Nuacht24 » tuairim

Gradam Leabhar na Bliana
Le caoinchead Meadhbh Ní Eadhra

Bhíos i láthair ag ócáid speisialta sa Leabharlann Náisiúnta aréir, nuair a bronnadh Gradam Leabhar na Bliana. Ar an drochuair, ní raibh Caitríona (duine de na buaiteoir) in ann teacht, ach bhí Seán Mac Seáin, athair Chaitríona Nic Sheáin ón gcomhlacht foilsitheoireachta an tSnáthaid Mhór, ann. Léigh sé píosa ó ‘Mac Rí Éireann’ agus bhí sé iontach ar fad. B’álainn an rud é Máire Mhac an tSaoi a ch…loisteáil ag léamh óna leabhar freisin, agus ba dheas an rud é bualadh léi agus le neart scríbhneoirí, foilsitheoirí, léitheoirí agus Gaeilgeoirí eile

Buaiteoir Ghradam Uí Shúilleabháin 2011: Máire Mhac an tSaoi, lena saothar ‘Scéal Ghearóid Iarla’, foilsithe ag Leabhar Breac.

Buaiteoir Ghradam Réics Charló 2011: Caitríona Hastings agus Andrew Whitson, le ‘Mac Rí Éireann’, foilsithe ag An tSnáthaid Mhór.

Comhghairdeas mór leo agus le gach duine a ainmníodh ar na gearrliostaí fosta

Blah Blah Blag
Nach iontach an dóigh a bhfuil an Irish Times, RTÉ, an Examiner, et al ag tarraingt aníos laochra 1916 agus a n-éachtaí ar mhaithe le cic a thabhairt don Chomhrialtas.

Is cinnte go bhfuil rudaí go hainnis sa stát, is cinnte go bhfuil an comhrialtas damnaithe ach an é go bhfuil an Irish Times ag athscríobh na staire agus ag maíomh anois as na fir a dhamnaigh siad nuair a thug siad faoin Impireacht is mó ar an domhan 94 bliain ó shin?

Ar a laghad tá cumas náire ag an Indo go fóill agus ní dheachaigh siadsan thar fóir ag maíomh as éachtaí laochra 1916.

Nó is maith is cuimhin linn ar fad a glóraí is a bhí siadsan ar son a marú.

Ach nach raibh an Irish Times…….?

Ssssssh!

Tá dearcadh eile ar fadhbanna an stáit – dála an scéil is stát seachas tír atá i gceist sna 26 Chontae. D’aithin laochra 1916 an difear sin go smior ach ní aithníonn lucht nua-athghabháil 1916 nach ionann an stát agus an tír/náisiún.

Athscríobh eile ar an stair acu.

Ach tá dearcadh eile le léamh faoina bhfuil ag titim amach sna 26 Chontae ach dul a lorg an píosa a scríobh Marc Coleman don BBC.

B’fhiú go mór é a googláil.

Agus de réir dealraimh bhí sé ina raic nuair a d’éirigh idir Marc agus eacnamaí de chuid na Breataine ar chlár nuachta teilifíse an BBC inné.

Maith é. Is maith an rud éagsúlacht tuairimí seachas an líne sin faoi Éire na bportach is an Guinness.

Ar maidin d’éirigh leis an ‘Financial Times’  shebeen agus bog a lua sa chéad paragraf dá dtuairisc ar a bhfuil ag titim amach sa Phoblacht.

Agus ní hiad is measa de na meáin sa Bhreatain, dream a bhfuil a culaith tórraimh réidh acu le tamall agus iad ag iarraidh Éire a chur.

Ach beidh lá eile ag an Phaorach…..

Tá leabhar le Séamas Mac Seáin le seoladh i gCultúrlann Mc Adam – Ó Fiaich i mBéal Feirste an tSatharn seo chugainn.

Beidh sé mar chuid de na himeachtaí iontacha a bheidh ag titim amach le linn Fleadh Feirste.

Thig iomlán an eolais a fháil ach cliceáil ar http://irish.culturlann.ie/files/pdfs/programme%20ff%20email.pdf nó dul chuig suíomh idirlín na Cultúrlainne, www.culturlann.ie

Ach dá tarraingtí is atá an Fhéile agus moladh ag dul chuig lucht a eagraithe dar liom gur iontaí fós an pobal sin i nGaeltacht Cheanada a bhíonn de shíor ar thús cadhnaíochta.

Tá siad anois ag tabhairt faoi eagrú Oireachtas dá gcuid féin ar an bhliain seo chugainn agus réimse iomlán d’imeachtaí sa tsiúil acu ann.

B’fhéidir nach fánach an ceangal a dhéanamh le seoladh leabhar Shéamais Mhic Seáin nó chuaigh a dhearcadh siúd faoi Ghaeltacht uirbeach agus a ghníomhartha is gníomhartha na ndaoine eile ag Gaeltacht Bhóthar Seoighe go mór i bhfeidhm ar Arailt Mac Giolla Chainnigh, Séamas de Creag agus na daoine eile sin a raibh baint acu le cur chun cinn na Gaeilge i gCeanada.

Ní amháin gur thug siad faoi talamh a chéannacht agus árais a thógáil iad féin – agus b’fhéidir ar ball tithe – ach rinne siad iarracht idir phobal na Gaeilge agus an mhórphobal máguaird a mhealladh le bheith páirteach ar shlí amháin nó eile.

Maith iad.

Ba cheart go mbeadh díospóireacht ann faoin mhéid a bhí le rá ag Ian Paisley inné nuair a luaigh sé go mbeadh sé i bhfách le hathaontú na hÉireann a fhad is go mbeadh Banríon na Breataine i gceannas ann.

