo, ní amháin i ndáil le hamharclannaíocht na Gaeilge, ach i ndáil le hearnáil na healaíne go ginearálta, in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.  Tá againn ar deireadh aon áit amháin ina bhfuil gach eolas ar fáil a bhaineann le hamharclannaíocht na Gaeilge (1975 – 2009), eolas a mbaineadh an-deacracht lena aimsiú go dtí seo”.

Playography na Gaeilge le breathnú anois ar www.irishplayography.com

Scríofa ag ar 01.05.2010 Rannóg ealaíona.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24