Nuacht24 » spórt

Éire chun imirt i gcoinne an Bhoisnia, na hUngáire
Imreoidh foireann sacar na hÉireann i gcoinne an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus i gcoinne na hUngáire agus iad ag ullmhú do Chorn na hEorpa. Buailfidh Éire leis an Chróit ina gcéad chluiche sa Chorn Eorpach agus tabharfaidh a gcluiche i gcoinne Bhoisnia ar 26 Bealtaine ag Páirc Lansdúin taithí maith dóibh nó tá cosúlachtaí móra idir an dóigh a imríonn an dá thír Bhaltach. Buailfidh Éire leis an Ungáire i mBudaipéist ar 4 Meitheamh, 6 lá roimh an chéad chluiche i gCorn na hEorpa acu ar 10 Meitheamh nuair a chasfar an Chróit orthu.

Graham Geraghty le himirt don Mhí i mbliana
Dhearbhaigh Seamas Mc Enaney inniu go mbeidh Graham Geraghty ag imirt don Mhí amach anseo mar aon le bheith ina roghnóir. Tá Geraghty, a bhain dhá bhonn uile Éirinn, 38 bliain d’aois agus cé gur éirigh sé as imirt ag an leibhéal chontae in 2008 tháinig sé ar ais anuraidh agus scóráil cúl i gcoinne Chill Dara ach níor ceadaíodh, rud a bhí conspóideach go maith. Gortaíodh é agus níor ghlac sé páirt sa chuid eile den fheachtas. Ach maíonn Mc Enaney go bhfuil Geraghty i mbun traenála agus go mbeidh ról aige ar an pháirc imeartha i mbliana mar aon le bheith ina roghnóir don fhoireann.

Bua ag Ceiltigh Ghlaschú
Bhí amhras ann go rachfaí ar aghaidh leis an chluiche ar chor ar bith mar gheall ar an ghaoth mhór ach sa deireadh leanadh leis. Ní raibh an ‘Glasico’ ar bhealach ar bith inchurtha leis ‘El Clasico’ agus ní raibh ach cúpla eachtra a chuir an lán tí ag Parkhead ar bís. Bhí an cuma ar an scéal go raibh cúl faighte ag Lee Wallace nuair a bhuail sé an liathróid ar an trasnán. Ní léir , go fiú ó phictiúirí teilifíse, cé acu an raibh an liathróid iomlán thar an líne nó nach raibh ach sa deireadh shocraigh an fear líne nach raibh iomlán na liathróide thar an líne sula bhuail Fraser Foster ar shiúil é. Ní raibh mórán idir an dá fhoireann sa chéad leath ach bhí Georgio Samaras thar a bheith gnóthach agus dáinséarach ar son na gCeilteach. Bhí an dara leath ag Celtic don chuid is mó agus níor ionadh nuair a bhain Joe Ledley tairbhe as mhoill Kirk Broadfoot agus scóráil lena chloigeann. Níor bhagair ceachtar den dá fhoireann mórán ina dhiaidh sin agus sa deireadh bhí bua stairiúil ag Celtic. Stairiúil sa mhéid is go raibh an cuma ar an scéal dhá mhí ó shin go raibh an Leig buaite ag na Rainséirí agus iad 12 pointe chun tosaigh ar Celtic – cé go raibh cluiche sa bhreis imeartha acu. Ach tá Celtic i ndiaidh naoi gcluiche as a chéile a bhaint agus a muinín in airde. Dar le Rangers gur mór a caill dóibh Steven Naismith a bheith gortaithe, imreoir a cheanglaíonn go maith le Steven Davis chun an liathróid a chur ar fáil do Nikica Jelavic . Cibé is cúis le cliseadh na Rainséirí le tamall anuas tá an spotsholas bogtha anois ó chumas is cinntí Neil Lennon go cumas is cinntí Ally Mc Coist.