Is mór idir sin agus an chaint faoi ‘Home Rule is Rome Rule.’

Níl mé ag rá go mba cheart glacadh leis an mholadh agus an cruth atá anois air ach tá Sinn Féin agus dreamanna nach iad ag iarraidh le fada go mbeadh plé agus díospóireacht anseo agus san diaspóra Éireannach maidir le athaontú na tíre.

Tá moladh déanta anois ag Ian Paisley agus mar thúsphointe don díospóireacht ( ó dhearcadh aontachtach) is moladh suimiúil é.

Agus ar ndóigh is eol dúinn le tamall maith nach bhfuil dearcadh Éaman Uí Chuív i bhfad ó dhearcadh an Dochtúra.

Thiocfadh le rialtas na hÉireann agus sea, feidhmeannas Stormont, foghlaim ón mhéid atá ag titim amach in Albain i láthair na huaire.

An tseachtain seo caite foilsíodh taighde nua ar an dóigh a théann daltaí i nGaelscoileanna in Albain chun cinn ó thaobh an Bhéarla de.

Léirigh an taighde nach mbíonn aon mheath ar Bhéarla na ndaltaí a théann go Gaelscoileanna ach a mhalairt.

Faoi rang a chúig is iomaí dalta Gaelscoile atá chun cinn sa Bhéarla ar dhaltaí sna scoileanna Béarla.

Rud ar eol dúinn sa tír seo le fada.

Ach a luaithe is a bhí an tuairisc foilsithe dúirt an tAire Oideachais Mike Russell go mba cheart do níos mó tuismitheoirí smaoineamh ar a bpáistí a chur chuig Gaelscoil.

Dúirt sé nár thuig an mórphobal Béarla buntáistí na teanga.

Cén uair deireanach ar chuala tú Aire ar bith thuaidh nó theas ag moladh a macasamhail?

Seachas Caitríona Ruane.

Is é Gaelscolaíocht fuil beatha na Gaeilge agus gan é ní bheidh pobal Gaelach ann sa Ghalltacht agus seans maith nach mbeidh sa Ghaeltacht ach oiread gan an Ghaelscolaíocht le bheith ina chrann taca acu.

Cad é an Ghaeilge ar sleepwalking?

Cuirim an cheist mar gheall ar chás Donall Kinsella – an fear a fuair €10m de chúiteamh as an rírá a bhain lena siúil agus é ina chodhladh.

Ach cuirtear ar mo shúile dom dá rogha. Deirtear ‘caint as a chodhladh’ agus tú ag tagairt do dhuine a bhí ‘talking in his sleep.’

Agus tá an focal suansiúil ag Gearóid Ó Cairealláin.

Níor chaill sé riamh é.

Blah Blah Blag
Cinneadh cróga é ag Gearóid Mc Adam dul ó dheas agus dul san iomaíocht do shuíochán Dála. Níl aon chinnteacht ann go mbainfidh sé an suíochán i gContae Lú agus mura mbaineann beidh deireadh leis mar pholaiteoir. Ach ní hionann agus daoine eile ní chreidim go bhfuil Gearóid Mc Adam ar a seacht ndícheall ag iarraidh fanacht i gceannas ar Shinn Féin ná ag an bharr sa pháirtí. Measaim gur mhó atá Sinn Féin ag iarraidh airsean gan imeacht seachas a mhalairt. Mura n-éiríonn leis i gContae Lú creidim go mbeadh sé breá sásta leithscéal a bheith aige imeacht. Má éiríonn leis ní bheidh ann ach go mbeidh sé i ndiaidh éirí as an cheannasaíocht ar an chúl dorais agus go mbeidh ceannaire nua ag Sinn Féin cibé ar bith. Agus in eagmais Gearóid Mac Adaim chun an Ghaeilge a bhrú chun tosaigh ag an leibhéal is airde i Sinn Féin …. níl mé muiníneach.

Chuir mé sonrú sa ghearán a rinne na Sínigh le David Cameron agus a chomhghleacaithe cionn is go raibh siad chun póipíní a chaitheamh agus iad ar chuairt ar an tSín. Chuir na Sínigh a míshásamh in iúl mar dar leo gur mhasla an póipín a chaitheamh i dtír a d’fhulaing rud bocht mar gheall ar an leatrom a rinne saighdiúirí na Breataine ar Shínigh am Cogadh an Óipiam. In ainneoin a deirtear i meáin na Breataine ní siombail gan conspóid é an póipín.

Agus ó tharla Cogadh an Óipiam faoi chaibidil againn nach iontach a laghad suime a cuireadh san áit arb as sa chéad dul síos don vása Síneach a díoladh ar £43m an tseachtain seo caite. Rinneadh an vása, meastar, in 1740 don Impire Qiuanlong. Bhí sé aige sa Phálás Ríoga agus ….. Agus mar a dúirt tráchtaire ar BBC 4 an lá faoi dheireadh, ‘it got here at the time of the Opium Wars, maybe a soldier got hold of it. A lot of the palaces were ransacked or perhaps he was given as a present!’

Agus anois díoladh ar ais leis na Sínigh é ar £43m. An iontas é go bhfuil na Sínigh tógtha faoi chomóradh a dhéanamh ar shaighdiúirí na Breataine?

Tá mé ag léamh leabhar nua Anna Hussaf, ‘Buille marfach’ á léamh agam i láthair. Agus is iontach an leabhar é. Is nós liom leabhar a léamh chomh gasta agus a dtig. Ach leis seo tá mé á léamh píosa ar phíosa sa dóigh is go dtig liom sult a bhaint as an ceardaí i mbun a céirde. Nár laga Dia  a pinn.

