Aiséirí Anraí
le Deirdre Ní Ghrianna
Mheas Aldous Huxley nárbh é an rud a tharla duit a ba thábhachtaí ach gurbh é an rud a rinneadh leis an taithí sin a bhí ríthábhachtach i saol duine.
Ráiteas a oireann, b’fhéidir, d’Anraí Mac an Ultaigh, scríbhneoir de bhunadh Bhéal Feirste agus scríbhneoir a ndeachaigh mórscríbhneoir Shasana an 20ú haois go mór i bhfeidhm air.
Nó ag caint le hAnraí Mac an Ultaigh, a rugadh ag deireadh na ndaichidí agus a tógadh i Sráid an Dúin agus atá go fóill ina chónaí in iarthar Bhéal Feirste, ní d’aonturas a tharla sé gur scríbhneoir é, ach a mhalairt, leis an fhírinne a dhéanamh.
Ní hé nach raibh suim ag an iar-mhúinteoir scoile i litríocht ná i leabhair, ach b’as a shuim sa Ghaeilge a tháinig a shaol mar scríbhneoir chun tosaigh, scríbhneoir a bhfuil ceithre leabhar go dtí seo i gcló aige, mar atá, 1969 (1999), An Rian (2002), Aiséirí an Icearais (2004) agus An Deamhan (2007).
Agus ar nós mholadh an fhile, Jack Kerouac, bhí bealach Anraí chun na Gaeilge i bhfoirm fhiarláin, mar a mhínigh sé:
“I ndiaidh dom a bheith ar bhunscoil Naomh Gall i Sráid Waterville, chuaigh mé go dtí Scoil na mBráithre i Sráid na Beairice agus ar Bhóthar an Ghleanna. Rinne mé na ‘O’-Leibhéil agus ansin d’fhág mé an scoil agus bhí roinnt jabanna ina dhiaidh sin agam.
“San am sin, bhí mé i ngrúpa ceoil thraidisiúnta agus oíche amháin, tháinig Aodán Mac Póilin chugam agus d’fhiafraigh sé díom nár mhaith liom amhráin Ghaeilge a fhoghlaim, agus ar ndóigh, bhí mé i bhfách le hamhráin a fhoghlaim.
“Cé go raibh suim ag mo dheirfiúr sa Ghaeilge, ní raibh Gaeilge ar bith sa teach agus ní raibh rún dá laghad agam Gaeilge a fhoghlaim.”
Cé go ndearna sé staideár ar an Ghaeilge nuair a bhí sé ar scoil, níorbh fhada d’Anraí, mar a fuair go leor eile amach roimhe agus ina dhiaidh, mé féin san áireamh, a thuigbheáil nárbh ionann Gaeilge na scoile agus an Ghaeilge a bhíothas agus atáthar ag cleachtadh i gCumann Chluain Árd.
Ag amharc siar ar an am, arsa Anraí:
“Ba in 1967 a chuaigh mé ar na ranganna agus cionn is go raibh Gaeilge déanta agam cheana féin, shíl muid, mise agus Aodán, nárbh fhiú dom freastal ar an bhunrang agus chuaigh mé isteach sa dara rang.
“Bhí Bríd, bean Uí Mhonacháin ag teagasc an ranga agus chuir sí an cheist orm ‘Cad é an t-ainm atá ort?’ agus d’amharc mise ar m’uaireadóir agus d’fhreagair mé ‘a hocht a chlog.’”
In ainneoin an túis mhísheánmhair seo agus i ndiaidh d’Anraí a mhian a fháil agus an chéad amhrán Gaeilge ar bharr a theanga aige – ’S’é Fáth Mo Bhuartha’ – lean sé ar aghaidh leis na ranganna agus sa deireadh, ar shean-nós an Chumainn, thosaigh sé féin ag teagasc ranganna san áit, sna seachtóidí agus sna hochtóidí.
Thosaigh bachlóga na scríbhneoireachta ag borradh fán am seo agus mheas Anraí, a bhí riamh tugtha do mhórscríbhneoirí an Bhéarla, amhail Huxley, Waugh agus Somerset Maugham (“ce gurbh fhearr Huxley. . .”), ó am na scoile, mheas sé go raibh ábhar scríbhneora ann:
“San am sin, bhí mé óg agus lán de mhórtas mar a bíos daoine óga. Bhí sraith teilifíse ann san am, Strumpet City, agus mheas mé féin go dtiocfadh liom níb fhearr ná sin a scríobh i nGaeilge agus go dtiocfadh liom a bheith i mo mhórscríbhneoir Gaeilge.”
Cé go raibh Anraí ag scríobh leis, ní raibh sé go fóill i mbéal an phobail mar scríbhneoir cruthaitheach. I bhfírinne, ba mhó an t-aitheantas a fuair a dheirfiúr mar scríbhneoir nó bhain sí an comórtas scríbhneoireachta a bhí ag Raidió Downtown lena gearrscéal.
