Margadh na seachtaine ag CIC

Tá tús curtha againn arís le Margadh na Seachtaine.

MARGADH NA SEACHTAINE #5  - (18 Deireadh Fómhair, 2011 go 25 Deireadh Fómhair, 2011)

Ar feadh seachtaine tá albam amháin & leabhar amháin ar lascaine 50%. COMÓRTAS seachtainiúil freisin. Sonraí thíos.

An  tseachtain seo is iad: Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha  le Gearóid Denvir agus an t-albam Nancy Bhán le Beairtle Ó Domhnaill atá ar lascaine.

 

CEOL:  An t-albam Nancy Bhán le Beairtle Ó Domhnaill - laghdaithe ó €20.00 go €10.00 ar feadh seachtaine.

Fiche amhrán san iomlán, idir Bhéarla agus Ghaeilge, atá ar Nancy Bhán.  Déanann na hamhráin ceiliúradh ar stair agus ar thraidisiúin Chonamara, le hamhráin in ómós do John Mannion, an dornálaí as Ros Muc, agus Pádraic Dharach, an bádóir as Garumna, san áireamh, chomh maith le hamhráin a cheiliúrann traidisiún na mbád orthu sin tá “An Mary Ann” agus “Púcan Mhicil Pháidín”.  Ar na hamhráin eile atá le cloisteáil tá “Nancy Bhán”, amhrán a mbíonn an-tóir air, “Amhrán Tom Deairbe”, i gcuimhne ar an mbádóir cáiliúil agus “I m’fhear óg i Ros an Mhíl”, cuimhní cinn imircigh ar a óige. Is stíl Ghaelcheol tíre atá sna hamhráin ar an albam seo, stíl ar chuir Beairtle agus John Beag Ó Flatharta tús léi, atá le cloisteáil go forleathan anois i gConamara.  Is í Dympna Carroll an t-amhránaí taca ar an albam agus tá tionlacan ceoil ó Mick Conneely, Eugene Kelly, Ger Fahy agus Eugene Killeen.

LEABHARSé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha  le Gearóid Denvir. Laghdaithe ó €25.00 go €12.50 ar feadh seachtaine.

Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha, atá in eagar ag Gearóid Denvir, san iomaíocht le ceithre leabhar eile don teideal Leabhar na Bliana 2011. Fógrófar buaiteoirí an ghradaim, Gradam Uí Shuilleabháin, a bhronnann Oireachtas na Gaeilge go bliantúil, sa Leabharlann Náisiúnta ar an Mháirt, an 15 Samhain.

Cluintear duine san áit nach bhfeictear é, a deir an seanfhocal, agus breis agus deich mbliana tar éis a bháis anabaí tá glór breá láidir soiléir sin Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha le cloisteáil an athuair… Lena bheo ní raibh ócáid i gConamara, i nGaillimh ná go deimhin in Éirinn fré chéile nach raibh a léirmheas dána féin tugtha ag an bhfile air: forbairtí conspóideacha tithíochta, imeachtaí polaitiúla náisiúnta agus áitiúla, corrscannal anseo agus ansiúd. Ach ní taobh leis an bhfilíocht phoiblí amháin a bhí an file; gheofar sa leabhar seo freisin cuid den fhilíocht mhachnamhach, aigneolaíoch agus fealsúnachta is fearr ó bhí Raiftearaí agus a chomhfhilí ina sea: cumha i ndiaidh an bhaile, uamhan i leith an nádúir, machnamh domhain ar chúrsaí spioradálta agus cráifeacha. Is fada muid ag feitheamh ar an leabhar seo, ach mar a deir siad, is minic a bheireas an mhoill an barr léi.

COMÓRTAS

Má tá suim agat leabhar nó albam ar leith a fheiceáil ar lascaine níl le déanamh ach do mholadh a chur chugainn ag ar Facebook nó ar Twitter. Tá muid ag cur fáilte roimh mholtaí ón bpobal gach seachtain. Cuirfear d’ainm isteach sa hata le cóip d’albam agus leabhar na seachtaine a bhuachan.

Is féidir albam nó leabhar a chur san áireamh do ‘Margadh na Seachtaine’ ach cuairt a thabhairt ar Chló Iar-Chonnacht ar Facebook (www.facebook.com/cloiarchonnachta) nó téigh chuig www.twitter.com/CloIarChonnacht, nó seol r-phost chuig

Scríofa ag ar 18.10.2011 Rannóg ealaíona.

Tabhair Freagra

Tráchtanna is Déanaí

© Nuacht24