Ábhar maith eile leitheoireachta ná Duillí Éirinn. Bhí scaifte maith i láthair sa Chultúrlann an lá faoi dheireadh nuair a rinneadh é a sheoladh. Leagan Gaeilge ar fad agus rogha de na filí is aitheanta sa tír ann – mar aon le filí nach bhfuil mórán d’iomrá orthu. Tá mé ag dúil go mór lena léamh. Bhí cuma i bhfad níos suaimhní ar Chathal ná mar a bhí an t-am deireanach a bhí sé abhus.

Cibé dearcadh atá ag duine ar bith faoin scéal a bhí ann bliain go leith ó shin tá sé in am faoiseamh a ligean dó agus ligean dó dul i mbun pinn mar a ba ghnách leis. Dar liom nach bhfuil file Gaeilge ní b’fhéarr ná é beo.

Mar fhocal scoir chuir mé sonrú sa díospóireacht a bhí ag dul ar an suíomh seo maidir le cinneadh Iceland chun go leor siopaí nua a oscailt. Rinneadh trácht ar an dóigh a dhéanann a macasamhail de ilchomhlachtaí dochar do siopaí beaga agus dá réir. Rud ar fíor. Ach táimid inár gcónaí i dtír mar a bhíonn sé crua ort teacht ar ‘farmers market’ in ainneoin go bhfuil an talmhaíocht faoi bhláth, pun intended, agus teacht againn ar torthaí is glasraí is feoil srl den scoth. Gabh go haon mhórchathair nó baile mór ar roinn na hEorpa agus gheobhaidh tú margadh na feirme ina mbunús mór. Agus mé sa sármhargadh an oíche faoi dheireadh chonaic mé go raibh siad ag tairscint smeara dubha ó Mheicisceo dom ar £4. Agus sin mo chuisneoir lomlán de na smeara dubha a fuair mé sa ghairdín agus ó toim le linn dom a bheith i nDún na nGall. Cé chomh mire is atá an saol seo go bhfuil Meicsiceo ag díol smeara dubha le hÉirinn? Ní hé go bhfuil naimhde móra againn – is é go bhfuilimd tagtha chuig an phointe is go nglacann muid leis gur tomhaltóirí muid seachas daoine a bhfuil cumhacht againn chun ár dtodhchaí a shocrú muid féin. Go bhfoire Dia orainn.

Blah Blah Blag
Tá mé i ndiaidh díospóireacht uair a chloig a thaifead le Feidhlim Ó hAdhmaill , Poblachtach agus iarchimí, Gael, atá anois ina léachtóir ag Ollscoil Chorcaí.

Agus lena mhac Seán Ó hAdmhaill a bhí orthu sin a d’eagraigh Rith, a chuir é féin chun tosaigh do Uachtaránacht an Chonartha agus go leor eile. Beirt a bhfuil rudaí le rá faoin Ghaeilge ar fiú éisateacht leo. Beidh an t-agallamh sin le cloisteáil ag meán lae amárach, Aoine 12 Samhain, ar Raidió Fáilte, www.raidiofailte.com

Suimiúil is a bhí an uair a chloig cainte thug sé orm athmhachnamh ar chuid de na tuairimí a bhí agam le tamall anuas. Agus ní drochrud é sin.

Ach ritheann sé liom agus mé i ndiaidh an chlár sin a chur díom – an bhfuil 100 Gaeilgeoir i nDún na nGall Thiar Theas a bheadh sásta cur in iúl go poiblí go bhfuil a vóta ar fáil don duine a thacaíonn le cúig éilimh na Gaeilge? Máirtín Ó Cadhain a mhol a leithéid tráth den tsaol mura bhfuil dul amú orm ach is dócha gur beag toghcheantar sa tír ab fhearr chun a leithéid a thriall? An bhfuil 100 Gael dílís ann a bheadh sásta a macasamhail a dhéanamh? 50? Agus i gcás Thír Chonaill gach seans go mbeadh tábhacht is olltábhachtach le 30 vóta. Ní chuireann sé as dom nach bhfuil an 30 duine féin ann – ceal ama, eagair srl tuigim dóibh…

Ach an rud a chuireann as dom ná nach mbíonn Gaeilgeoirí go fiú ag caint faoina leithéid.

Am frustrach dom b’fhéidir ach is cinnte gur grumpyáilte a rachaidh mé agus mé ag dul anonn in aois!

Chaith mé trí lá i bPáras ag tús na seachtaine.

Agus mé ag dul ar an eitleán thóg an fear ar chúl an chuntair ag Easyjet ceist na mbuamaí liom.

Na buamaí sin a fritheadh i gcartúis dúiche le déanaí.

‘Tá naoi gcinn eile amuigh ansin nár aimsigh siad go fóill’ ar sé i gcogar comhcheilgeach liom.

‘Ocht nó naoi gcinn. Agus cá fios cén uair a phléascfaidh siad. Táthar á gcuardach. Mar sin, ná luaigh é seo le duine ar bith eile.’

Tá sé mar a bheadh an tríú rún Fatima agamsa a mhic.

Ní rachaidh focal faoi thar mo bheola.

Mura bhfuil 100 Gael a dhéanfaidh cic a thabhairt do na polaiteoirí i nDún na nGall tá sé le sonrú go bhfuil na mílte acu a dhéanfaidh cúpla uair a chloig a chaitheamh ar Facebook gach lá. Nuair a dheanfar iniúchadh ar athshlánú na Gaeilge lá éigin amach anseo beidh tagairt dhearfach ann do Facebook. Áis a chuir go mór le saol na mílte duine againn, sa bhaile agus i gcéin, gan oiread is deontas rialtais ní amháin gur craic ar dóigh atá ann ach gur íocshláinte iontach é an cuimhneamh laethúil agam go bhfuil na mílte Gaeilgeoirí ann sa aon mhogallra liom. Agus ní hionann is na daoine a scríobhann litreacha agus nótaí chuig nuachtáin is suíomhánna Gaeilge tá aghaidh agus fíorainm ag gach Gael ar Facebook.

