Dave agus a shaol drámatúil

Ó ainmiúchán Oscar go drámaí Gaeilge tá a chlú déanta i bhfad is i gcóngar ag fear Phort Láirge.

Is annamh an duine a bhaineann an dubh-shult as a chuid oibre, ach is duine as an choitiantacht ar fad an drámadóir/urscéalaí/ gearrscéalaí, Dave Duggan.

Ní amháin go bhfuil sé d’acmhainn ag Duggan, atá ina chónaí i nDoire, é pósta agus beirt pháistí aige, ní amháin go bhfuil sé d’acmhainn aige gach réimse den scríbhneoireacht a chruthú i nGaeilge agus i mBéarla, ach is scríbhneoir proifisiúnta é a théann i mbun pinn gach lá go fonnmhar.

Agus é ar bhéala an chéad taibhiú den dráma is déanaí aige, Still, The Blackbird Sings – Incidents at Ebring­ton Barracks, labhair Dave ar a shaol mar scríbhneoir cruthaitheach:

“Tá an t-ádh orm go mbainim-se pléisiúr as an obair, is cuma cén cineál scríbhneoireachta atá ann, agus tchítear dom go bhfuil an jab atá agam, playwright, mar a deirtear i mBéarla, gur ceird é agus go mbai­neann sé uilig leis an struchtúr a fháil mar is ceart agus b’fhéidir gur sin an rud is tábhachtaí uilig fá dhráma a scríobh. Cé go bhfuil úrscéalta agus gearrscéalta scríofa agam, bainim-se níos mó pléisiúir as dráma a scríobh, b’fhéidir cionn is go bhfuil an duine os do chomhair ar ardán mar a bheadh duine san aon seomra leat. Is maith liom an daonnacht a bhai­neann leis an suíomh agus is maith liom amharc ar an dóigh a dtéann dúshlán i bhfeidhm ar na haisteoirí.”

Is mór an saothar atá cruthaithe ag Dave, iarchéimí eolaíochta ó UCD, a rugadh i bPort Láirge, a chuir dúshlán roimhe féin, in 1992, nuair a shocraigh bheith ina scríbh­neoir proifisiúnta lánaimseartha. Ag amharc siar ar thús an tsaoil sin agus ar thús na scríbhneoireachta, arsa Dave: “Bhí mé i gcónaí ag scríobh nuair a bhí mé i mo dhéagóir, tá a fhios agat an cineál ruda a bíos ag cur as do dhéagóirí – grá, nó réamh-ghrá, b’fhéidir, ab fhearr a thabhairt air – agus ansin, nuair a bhí mé sna fichidí, thosaigh mé ag scríobh gearrscéalta, ach bhí mé i gcónaí ag breacadh rudaí síos. Ansin in 1992-1993, rinne mé cinneadh go mba­infinn triail as an scríbhneoireacht go lánaimseartha agus d’éirigh liom sraith drámaí a scríobh don BBC, Broadcast Talks, agus ansin thosaigh an t-airgead ag teacht isteach agus d’aithin mé go dtiocfadh liom mo bheatha a thabhairt i dtír ar an dóigh sin.”

Is é meon oibre nó eitic oi­bre Dave – “fanann scríbhneoirí amaitéaracha leis an spreagadh fad  agus atá an chuid eile againn ag obair” – is cúis leis an sárshaothar atá go fóill ag teacht uaidh agus a ba chúis leis a bheith ainmnithe do dhuais Oscar in 1997 fá choinne na scripte scannáin, Dance Lexie Dance.

Meon é seo a chuireann sé ina luí ar scríbhneoirí ag na ceardlanna a dhéanann se ó am go ham agus atá léirithe ina dhearcadh nuair a labhraítear ar an ainmniúchán don Oscar: “Sin seanstair. Tharla sin in 1997 agus cé nach bhfuil mé ag gearán agus go raibh sé iontach le bheith ainmnithe agus a bheith thall ansin, tá sé sin uilig sa stair agus tá mé ag déanamh rudaí eile anois agus tá rudaí eile déanta agam ó shin.”

Agus ní beag an saothar a tháinig ón drámadóir ó shin i leith. Leithéidí Bubbles in the Hot-Tub, Plays in a Peace Process, Gruagairí, Cú Dé, The Recruiting Office agus Riders to the Road, gan trácht a dhéanamh ar an dráma, Dance Lexie Dance, a bheith á léiriú san Afganastáin i láthair na huaire. Flúirseacht agus máistreacht ceirde atá annamh, go háirithe i nduine nach raibh aon bhaint ag a mhuintir leis an scríbhneoireacht:

“Ba ghnáth-theaghlach muid, ar eastát i bPort Láirge, ach b’amhránaí í mo mháthair a raibh suim mhór aici i seónna variety agus a leithéid. D’oibrigh m’athair i monarcha ag déanamh sraithadhmaid, ach bhíodh sé i gcónaí ag léamh. I bhfírinne, ba mise an chéad duine as an eastát le dul chun na ollscoile.”