Ach deirtear go bhfaigheann foighid fortacht agus go n-oibríonn Dia ar dhóigheanna diamhracha agus mar a tharla sé, ba trí ranganna Gaeilge a tháinig scríbhneoireacht Anraí chun tosaigh:
“Thart fá 1980, bhíothas ag iarraidh ranganna Gaeilge a bhunú i gCromghlinn, áit a raibh mé i mo chónaí san am, agus bhí obair agam ábhar léitheoireachta nó scéalta nua-aimseartha a fháil do dhaoine fásta sa rang agus san am, thosaigh mé ag scríobh 1969, go mbeadh ábhar léitheoireachta ann. Ní raibh ann san am ach gearrscéalta aonaracha agus i ndiaidh tamaill, dúirt bean amháin liom chan amháin gur chóir iad a fhoilsiú ach go raibh ábhar úrscéil sna rudaí uilig dá gcuirfí le chéile iad.”
Ach ní le bogadh súile a nítear teach, mar a fuair Anraí amach.
Agus an leabhar i mBéarla agus i nGaeilge beirt, ní raibh ag éirí le hAnraí é a fháil foilsithe:
“Tá sé millteanach deacair leabhar a fháil foilsithe munar duine mór le rá thú. Creidim gur bhain mé iarracht as gach foilsitheoir Béarla dá bhfuil ann agus níor éirigh liom.
“Sa deireadh thug mé an leabhar do Shéamas Mac Seáin a thug do Phádraig Ó Snodaigh é agus dúirt sé go gcuirfeadh sé i gcló é.”
B’ionann seo agus tús shaol Anraí mar scríbhneoir agus mar chodarsnacht ar go leor eile ar éirigh leo leabhar a fháil foilsithe, níorbh fhada go raibh sé i mbun pinn arís eile.
B’éacht é gur cuireadh leis an chéad leabhar. Ní hé amháin go bhfuil obair mhór ag baint le húrscéal a scríobh in am ar bith, ach is measa arís é nuair atá do shláinte do chrá, mar atá ag Anraí agus airtríteas ag cur as dó le fada.
Agus ba mhór an obair a bhí ann le gach leabhar acu, mar a mhínigh Anraí, a bhíonn ag scríobh nuair a bíos fáil aige:
“Bhí gach ceann acu deacair ar dhóigheanna éagsúla. Mar shampla le Aiséirí an Icearais, ba obair mhór a bhí ann ag smaointiú ar an scéal. In amanna, mhúscail mé i lár na hoíche agus smaoineamh agam ar athrach a dhéanamh agus ar ndóigh, nuair atá athrach ann, bíonn tionchar aige sin ar phíosa eile. Mar sin de, bhí orm athrach eile a dhéanamh agus tharla sé sin arís agus arís.
“Ansin nuair a bhí mé ag scríobh An Rian, bhí sé deacair ar dhóigh eile cionn is gur scéal greannmhar atá ann agus tá sé thar a bheith deacair greann a chumadh nuair atá tú tinn.
“I dtaca leis An Deamhan de, b’fhíorscéal a bhí ann, a bheag nó a mhór, agus bhí sé casta fosta agus bhí mé ag smaointiú air ar feadh bliana agus bhí obair ann an rud uilig a thabhairt le chéile agus bhí obair mhór leis de thairbhe sin.”
B’fhiú an obair nó d’éirigh le hAnraí agus leis an leabhar duais a bhaint i gcomórtas na scríbhneoireachta ag an Oireachtas. Éacht eile d’fhear nár fhreastail ar choláistí Gaeilge nó nach raibh ar chúrsa Gaeilge foirmeálta riamh.
In ainneoin a shláinte, tá Anraí anois ar obair ag smaoineamh ar a chéad leabhar eile, cineál beathaisnéise de ghearrscéalta ach go háirithe fá na rudaí a tharla dó agus fá na daoine a casadh air i gCumann Chluain Árd sna seascaidí agus na seachtóidí nó, b’fhéidir, ré órga an Chumainn.
Smaoineamh agus obair a bheadh ag teacht le laoch litríochta Anraí féin - Huxley, “a fuair bás ar an lá chéanna a scaoileadh JFK” agus “nach bhfuil d’aithne ag an phobal air ach as Brave New World agus “a bhí i bhfad chun tosaigh ar na mórscríbhneoirí eile nó bhí coinsias aige.”
Nó i mbarúil Huxley, “is ionann cuimhne an duine agus a chuid litríochta pearsanta féin” agus níl aon amhras ann, agus Anraí ag leanúint an mheoin sin, ach go dtiocfaidh litríocht ar leith as an chéad leabhar eile amach anseo.