Moladh maith ag mo chompánach Dónall Mac Murfaidh. Cad chuig enach nglacfadh ollscoileanna de chúram orthu féin de bheith ag uasdátú foclóirí Gaeilge ar bhonn bliaintiúil. Seachas muid a bheith ag brath ar uasghradú gach cúig bliain nó mar sin.

Is é Cathal Ó Searcaigh a dhéanfaidh an t-eagrán is úire de ‘Irish Pages’ a sheoladh ag ócáid sa Cheathrú Póilí i gCultúrlann Mc Adam – Ó Fiaich i mBéal Feirste Dé Sathairn bheag amach romhainn. Is iad Chris Agee, Seán Mac Aindreasa agus Cathal Ó Searcaigh a rinne eagarthóireacht ar an eagrán ar leith seo de ‘Duillí Éireann’, cnuasach d’aistí is ábhar liteartha agus is eagrán Gaeilge atá i gceist. Tosóidh an t-ócáid ar 2.00 (seachas a haon a chlog mar a bhíonn i gceist go minic) agus beidh soláistí ar fáil. Gach eolas ó (028) 90322811.

Mar fhocal scoir – breithlá sona do Bhríd Ó Gallchóir, Stiúrthóir ar Aisling Ghéar. Tá éachtaí déanta ag an chompántas agus go háirithe faoi stiúir Bhríd le cúpla bliain anuas. Bhí cóisir bheag ag dul sa Chultúrlann inniu agus mé istigh ach bhí obair eile idir láimh agam mar sin….. cibé, breithlá sona aici. Agus beidh breithlá Ghearóid ann ar 21 nó 22 Samhain. Go maire sibh an chéad!

Litir – Urlabhraí Gaeltachta Fhine Gael gan Ghaeilge
A Eagarthóir, a chara,

Téann focal le gaoth agus téann buille le cnámh. Ábhar maíte ag Fine Gael le fada an lá anois is ea an ‘bhá’ atá acu leis an nGaeilge. Ar eagla aon mhíthuisceana, áfach, b’fhéidir nár mhiste an focal sin ‘bá’ a thabhairt chun léire ábhairín faoi mar a réalaíodh í go cruthanta i bhFine Gael le déanaí. An mhí seo, cheap Enda Kenny an t-uasal Frank Feighan mar urlabhraí Gaeltachta an pháirtí.  Tógann an ceapachán sin ceist an-bhunúsach, mar atá, conas is féidir le Frank Feighan feidhmiú mar urlabhraí Gaeltachta muna bhfuil urlabhra na Gaeltachta aige?

Cuireadh an cheist réasúnta seo chuig Vincent Gribben- ’Head of Internal Communication, Fine Gael’ - le déanaí. Ba dhóigh le duine ar an dteideal réamhluaite go mbeadh ealaín na cumarsáide go paiteanta ag an uasal Gribben. Tá fabhbanna cumarsáide i bhFine Gael, faraor. Grinnigh an freagra ‘báúil’ a fuaireamar ar an gceist a sheolamar chuige i nGaeilge.

1. Frank Feighan TD is not the first Deputy with responsibility for Gaeltacht Affairs with limited Irish. Síle De Valera served as Minister for the Gaeltacht with limited Irish.

Ní gá go mbeifeá i do ‘cheannasaí cumarsáide’ ionas go n-aithneofá go bhfuil freagra ‘báúil’ Gribben i mBéarla. Tá easpa rianúlachta i bhfreagra Gribben chomh maith. Nuair a ceapadh Síle De Valera mar aire Gaeltachta cháin Fine Gael an ceapachán sin go láidir. Bhí an ceart ar fad acu. Is léir anois, áfach, gur ‘bá’ aon uaire ab ea í sin ag Fine Gael. Mhínigh an t-uasal Gribben dúinn ansin:

2. Frank Feighan TD is take lessons in Irish to improve his communication skills in the language and is happy to do so.

Caithfear a admháil go dtéann teanntás Gribben ar an mBéarla thar cailc na cumarsáide san abairt seo. Ag deireadh na teachtaireachta, áfach, míníonn Gribben dúinn go bhfuil dáir suirí ar Frank Feighan agus go dteastaíonn uaidh siúl amach le Conradh na Gaeilge!

3. His discussions to date Conradh na Gaeilge have been cordial and constructive.

Abair ‘Bá’! Tá súil agam go n-éiríonn le Frank Feighan an cliúsaí sin Conradh na Gaeilge a mhealladh gan ró-mhoill.

Ní bhaineann an ceapachán seo le Frank Feighan per se ach le neamhiontas Fhine Gael i dtaca leis an nGaeilge agus an nGaeltacht trí chéile. Is é an neamhiontas sin a thug orthu urlabhraí Gaeltachta a cheapadh a labhróidh ar neamhchead do mhuintir na Gaeltachta agus do phobal na Gaeilge trí chéile. Tá an ceart is bunúsaí atá dlite do phobal na Gaeilge- saoirse cainte i nGaeilge -toirmiscthe orainn trí bhíthin an chinnithe seo. Tá ceist amháin againn. Cathain a dhéanfaidh Fine Gael leorghníomh sa bhfaillí seo?

