Leabhar nua Standúin

Níl aon amhras ach go bhfuil Pádraig Standún ar dhuine de na húrscéalaithe is fearr agus is bisiúla i nua-litríocht na Gaeilge. Ó thús na n-ochtóidí i leith tá súil ghrinn ghéar caite aige ar mhuintir na Gaeltachta agus na hÉireann. Sa leabhar seo, áfach, tugann sé faoi dhúshlán nua: stair agus seanchas an cheantair a bhfuil sé ina shéiplíneach ann ó 1995 a ríomh – Tuar Mhic Éadaigh.

Gheofar trácht sa leabhar seo ar chúrsaí bíoblóireachta sa naoú haois déag, cur síos ar an saol a chaith na gnáthdhaoine sa seanreacht agus cuntas ar Chogadh na Saoirse sa cheantar, chomh maith le stair na bhfoirgneamh, na n-institiúidí agus na ndaoine atá ar marthain go fóill. Gheobhaidh muintir Thuar Mhic Éadaigh in Éirinn agus níos faide ó bhaile lón machnaimh agus cuimhne sa leabhar seo.

Rugadh Pádraig Standún i mBaile Dabhoc, Caisleán an Bharraigh, Co Mhaigh Eo i 1946. Is scríbhneoir, gníomhaí agus sagart é a bhfuil cáil leathan air. Is mar úrscéalaí is mó atá aithne air, ach léiríodh go leor drámaí leis chomh maith. Léiríodh dráma dá chuid, Stigmata, i dTaibhdhearc na Gaillimhe i 1996, agus bhí tuilleadh drámaí leis ar an gciorcaid amaitéarach chomh fada ó bhaile le Béal Feirste agus Londain. Bhí a dhráma Uisceinafhíon ar ghearrliosta do Ghradam Litríochta Chló Iar Chonnacht i 2001.

Bhunaigh Bob Quinn a scannán Budawanny (1987) ar an gcéad úrscéal ó pheann Standúin, Súil le Breith (1983) Ta cúig cinn déag d’úrscéalta scríofa aige agus tá siad aistrithe go teangacha éagsúla, ina measc, Béarla, Gearmáinís agus Rómáinís. Díbirt Dé (Cló Iar-Chonnacht, 2007) an t-úrscéal ba dhéanaí a foilsíodh uaidh. Tar éis tréimhsí sagartóireachta sa Cheathrú Rua, agus in Inis Meáin agus Inis Oírr, Árann chuaigh sé go Tuar Mhic Éadaigh. Tá sé ina shéiplíneach i dTuar Mhic Éadaigh le cúig bliana déag anuas, ach beidh deireadh ag teacht lena thréimhse sa gceantar i mí Iúil nuair a thabharfaidh sé aghaidh ar Charna, Conamara.

Tuar Mhic Éadaigh: Stair agus Seanchas

Pádraig Standún

Cló Iar-Chonnacht

Clúdach bog €15.00

ISBN: 978-1-905560-39-4

Scríofa ag ar 24.06.2010 Rannóg ealaíona.

3 Nóta Tráchta ar “Leabhar nua Standúin”

  1. Fearn

    An bollscaireacht foillsitheora é seo?

  2. séamus mac seáin

    is féidir gurb ea a fhearn ach thaitin an beagán eolais faoin a bhfuil sa leabhair liom agus an cur síos ar an tsagart é féin. binn goirid go díreach mar is maith liom mo chuid eolais a fháil. Is dócha go dtiocfaidh léirmheas ar ball?

  3. Fearn

    tuigim duit a Sheáin, ach ní maith liom bollscaireacht fiú más faoi bhréagriocht é. Bíonn sé deacair bheith i dtaobh an teachtaire

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24