Cuairt na bhFilí Albanach 2010
le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
In ainneoin na dtrioblóidí taistil a thit amach an tseachtain seo de bharr an
luaithreamháin bholcánaigh san aeráid, d’éirigh leis na filí Albanacha aistear a
dhéanamh thar shruth na maoile ar bhád agus an turas fada a dhéanamh ó Aontroim go
Cathair Chorcaí ag tús na seachtaine.
Cuireadh tús leis an bhféile ag an ócáid Ó Bhéal a eagraíonn an file Paul Casey gach
Luan sa Long Valley sa chathair. B’oíche an-shuimiúil a bhí ann agus bhí freastal
mór air agus an-spéis ag na filí áitiúla bualadh leis na hAlbanaigh.
As sin, thaistil na filí chomh fada le Béal Átha an Ghaorthaidh áit ar thug siad
cuairt ar Scoil Mhuire.
Bhí ócáid fhíorálainn ansiúd acu sa scoil áit a ndearna na scoláirí cur i láthair do
na filí agus thaitin go mór leis na filí bualadh leis an gcéad ghlúin eile d’fhilí
agus de cheoltóirí Gaelacha na tíre.
Is in Ionad Cultúrtha Bhaile Bhúirne a bhí an chéad ócáid eile, i dteannta
Dhámhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn, agus an ceoltóir gradamúil Peadar Ó Riada agus an
amhránaí Gobnait Ní Chruadhlaoich.
Beidh ócáid ar siúl anocht (Déardaoin) i dteach tábhairne Toner’s ar shráid Bhagóid
ag 19.30 agus i láthair chun páirt a ghlacadh san oíche beidh na filí Greagóir Ó
Dúill, Caitríona Ní Chleircín agus an t-amhránaí Brian Ó Domhnaill.
Chun críoch speisialta a chur leis an gCuras seo atá ar an bhfód anois le dhá scór
bliain beidh ceiliúradh ar an Aoine in Áras na Comhdhála ar Sráid Chill Dara ag
19.00, áit a mbeidh taispeántas de ghrianghraif ó na féilte thar na blianta agus
ina dhiaidh sin déanfar tús a chur leis an gcomórtas filíochta bliantúil a bhíonn á
reáchtáil le linn Chuairt na bhFilí Albanacha Comórtas Uí Néill.
Tá súil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go mbeidh sibh ar fad inár dteannta don
cheiliúradh.
Eagraíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge Cuairt na bhFilí Albanacha le cabhair
mhaoiniúcháin ó Fhoras na Gaeilge.