Foireann na Poblachta le bheith lonnaithe in Gdynia
Tá foireann sacar na Poblachta le bheith lonnaithe in Gdynia na Polainne le linn Chorn na hEorpa ar an bhliain seo chugainn tugadh le fios inniu. Thug oifigigh an FAI cuairt ar 15 baile is cathair sa Pholainn agus san Ucráin agus iad ag lorg áit chuí don fhoireann agus tá siad thar a bheith sásta leis na háiseanna agus tacaíocht a chuirfidh údaráis is pobal Gdynia ar fáil dóibh.

Jamie Clarke, peileadóir Ard Mhacha, i mbun agallaimh
Labhair Jamie Clarke, an sárimreoir peile as Crois Mhic Lionnáin agus Ard Mhacha, labhair sé le Seán Ó Maoilsté, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Cairde Teo agus ball de Choiste Cultúir CLG Ard Mhacha ar na mallaibh faoin ghrá atá aige don Ghaeilge. Seo a bhí le rá aige:

Scoil: Bunscoil Phádraig Naofa, Crois Mhic Lionnáin agus Scoil na Mainistreach, an tIúr

Ollscoil: An bhliain dheiridh de BSc sa Mhargaíocht in Ollscoil Uladh, Baile Mhic Shiúrtáin

Cad é an taithí atá agat ar an Ghaeilge?

D’fhoghlaim mé an Ghaeilge ag Scoil na Mainistreach agus rinne mé GCSE sa teanga agus caithfidh mé a rá gur bhain mé sult as mar fuair mé tuiscint níos fearr ar ár gcultúr. Tá fáinne airgid agam a fuair mé ar an scoil agus chuaigh mé chuig an Ghaeltacht i Rann na Feirste nuair a bhí mé sa chéad agus sa dara bliain, rud a chuidigh go mór liom le mo chuid Gaeilge agus a chuaigh i bhfeidhm orm maidir le forbairt phearsanta. Ní dhearna mé Gaeilge le roinnt mhaith blianta anuas agus mar sin de, tá mé as cleachtadh, ach tuigim an chorr-abairt ar TG4 nó nuair a chluinim daoine ag caint.

An dóigh leat go bhfuil an Ghaeltacht tábhachtach do thodhchaí na Gaeilge?

Sílim go bhfuil sé iontach tábhachtach do dhaoine óga atá ag foghlaim Gaeilge cuairt a thabhairt ar an Ghaeltacht nó cuidíonn tréimhse sa Ghaeltacht leis an Ghaeilge labhartha agus treisítear na rudaí a fhoghlaimíonn siad ar scoil. Nuair a bhí mise ag an Ghaeltacht, iarradh orainn gan Béarla a labhairt agus ba í an Ghaeilge an t-aon teanga a labhraíodh ar an choláiste agus fiú amháin sa teach ina raibh muid ag stopadh. D’imir sin tionchar mór orm nó thaispeáin sé go raibh an Ghaeilge beo taobh amuigh den seomra ranga. Labhair muintir na Gaeltachta i nGaeilge sa bhaile, lena gcuid comharsan agus carad, sna siopaí agus i mbialanna, d’éist siad le Gaeilge ar an raidió, léigh siad Gaeilge sna nuachtáin agus d’amharc siad ar chláir Ghaeilge ar an teilifís. Chomh maith leis sin, cuidíonn sé go mór le forbairt phearsanta na ndaoine óga a théann ann, ó thaobh cúrsaí sóisialta agus oideachasúla de. Bhain mé an-sult as an am a chaith mé i Rann na Feirste. Bhí múinteoirí maithe agam mar Sheán Mac Labhraí as Pas an Phointe, Seán Ó Gallchóir agus Doiminic Ó Brolcháin ó cheantar an Iúir agus Roinn na Gaeilge ar Scoil na Mainistreach ar ndóigh. Tá sé barrthábhachtach dár gcultúr go bhfuil an Ghaeltacht láidir mar cheantar Gaelach mar go dtugann an Ghaeltacht spreagadh don chuid eile againn úsáid na Gaeilge a chur chun cinn agus ár gcultúr féin a cheiliúradh agus a chomhroinnt le cuairteoirí agus le turasóirí fosta.

