Ící Pící

 

 

Rinne Doimnic Mac Giolla Bhríde leabhar s’aige, Ící Pící, a sheoladh in An Ceathrú Póilí sa Chultúrlann i mBéal Feirste, Dé Sathairn seo caite.

Bhí slua ó Ghaoth Dobhair i láthair don ócáid agus rinne páistí cuid de na hamhráin iontacha atá sa leabhar a chanadh.

Cnuasach d’amhráin do pháistí atá sa leabhar, 24 ceann acu, agus aistriúchán go Béarla leo.

Cnuasach den chéad scoth atá ann agus tá dlúthdhiosca leis.

Ceol agus leabhar gleoite atá maisithe go maith. Tá Ící Pící (€20/£18) ar fáil ó An Ceathrú Póilí nó ó siopaí maithe eile.

nó thig a ordú ó http://www.facebook.com/icipici

 

 

Scríofa ag ar 20.04.2010 Rannóg ealaíona.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24