‘Bá’? Focail mhóra … mogaill fholmha.

Beannacht,

Pádraic Breathnach

Liam Carson

Theo Dorgan

Anna Heussaff

Biddy Jenkinson

Proinsias Mac a’ Bhaird

Seosamh Mac Muirí

Muireann Ní Bheaglaoich

Caitríona Ní Chleirchín

Eibhlís Ní Dhuibhne

Gráinne Ní Ghilín

Brenda Ní Shúilleabháin

Lillis Ó Laoire

Muiris Ó Meara

Mícheál Ó Ruairc

Feargus Ó Snodaigh

Gabriel Rosenstock

Pingin rua ní thabharfainn!
le Dónall Mac Giolla Chóill

Scríobh mé colún, tamall de bhlianta ó shin, ar Lá Nua, agus mé ag clamhsán, ag gearán, ag tabhairt amach. Plus ça change?

Bhí mé ag scríobh faoi lucht iarrtha déirce, nó le bheith níos beaichte agus níos cirte, ag cur tharam faoi dhíoltóirí The Big Issue.

Chreid mé riamh sa tionscnamh úd, go mbeadh daoine gan dídean in ann corrphingin a thuilleamh dóibh féin ar shlí a thug dínit doibh, agus a thug deis dóibh bheith páirteach i gcarthanacht gan a bheith ag lorg carthanachta go díreach.

Bhí bunphrionsabal ag baint leis seo: nach mbeadh siad ag lorg déirce, ach go mbeadh siad i mbun gnó; nach raibh cead acu airgead a iarraidh ach irisleabhar a dhíol.

A hand up, not a hand out! an mana a bhain leis seo.

Tiontaíodh sin bun os cionn, roinnt blianta ó shin, nuair a cuireadh tús le fiontar eile, fiontar a bhí neamhspleách ar an bhuntionscnamh, ach a bhain leas as The Big Issue go díreach.

Tháinig baicle daoine as an cheo, agus thosaigh siad ag díol an irisleabhair ar shráideanna Bhéal Feirste, agus iad ag lorg déirce ag an am céanna.

Bhí mise ag tabhairt amach fúthu, agus mar gheall ar gur eachtrannaigh iad, cuireadh i mo leith gur ciníochas a bhí ar bun agam.

Amaidí, a deirim!

Comhtharlú a bhí ann gur eachtrannaigh iad. Comhtharlú.

Comhtharlú a bhí ann gur cuma eagraithe a bhí ar an tionscnamh seo. Comhtharlú.

Comhtharlú a bhí ann gur fágadh ag bun Shráid an Chaisleáin iad gach maidin agus gur tógadh ag deireadh an lae iad, i mórghluaisteán, agus go raibh siad ina gcónaí le chéile. Comhtharlú.

Comhtharlú a bhí ann go mbeadh siad le feiceáil gach tráthnóna agus málaí móra siopadóireachta ó Tesco á n-iompair acu. Comhtharlú, a deirim!

Agus chuir sin corraí orm, ní amháin go raibh an tionscnamh fiúntach seo á scriosadh ag coirpigh eagraithe, ní na díoltóirí iad féin, ach iad siúd a thug isteach iad agus a thug dídean doibh, a thug foscadh do lucht díolta irisleabhair, a bhí agus atá in ainm agus a bheith chun sochair iad siúd gan dídean ná foscadh.

D’iarr na daoine seo déirc agus an t-irisleabhar go docht daingean ina ndorn.

Ní fhaca mé duine acu riamh ag díol cóipe, ach gach lá dá ndeachaigh agus dá dtéim síos go lár an bhaile, cloisim an caoineadh céanna: “Change please, mister! Give me change!”

Agus cuireadh i mo leith go raibh mé ag léiriú féith chiníoch.

Agus gan dabht, cuirfear i mo leith an choir chéanna, an uair seo.

Is annamh a thugaim déirc do lucht sráide mar go gcreidim gur dá n-aimhleas seachas dá leas é an gníomh sin.

Chonaic mé bean acu seo a bhíonn go rialta taobh amuigh de Shéipéal Naomh Muire taobh le Cearnóg an Bhruaigh, tá cúpla lá ó shin, agus a cloigeann sáite i mbosca bruscair, agus í ag rúscadh sa bhruscar.

Mhothaigh mé beagán trua di, agus deirtear gurbh fhearr beagán cúnaimh ná mórán trua, ach ní thabharfainn cúnamh di, agus chuir an trua seo ionadh orm, admhóidh mé.

Chuir sé ionadh orm, na blianta ó shin, nach raibh na húdaráis ag tabhairt faoi na daoine seo, agus ag aimsiú réitigh dóibh a d’fhágfadh nach gcaithfeadh siad déirc a lorg, agus cuireann sé ionadh orm go fóill nach bhfuil beart ar bun ag na húdaráis, ag na seirbhísí sóisialta agus uile, a d’fhágfadh nach gcaithfeadh bean tráthnóna a chaitheamh ag rúscadh i mbosca bruscair ar chúl Tesco.

Ní fheiceann tú daoine gan dídean a thuilleadh ar na sráideanna ag díol an irisleabhair seo. Cad chuige? Mar go bhfuil an drong eagraithe coirpeach seo ag seoladh a gcuid oibrithe amach ar na sráideanna agus ag brú daoine eile ar leataobh.

Pingin rua ní thabharfainn do na daoine seo. Beagán trua, sea, ach pingin rua, seans ar bith!