An bhfuil níos mó Gaeilge le feiceáil agus le cluinstin na laethanta seo?

Tá borradh faoin Ghaeilge faoi láthair agus feicim agus cluinim an Ghaeilge i bhfad níos minice. Tá na comharthaí sráide uilig i gCrois Mhic Lionnáin i nGaeilge agus i mBéarla agus is cosúil go bhfuil cuid mhór oibre ar siúl ag comhairle an Iúir agus Mhúrn leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Tagann ainmneacha na mbailte fearainn ón Ghaeilge agus cuirtear fáilte roimh dhaoine i gcuid mhór ceantair i ndeisceart Ard Mhacha i nGaeilge, go háirithe ar an Mhullach Bhán, áit ina bhfuil cloch mhór le hainm gach baile fearainn. Thug mé faoi deara go bhfuil cuid mhór greamán agus póstaer Gaeilge ar chomharthaí agus ar chuaillí solais le hAcht na Gaeilge a chur chun tosaigh. Baineann cuid de na polaiteoirí úsáid as an Ghaeilge ar bhileoga agus thaispeáin toghchán na huachtaránachta ar na mallaibh go bhfuil na páirtithe polaitíochta ar fad ag tacú le húsáid na Gaeilge. Tá an Ghaeilge níos feiceálaí sna meáin chumarsáide, go háirithe leis an chlúdach iontach a dhéanann TG4 ar an CLG agus ar an Pheil Comhrialacha idir Éire agus an Astráil. Tá sé go hiontach go mbíonn daoine ag siúl thart ag caitheamh léine na hÉireann agus TG4 scríofa air agus is bealach furasta é le haird a dhíriú ar an teanga. Bíonn leathanach Gaeilge sa nuachtán The Irish News gach lá agus clúdaíonn an chuid is mó de na nuachtáin áitiúla scéalta faoi ranganna, faoi cheolchoirmeacha agus faoi imeachtaí Gaeilge. Chonaic mé cúpla mórchlár Gaeilge in Ard Mhacha fosta agus spreagann siad daoine le Gaeilge a labhairt agus tugann siad muinín do lucht labhartha na Gaeilge.

An bhfuil ról le himirt ag an CLG leis an Ghaeilge a chur chun cinn?