Is é gnáthshaol an lae inniu is mó atá le feiceáil i saothar Dave; is iad na rudaí coitianta atá thart orainn, go háirithe na rudaí a thiteann amach sa Tuaisceart, a thugann ábhair spreagtha dó:

“Is maith liom an dóigh a dtéann coimhlint nó fadhb i bhfeidhm ar na cara­chtair agus an dóigh a bhfeictear sin sna hagal­laimh. Ba mhaith liom go mbeadh an bheocht sin le feiceáil ag an phobal agus go mbeadh na rudaí atá ag tarlú nasctha leis an tsamh­laíocht agus go dtabharfaí léiriú ar an dúshlán atá roimh an duine agus go mbainfí an pobal pléisiúr as.”

Téamaí agus samhlaíocht a bheidh le feiceáil, arís eile sa dráma úr ó Dave, Still, the Blackbird Sings – Inci­dents  at Ebrington Barracks, dráma atá bunaithe ar shaol an fhile, Francis Ledwidge, a bhí lonnaithe ar feadh sé mhí sa tseanbheairic i nDoire le linn an Chéad Chogadh Domhanda.

Ag caint ar an dráma, atá suite in am an Chogaidh, agus atá bunaithe ar an scoilt i ndearcadh an phobail, arsa Dave:

“Chuaigh Náisiúnaithe na hÉireann isteach in Arm Shasana sa Chéad Chogadh Domhanda cionn is gur gealladh dóibh go mbeadh féinriail ann in 1914. Ba mhaith leo taispeáint go raibh siad in ann saoirse a dtíre féin a chaomhnú i gcoinne na Gearmáine. Sheas siad leis na hAontachtaithe le suaimhneas agus cothrom na Féinne a bhaint amach san Eoraip agus le go mbeadh sochaí shaor ann in Éirinn. Cuireadh brú ar an chomhghuaillíocht seo mar gheall ar chúrsaí áirithe, ina measc Éirí Amach na Cásca agus Cath an Somme.” In ainneoin go bhfuil an dráma, atá le léiriú sa Playhouse i nDoire, 25-27 Feabhra, i mBÁC, 1–6 Márta, agus i gCultúrlann Bhéal Feirste, 11-12 Márta, measann Dave chan amháin go bhfuil baint ag an téama le saol an lae inniu in Éirinn, ach go mbaineann sé leis an saol ar bhonn domhanda: “Tá ceisteanna morálta go fóill ann fán chogadh sin agus tá na macallaí sin le cluinstin go fóill. An dtig le cogadh ar bith suaimhneas agus cothrom na Féinne a chur i bhfeidhm san Eoraip, go háirithe cogadh atá ag dul ar aghaidh i bhfad ar shiúl ón Mhór-Roinn? Ar chóir a rá go bhfuiltear ag troid ar son saoirse daoine nuair is cuma leis na daoine sin saoirse ann nó as?”

Tchítear don drámadóir fosta go bhfuil comhthreo ann le polaitíocht an tuaiscirt, áit a bhfuil an-dul chun tosaigh déanta sa phróiseas sío­chána:

“Mhair na cainteanna ar phóilíneacht agus ar cheartas ar feadh coicíse, beagnach. Bhí Ledwidge agus a scuad i mBeair­ic Ebrington ar feadh sé mhí in 1916 agus iad i mbun díospóireachta ar na hábhair chéanna.

“An bhfuil muid ag déanamh ómóis do na daoine ag an Somme, nó an bhfuil muid ag seasamh ar son na ndaoine a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca? An féidir leis na cainteanna muid a thabhairt chun tosaigh go dtí nach bhfuil muid tiomanta ach don chuspóir nach dtarlódh na rudaí a tharla a choíche arís?”

Cé nach fios cén deireadh a bhei­dh ar chúrsaí an tuaiscirt, tchítear do Dave go bhfuil dul chun cinn ar leith déanta go nuige seo.

“D’éirigh le stiúrthóir an dráma (Caitríona McLaughlin) an dráma a léiriú cúpla oíche i mBeairic Ebring­ton féin. Sin comhartha ar an dul chun cinn atá déanta – léiriú sibhialta ag dul ar aghaidh i mbeairic, agus beidh le feiceáil cá fhad a mhairfidh sé.”

Fiú muna leanann an tsíocháin, tá rud amháin cinnte agus is é sin go mbeidh Dave Duggan go fóill i mbun pinn agus ag soláthar drámaí a thabharfaidh orainn amharc orainn féin agus ar ár mbarúlacha i gcomh­théacs i bhfad níos fairsinge ná na Sé Chontae.

le Déirdre Ní Ghrianna

Scríofa ag ar 23.02.2010 Rannóg ealaíona.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24