Ceiliúradh ar leith don Fhéile Bríde
Beidh lá mór ceol, craic agus ceiliúradh ann i gCultúrlann MacAdam Ó Fiaich Lá Fhéíle Bhríde nuair a dhéanfaidh an Gael aitheanta Micheál Ó Máirtín, seoladh ar ‘An Griangraf Gafa’, leabhar spreagúil ón údar Jim Herron.
Beidh ceol den scoth ann fosta ag an imeacht, nuair a líonfaidh Nodlaig Brolly Dánlann Dillon le ceol binn an chlairsigh.
Tá fáílte roimh cách chuig an imeacht a tósaíonn ag 1.00i.n ar an Satharn seo chugainn 1ú Feabhra le Padráig Ó Maolcraoibhe ina fhear a’ tí.
Is tionscnamh de chuid Fhorbairt Feirste é An Griangraf Gafa, a bhfuil tacaíocht faighte aige ón Roinn Cultúr Ealíon agus Fóillíochta, agus is é atá déanta ag an údar Jim Herron sa leabhar iontach seo ná griangrafanna agus seanfhocail a cheangal le chéile sa dóigh is go bhféadfadh an léitheoir tairbhe a bhaint chan amháin as téacs an ghriangraif ach as seanfhocal cuí chomh maith.
Caitheann an tionscnamh seo solas ar an draíocht ar leith atá ag baint le comarthaí Gaeilge agus na seanfocail atá ceangailte leo, agus taispeánann sé go poiblí go bhfuil an teanga seo, a bhfuil muid uilig ag iarraidh a chur chun cinn, go bhfuil sí beo beathach. In ainneoin an tsaoil.
Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le nó scairt air 02890438597 nó 07739875309