Sílim féin go bhfuil ról tábhachtach ag an CLG maidir le cur chun cinn na Gaeilge nó tá cur chun cinn na Gaeilge mar bhunphrionsabal acu ó bunaíodh an cumann. Tá an t-ádh linn in Ard Mhacha go bhfuil roinnt Gaeilgeoirí mór le rá ar ár mbord contae a bhaineann úsáid as an Ghaeilge agus iad ag labhairt nó ag scríobh sna cláir, rud a spreagann daoine eile leis an Ghaeilge a úsáid. Tá coiste in Ard Mhacha atá ag obair go dícheallach leis an Ghaeilge a chur chun cinn chomh maith leis an Scór, rud eile sa CLG atá tábhachtach don chultúr. Tá Gaeilge ag Uachtarán Chomhairle Uladh agus is deas an Ghaeilge a chluinstin i bPáirc an Chrócaigh nuair a bhronntar na coirn. Creidim go bhfuil sé tábhachtach go mbaineann captaein úsáid as an Ghaeilge agus iad ag glacadh le coirn agus dhéanfainn féin iarracht an cúpla focal atá agam a úsáid. Tá cúpla comhartha Gaeilge thart ar an chlubtheach i gCrois Mhic Lionnáin agus tá Gaeilge ar an mhórchuid de na comharthaí ag an Pháirc Lúthchleasaíochta in Ard Mhacha. I mo thuairim, is féidir cuid mhór rudaí eile a dhéanamh le daoine a spreagadh le Gaeilge a úsáid, ach sílim go bhfuil tionchar mór ag na meáin air seo. Tá sé go hiontach go bhfuil cluichí club le feiceáil ar TG4 agus cluinim féin cuid mhór focal a d’fhoghlaim mé ar scoil. Clúdaíonn an iris Gaelic Life roinnt de na focail is coitianta a chluintear ón tráchtaire agus bíonn litriú foghraíochta leo, rud a chuidíonn go mór le foghlaimeoirí na focail a aithint. Is iomaí clár iontach eile atá le feiceáil ar TG4, mar shampla Laochra Gael, agus nuair a leantar na fotheidil, is féidir cuid de na focail a mheaitseáil leis an Ghaeilge a úsáidtear ar an chlár. Ba chóir níos mó fógraíochta a dhéanamh faoi na cláir seo ar RTÉ nó in irisí CLG agus sna nuachtáin eile nó tá mé cinnte de go mbeadh an-suim ag neart daoine iontu. Sílim go bhfuil sé tábhachtach go gceolann daoine Amhrán na bhFiann roimh na cluichí mar go spreagfadh siad an lucht tacaíochta an t-amhrán náisiúnta a cheol i nGaeilge fosta. Canaim féin Amhrán na bhFiann roimh gach cluiche, ach sílim go bhfuil eagla ar chuid mhór daoine go ndéarfaidh siad na focail go mícheart. Nuair a théann tú go Páirc an Chrócaigh, bíonn na focail ar an scáileán mór, ach b’fhéidir go mbeadh sé ina chuidiú dá mbeadh litriú foghraíochta ar Amhrán na bhFiann ar fáil.  Ceapaim go dtiocfadh leis an CLG úsáid níos fearr a bhaint as na meáin leis an Ghaeilge agus an Scór féin a chur chun cinn, nó tá suim mhór ag daoine iontu ach iad a bheith ar an eolas fúthu. Mar chuid den chúrsa ollscoile, d’amharc muid ar thionchar na meán sóisialta agus níl aon amhras ann ach gur féidir agus gur chóir don CLG úsáid a bhaint as na meáin shóisialta leis an Ghaeilge agus an cultúr a chur chun cinn.

An bhfuil mórán Gaeilge i gCrois Mhic Lionnáin nó in Ard Mhacha?

Le blianta beaga anuas, tá an t-aonad lánGhaeilge i mbunscoil Chrois Mhic Lionnáin ag dul ó neart go neart agus tá 100 páiste anois ag fáil a gcuid oideachais go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Is cinnte go mbíonn tionchar dearfach ag an aonad ar na páistí eile sa scoil agus ar an phobal mór i gcoitinne maidir le feasacht ar an Ghaeilge a ardú. Imríonn cuid de na páistí seo lenár gclub agus uaireanta, cluineann tú cúpla duine acu ag caint as Gaeilge. Tá thart ar 700 páistí ag freastal ar ghaelscoileanna i gcontae Ard Mhacha, rud a thugann misneach dúinn do thodhchaí na Gaeilge. Tá ceangal buan ag Crois Mhic Lionnáin le Gaeilgeoirí agus le filí iomráiteacha na Gaeilge. Sílim féin gur chóir an oidhreacht seo a chur chun cinn le daoine a chur ar an eolas faoi. Mhair roinnt mhaith cainteoirí dúchais sa cheantar seo san fhichiú haois agus cumadh cuid de na dánta agus amhráin Ghaeilge is iomráití anseo i ndeisceart Ard Mhacha, agus ar ndóigh is as deisceart Ard Mhacha don sár-Ghael iomráiteach nach maireann, Tomás Cairdinéal Ó Fiaich.