Níl sé furasta an Conradh a athrú
le Gearóid Ó CairealláinAn chéad rud atá le tuigbheáil ag Uachtarán Chonradh na Gaeilge (agus rud nár thuig mé féin i gceart go dtí deireadh mo sheal-sa) gur ceann eagraíochta atá ann arb é a phríomhdhualgas é déanamh cinnte de go n-eagraítear an eagraíocht mar is ceart, go mbíonn ceann feadhna láidir ag an eagraíocht agus go mbíonn aghaidh agus urlabhraí éifeachtach ag an eagraíocht sna meáin chumarsáide.

Ní miste próifíl ard sna meáin a bheith ag eagraíocht ar bith agus i gcás Chonradh na Gaeilge, tá sé barrthábhachtach go bhfeicfí agus go gcluinfí an ceann feadhna sna meáin chumarsáide, lá i ndiaidh lae agus seachtain i ndiaidh seachtaine.

Is é lom na fírinne é go gcreideann formhór daoine sa tír go bhfuil an eagraíocht chomh marbh le hArt agus ag lobhadh san uaigh.

Cibé duine acu, Pádraig Mac Fhearghusa nó Seán Ó hAdhmaill, a gheobhaidh an guth ag an Ard-Fheis i Luimneach, beidh sé ar bís le daoine nua agus daoine óga go háirithe a mhealladh isteach chomh gasta agus is féidir.

Seo beart inmholta, ach beart nach gcuirfear i gcrích thar oíche. Fuair mise amach nach féidir leis an Uachtarán bogadh chun cinn níos gaiste ná an eagraíocht í féin agus ní féidir leis an Uachtarán bualadh chun cinn agus an eagraíocht a tharraingt taobh thiar de mar a bheadh an fear láidir i sorcas atá ag tarraingt gluaisteáin ar téad.

Macasamhail gach eagraíochta eile, tá smaointe de dhíth ar an Chonradh, smaointe agus obair chun smaointe maithe a chur i gcrích.

Agus ní gá go mbeadh gach smaoineamh caillte sa bhroinn ceal deontais ó Fhoras na Gaeilge – cé go bhfuil dualgas ar an Fhoras an tacaíocht chuí a chur ar fáil do Chonradh na Gaeilge.

B’fhéidir gur ghnó an Uachtaráin nua é smaointe úra a chur chun tosaigh agus tacaíocht na heagraíochta a mhealladh chuige agus chuici.

Ní féidir le fear amháin – dá fheabhas é – gach locht sa Chonradh a chóiriú as a stuaim féin. Ach thiocfadh le hUachtarán nua a bheith ina fhoinse athraithe, ina chatalaíoch don athrú atá de dhíth.

Is é an trua é nach féidir beirt a thoghadh mar Uachtarán ag an aon am amháin nó amharc a mbeadh againn, an iarraidh seo. Tá baint ag Pádraig Mac Fhearghusa le Conradh na Gaeilge le fada an lá agus sealanna éagsúla caite aige mar Thánaiste ann. Tá taithí ansin, fios gnó agus aithne ar lucht na Gaeilge taobh istigh den Chonradh agus taobh amuigh de.

Feirsteach óg díograiseach dígeanta é Seán Ó hAdhmaill, fear a tógadh le Gaeilge ón chliabhán i gclann Ghaelach réabhlóideach i ndara cathair na hÉireann. Tá seanaithne agam ar an bheirt acu, ach thiocfadh liom a rá anois cén áit a gcuirfinn mo vóta dá mbeadh ceann agam. Déarfainn go gclaonfainn i gcónaí i dtaobh na hóige – agus is dócha go gcuirfeadh an Feirsteach mé féin i gcuimhne dom – tamall de bhlianta ó shin.

Tá aithne agam ar Sheán le fada anall agus má éiríonn leis, déanfaidh sé Uachtarán den scoth, ach mholfainn dó comhairle a lorg.

Níor mhiste, dá dtiocfadh feachtas náisiúnta ballraíochta a chur ar bun agus moll mór ball nua a chlárú. Sin rud atá le déanamh go fóill – níor éirigh liomsa é a dhéanamh, ach mar sin féin…. B’fhiú go mór tabhairt faoi agus béim a chur ar bhaill nua faoi bhun cúig bliana is daichead d’aois. Tá mé réidh le hathchlárú mé féin, cé nach bhfuil mé chomh óg sin níos mó. Ach tá aithne agam orthu siúd atá!

Cairdeas láidir buan
‘Tá éiginnteacht ag baint le gach dá ndéanaimid’

le Meadhbh Ní Eadhra

Cad is fiú cúpla bomaite, nó uair an chloig, nó lá am­háin? Cad is fiú an tréimhse sin idir oíche agus maidin, idir dorchadas agus solas, idir lá amháin agus lá eile?

Cad is fiú na cuimhní a bhíonn againn ar dhaoine, nuair a bhíonn na daoine sin imithe?

Is fiú go mór iad.

Is iad na cuimhní sin a chuireann meangadh gáire ar ár n-aghaidh, nó a chuireann ag caint nó ag smaoineamh muid.

Nuair a smaoiním ar an cheathrar ban óg álainn a cailleadh ar 17 Samhain 2009, cuimhním ar an chairdeas láidir buan a bhí eatarthu. Cuimhním ar an gháire a rinne siad i gcónaí, ar an spraoi a bhí acu agus ar an ghrá a bhí acu don Ghaeilge agus dá chéile.

Nuair a chas mé leo den chéad uair, bhí siad go léir le chéile, iadsan agus Michelle, atá fós san ospidéal, í ag troid go crua agus ag dul ó neart go neart achan lá.

Dhá bhliain go leith ó shin, d’aimsigh mé baile nua dom féin, i gceartlár na hOllscoile anseo i nGaillimh. Áras na Gaeilge a thugtar air.

