Gradam ar leith do Therese

Irish Radio - Therese McInerney & Lynette Fay (BBC NI)

Therese McInerney ó Shráid na Cathrach, Co an Chláir, buaiteoir ar Iriseoireacht trí Ghaeilge (Raidió) ag Gradaim na Meán de chuid Mac Léinn na hÉireann. B’í Lynette Fay, ó Raidió Uladh an BBC, a bhronn an gradam uirthi agus b’iad  Foras na Gaeilge a rinne urraíocht ar an Ghradam.

Athrú mór i dtoghchán na Greige

De réir phobalbhreitheanna tosaigh na Greige beidh an dá mhórpháirtí a thacaigh le ciorruithe is srianta airgeadais an Aontais Eorapaigh le bheith thíos leis ag an toghchán. Bhí an toghchán ann inniu agus léirítear na tortaí luath go bhfuil PSOAK, an páirtí rialtais Sóisialach agus An Nua Daonlathas, an páirtí rialtais de chuid na heite [...]

An tUachtarán Hollande – beidh gné cruthú fostaíochta ag an Eoraip anois

Den chéad uair le 17 mbliain anuas tá Sóisialach i gceannas na Fraince anocht. Tá an comháireamh ag dul ar aghaidh ach meastar go saothróidh Francois Hollande toghchán na hUachtaránachta le 52% den vóta le taobh an 48% a shaothraigh Nicholas Sarkozy. Agus é ag caint le hollscaifte ina Tulles, dúirt an tUachtarán tofa nach [...]

Fianna Fáil éagumsach – Mc Adam

Deir Gearóid Mc Adam go bhfuil Fianna Fáil éagumasach agus ar bheagán cumhachta agus go bhfuil Michael Ó Máirtín ag iarraidh troid le Sinn Féin ar mhaithe le haird a tharraingt orthu féin. An tseachtain seo caite mhaígh Micheál Ó Máirtín nárbh suim le Fianna Fáil dul i gcomhrialtas le Sinn Féin go deo ach [...]

ComhEaspag le ceapadh chun cuidiú leis an Chairdinéal Ó Bradaigh?

Tuigtear ó fhoinsí sa Vatacáin go bhfuil an Pápa chun comh-easpag a cheapadh roimh dheireadh na bliana seo chun cuidiú leis an Chairdinéal Seán Ó Bradaigh a chuid dualgais a chomhlíonadh. Meastar go dtuigeann an Vatacáin go gcaithfidh an Cairdinéal Ó Bradaigh éirí as go luath agus go bhfuil siad ag iarraidh go dtarlódh sin [...]

Cáinedh géar do RTÉ

Deir dlíodóir leis an Athair Kevin Reynolds nach bhfuil sé chun aisfhreagra a thabhairt ar tuarascáil an BAI/Údarás Craolacháin na hÉireann faoi chraoladh an chláir ‘Mission to Prey.’ Cáineadh RTÉ go géar sa tuarascaáil agus anocht d’fhógair duine de dhéantóirí an chláir, Aoife Kavanagh go bhfuil sé ag éirí as. Ghabh sí leithscéal leis an [...]

Adam Yauch marbh

Tá duine de bhunaitheoirí an ghrúpa, The Beastie Boys, Adam Yauch i ndiaidh bás a fháil. Bhí sé in aois 47 agus bhí ailse air le roinnt blianta anuas. Maireann a bhean agus a íníon. Tharraing an Beastie Boys clú idirnáisiúnta orthu féin lena gcéad singil  in 1986 “(You Gotta) Fight for Your Right (to [...]

Micheál Ó Muircheartaigh chun Gaelscoil Eanna a oscailt

Beidh áras nua Ghaelscoil Éanna, in Gleann Gormliath ar imeall thuaisceart Bhéal Feirste chun oscailt go hoifigiúil amárach. Beidh an tAire Oideachais John O’Dowd i láthair ann mar aon leis an aoíchainteoir, Michéal Ó Muircheartaigh. Sa phreas ráiteas cuirtear fáilte roimh an phobal a bheith páirteach ann. ‘Is onóir dúinn go mbeidh Micheál Ó Muircheartaigh [...]

Bairbre de Brún le héirí as

D’fhógair Sinn Féin inniu go bhfuil Bairbre de Brún chun éirí as mar fheisire Eorpach an pháirtí. Dar le Gearóid Mac Adam gur cúiseanna pearsanta a ba chúis lena cinneadh agus d’iarr sé ar an meáin glacadh leis sin. Ghabh sé buíochas léi as an mhéid atá déanta aici le corradh is 30 bliain anuas [...]

Ni mór don Cairdinéal imeacht – Gilmore

Deir an tAthair Brian D’Arcy go bhfuiltear ann a chreideann go raibh an Cairdinéal Ó Bradaigh sásta éirí as dhá bhliain ó shin ach gur thug an Vatacáin air fanacht. Dar leis an Athair D’Arcy go mbeadh sé deacair aige féin leanúint ar aghaidh mar Chairdinéal dá mbeadh sé sa chás céanna is atá an [...]

2010 © Nuacht24