Más mian leat níos mó eolais a fháil faoi ranganna agus imeachtaí Gaeilge in Ard Mhacha, dean teagmháil le Seán ar 028 3751 5229 nó ag sean@cairdeteo.com. Anois agus Jamie agus foireann Chrois Mhic Lionnáin i mbun treanála le hullmhú do bhabhta leathcheannais na hÉireann in eadán Dr Crokes, ba mhian le Gaeil ó gach cuid d’Ard Mhacha gach rath a ghuí ar a chlub agus tá súil againn go nglacfaidh siad corn Andy Merrigan abhaile le oar Lá Fhéile Pádraig. Guíonn Gaeil Ard Mhacha bliain rathúil ar Jamie agus ar Ard Mhacha don bhliain 2012. Ard Mhacha abú.

Éire ar an tslí go Corn na hEorpa, Éire 1 – An Eastóin 1

Éire 1 – An Eastóin 1 – Vassiljev 56 bomaite

Leathama, ÉIRE 1 – An Eastóin 0 – Steven Ward 32 bomaite

Éire v An Eastóin i gcluichí cáilithe Euro 2012
Dhá chluiche i gcoinne na hEastóine atá idir Éire agus áit i gCraobh Sacair na hEorpa 2012, tar éis go ndearnadh tarraingt na gcluichí cáilithe don mhórchomórtas in Krakow na Polainne tráthnóna inniu.

Chinntigh foireann Giovanni Trapattoni a n-áit sa bhabhta cáilithe le bua 2-1 ar an Airméin oíche Mháirt agus bhí siad réimithe don tarraingt dá bharr, rud a d’fhág nach dtiocfadh leo imirt in éadan Phoblacht na Seice, An Chróit ná An Phortaingéil ar an mhí seo chugainn.

Cé go mbeidh Éire sásta go leor nach mbeidh siad ag tabhairt aghaidhe ar na mórfhoirne luaite, beidh dúshlán go fóill roimh na fir sna geansaithe glasa mar gurb í an Eastóin iontas Ghrúpa C, iad ag teacht sa dara háit i ndiaidh na hIodáile agus chun cinn ar an tSeirbia agus an tSlóivéin.

Is san Eastóin ar 11 Samhain a bheas an chéad chluiche, leis an dara ceann sa bhaile ag Éirinn ar 15 Samhain.

Is iad an trí chluiche cáilithe eile do Euro 2012 – a bheas ar siúl sa Pholainn agus san Ucráin le linn an tsamhraidh seo chugainn – ná An Tuirc v An Chróit, Poblacht na Seice v Montainéagró agus An Phortaingéil v An Bhoisnia-Heirseagaivéin.

Deireadh an chluiche, Éire 2 – an Airméin 1
Gheobhaidh Éire amach Déardaoin cé leis a bhuailfidh siad sa babhta cáilithe don Chorn Eorpach. I ndiaidh 60 bomaite anocht, scoráil Dunne i ndiaidh don chúl báire gan gréim a fháil ar scoth trasnú ó Aiden Mc Geady. Bhí an cuma ar an scéal go mbeadh an lá leo, cé nach raibh siad ag imirt go seoighe ná baol air. Ach dhá bhomaite níos moille scoráil Mkhitaryan  agus tá Éire is a lucht tacaíochta iontach neirbhéiseach i gcónaí. Ba cheart do Given caitheamh níos fearr le buille Mkhitaryan ná mar a rinne sé. Faoin 82 bomaite cuireadh Kevin Doyle ón pháirc i ndiaidh dó an dara carta buí a fháil. Agus b’amhlaidh a ba neirbhéisí foireann na hÉireann agus na bomaití ag imeacht. Cuireadh ceithre bhomaite d’am breise leis an nócha bomaite ach sa deireadh chríochnaigh an cluiche ar scór 2-1 agus ‘Stand up for the boys in Green’ ag macallú fud an staid agus fud an cheantair.