Go dtí le déanaí, níor thuig mé cé chomh lárnach tábh­achtach agus atá an tÁras i mo shaol agus i saol an-chuid daoine eile fosta.

Ar ndóigh, ní hé an foirgneamh féin atá tábh­achtach, ach na daoine a bhíonn ann ó lá go lá.

Aonad a bhí sna mná óga sin laistigh d’Áras na Gaeilge, grúpa laistigh de ghrúpa, cairde i measc cairde eile.

Tá áthas orm go bhfuair mé an deis aithne a chur ar mhná óga dá gcineál, mná óga cliste éirimiúla a raibh a saol ar fad os a gcomhair amach.

Níl sé ceart nach rabhadar in éineacht linn, Dé Céadaoin, nuair a fuair muid ár gcuid torthaí scrúduithe.

Níl sé ceart nach mbíonn siad in éineacht linn sna léachtaí a thuilleadh.

Tá spás agus ciúnas sna léachtaí nach raibh ann riamh cheana.

Déanann muid iarracht gan a bheith ag breathnú siar ar chúl an ranga, áit a suídís le chéile i gcónaí.

Go minic agus mé ag siúl thart fán ollscoil, feicim cóta cosúil leis an cóta a chait­headh Theresa, nó gruaig dhubh cosúil le gruaig Sarah, agus bíonn orm a chur i gcuimhne dom féin nach iad atá ann, agus nach bhfeicfidh mé go deo arís iad.

Ba bhreá liom dá mbeadh seans againn go léir a bheith le chéile ar feadh lá amháin eile, nó ar feadh rang amháin eile, nó fiú ar feadh cúpla bomaite. Tá an oiread sin gur mhaith liom a rá leis na cailíní, an oiread sin gur mhaith le gach duine a rá leo.

Tá sé deacair a thuiscint conas is féidir le rudaí mar seo tarlú, tragóid mar seo, caill­teanas chomh hollmhór agus chomh huafásach leis seo.

Tá mé cinnte de rud am­háin, agus is é sin go bhfuil éiginnteacht ag baint le gach uile rud a dhéanann muid, gach uile nóiméad, gach uile lá, gach uile sheachtain.

Na daoine atá thart ort inniu, seans nach mbeidh siad ann amárach, agus is rud é sin atá deacair glacadh leis.

Deirtear go gceapann muid mar dhaoine óga nach féidir le rud ar bith tarlú dúinn, go bhfuil muid invincible.

Is cinnte nach fíor sin, ar bhealach ar bith.

Is féidir le rud ar bith tarlú dúinn, drochrudaí nó dea-rudaí, rudaí a chuireann ag caoineadh muid, rudaí a chuireann ag gáire muid, rudaí a chuireann iontas agus fearg agus mearbhall agus uafás agus eagla agus díomá agus brón orainn.

Bíonn muid ag súil nach dtarlóidh drochrudaí dúinn, nó dár gcairde, ach mar sin féin, tarlaíonn siad.

Beidh na cailíní go léir mar chuid d’Áras na Gaeilge i gcónaí. Uaireanta, nuair a bhím sa seomra ríomhairí, thuas staighre, sílim go gcloi­sim ag gáire sa chúinne iad, na mná óga sin. Bhí brionglóidí acu, díreach cosúil linne.

Bíonn sé deacair díriú ar an obair agus ar aistí agus ar phleananna don todh­chaí, nuair a bhíonn an rud uafásach seo i gcúl ár gcinn i gcónaí.

Ach tá a fhios agam go ndéarfadh siad linn ár ndícheall a dhéanamh, agus go mbeadh siad ag iarraidh orainn na rudaí ar fad nach bhfuair siad féin deis orthu, a thriail dúinn féin.

Tá sé go hálainn a bheith mar chuid de phobal agus de theaghlach Áras na Gaeilge. Tugann achan duine tacaío­cht dá chéile i gcónaí agus go háirithe le dhá mhí anuas.

Tuigeann muid an luach agus an tábhacht a bhaineann le cairdeas, le grá, le bheith sásta agus le sult a bhaint as gach soicind den saol.

Ní bhíonn sé éasca, agus ní bheidh choíche, ach aimseoidh muid bealaí chun déileáil le gach rud. Dé Máirt, d’eagraigh muid aifreann cuimhneacháin do na cailíní go léir, agus tháinig muid go léir le chéile i séipéal na holls­coile. Bhí an cúigear teaghlach ann, chomh maith linne, na mic léinn, na léachtóirí, ion­adaithe ón Gharda Síochána agus baill eile d’fhoireann na hollscoile.

Bhí sé go hálainn, an lá sin. An dara lá den Earrach. Tús nua. Thug muid ár gcairde linn isteach sa todhchaí, trína bheith ag caint fúthu, agus ag smaoineamh orthu, agus ag casadh ceoil dóibh.

Las muid coinnle agus thug achan duine a gcoin­neal féin ón séipéal go dtí an gairdín cuimhneacháin atá san ollscoil ó thús an téarma seo caite. Bhí sé go hálainn na coinnle ar fad a fheiceáil, agus na bláthanna a leagamar sa ghairdín.

Bhí rud éigin iontach deas faoina bheith ag seasamh le chéile sa ghairdín, atá díreach in aice le hÁras na Gaeilge. Bhí slua ollmhór ann, agus bhí sé deas do na teaghlaigh go léir a fheiceáil go raibh an-ghrá agus an-mheas ag achan duine ar a n-iníonacha agus deirfiúracha agus cairde.

Níos déanaí an tráthnóna sin, nuair a bhí gach rud thart, agus muid i ndiaidh lón a bheith againn agus amhráin a chanadh agus slán a fhágáil leis na teaghlaigh go léir, chuaigh mé féin agus beirt chara liom ar ais go dtí an gairdín.

Bhí an dorchadas ag titim agus chonaic muid go raibh cuid de na coinnle a fágadh sa ghairdín i ndiaidh gabháil as.

Rith mé go dtí an siopa agus cheannaigh mé cipíní. Le chéile, las muid gach uile coinneal a bhí múchta, agus bhí na céadta acu ann.

Nuair a bhí muid críochnaithe, sheas muid le chéile sa chlapsholas, ag am­harc ar na coinnle.

Bhí na lasracha ag damhsa mar a bheadh nithe beo ann. Thuig mé i gceart, den chéad uair, an chumhacht a bhaine­ann le solas. Leis an dorcha­das mórthimpeall orainn, ba iad na coinnle sin, agus an solas a tháinig uathu, a chui­digh linn an oíche sin.

Bhraith mé go raibh ár gcairde linn, an lá sin agus an oíche sin, iad ag damhsa leis na lasracha, ag gáire linn agus ag cuidiú linn glacadh leis an rud atá tarlaithe.

Tá ainmneacha an chea­thrair greanta sa ghairdín sin go deo, mar atá ainm cara eile liom, Keith. Nuair a las muid na coinnle sin do na mná, las mé coinneal do Keith fosta, agus do na daoine eile a airím uaim. Sna blianta atá le teacht, beidh sé deas a bheith in ann filleadh ar an ghairdín, agus ar Áras na Gaeilge, agus ar na cuimhní go léir a thagann leo

Sa phictiúr ó chlé, Sorcha Rose McLoughlin, Sarah Byrne, Michelle Ní Dhomhnaill (chun tosaigh), Marie Steph Ní Chonghaile agus Theresa Molloy

Háítí – ceacht do gach duine againn
I mí Eanáir 2010, tharla trí chrith talún i gContae Dhún na nGall.

Creathanna beaga talún a bhí iontu, ach mar sin féin, bhí sceitimíní an domhain ar mo dheartháir agus é ag insint dom fúthu.

Caithfidh mé a admháil go raibh mé rud beag amhrasach faoin méid a dúirt sé, agus céard a dhéanann daoine nuair a bhíonn amhras orthu, na laethanta seo?

Téann siad ar an idirlíon agus déanann cuardach ar google. Nó déanann siad ‘googláil’, más fearr leat an téarma nuachumtha sin.

Ar scor ar bith, d’aimsigh mé scéal nuachta ar shuíomh gréasáin RTÉ láithreach, a dheimhnigh go raibh creathanna talún i nDún na nGall le déanaí.

Ní raibh iontu ach creathanna beaga, agus ní dhearnadh damáiste ar bith, ach mar sin féin, bhain sé geit asam a bheith ag léamh an scéil, go háirithe mar gheall ar an uafás ar fad a bhain le crith talún Háítí.

I rang Gaeilge, an tseachtain seo caite, bhíomar ag déanamh plé ar an bhliain 2012.

Creideann daoine áirithe go dtiocfaidh deireadh leis an domhan sa bhliain sin nó go dtarlóidh rud éigin ollmhór, cosúil leis an ‘Ollphléasc’.

Ar dtús, shíl mé go raibh sé iontach greannmhar agus b’ionadh liom go n-éistfeadh éinne leis an raiméis sin, ach de réir mar a rinneamar plé air, d’athraigh mo dhearcadh ina leith.

Seans go bhfuil fírinne éigin ag baint leis an chaint ar fad faoi théamh domhanda, agus ní féidir a shéanadh go bhfuil aimsir na hÉireann neamhghnách le tamall anuas.

Ar dtús, bhí tuilte uafásacha ar fud na tíre agus ansin tháinig an fuacht agus an sneachta agus an leac oighir.

Bhí easpa grin ar fáil agus bhí an tAire Iompair, Noel Dempsey, ar saoire i Málta, ag baint sult as an ghrian agus as an teas, le linn dó seo go léir a bheith ag tarlú.

Ar ndóigh, dá mbeadh infrastruchtúr níos fearr againn, agus dá mbeadh an trealamh ceart ag na comhairlí contae, ní bheadh cúrsaí chomh dona is a bhí siad, ach ní gá a thuilleadh a rá faoi sin.

Ansin, tharla an crith talún tubaisteach i Háítí, agus creathanna beaga i nDún na nGall.

Gach seans gur comhtharlúintí atá iontu go léir, ach uaireanta, is maith linn gach rud a chur le chéile agus teacht ar chonclúid nó ar réiteach éigin.

Sa chás seo, tá daoine i ndiaidh dul thar fóir agus a rá go mbeidh an saol mar is eol dúinn é, go mbeidh sé imithe i gceann dhá bhliain.

Nó an bhfuil an ceart acu?

Tá rud éigin faoin éiginnteacht sin a tharraingíonn ár n-aird, a dhúisíonn ónár mbrionglóidí muid agus a chuireann ag suí suas díreach sa chathaoir muid.

Smaoineamh scanrúil atá ann, ach smaoineamh a chuireann ár n-intinn agus ár samhlaíocht ag obair i mbealaí nach n-oibríonn siad de ghnáth.

Má bhíonn beagáinín teas agus gréine againn in Éirinn, an samhradh seo, is cinnte go mbeimid go léir ag ceapadh go bhfuil fírinne éigin ag baint leis na teoiricí aisteacha seo faoi 2012 nó, ar a laghad, faoin téamh domhanda agus na hathruithe fisiciúla atá ag teacht ar an domhan.