Na sluaite Gael ag Halla na Cathrach Bhéal Feirste

pic 2

Bhí thart ar 500 duine i láthair aréir ag Ceiliúradh na Gaeilge in Halla na Cathrach i mBéal Feirste. B’é an tArd Mhéara Niall Ó Donnghaile a chuir fáilte roimh an scaifte. Bhí cur i láthair ó roinnt grúpaí Gaelacha, ó dhaoine a bhaineann leis an chomhairle agus leis an áisínteach dea caidrimh den chomhairle, [...]

Rásaí na Gaillimhe ar ais ar TG4

Sheol an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Pat Rabbitte, TD  an dara sraith sa ngreanndráma fuinniúil, seacht bpáirt seo ag nuacht-ócáid in Óstán Buswell i Sráid Theach Laighean, inniu.   Deimhníonn na carachtair agus na heachtraí sa tsraithdhráma seo go bhfuil bunús maith leis na finscéalta ar fad a chloistear faoi imeachtaí na Féile [...]

34 curtha chun báis ag rialtas na hIaráice i mí Eanáir

Beag beann ar cháineadh ó na Náisiúin Aontaithe chuir an Iaráic 34 chun báis i mí Eanáir. Tá pionós an bháis i bhfeidhm sa tír as 48 coir, roinnt acu atá tromchúiseach ach lena chois  roinnt coireanna nach bhfuil millteanach tromchúiseach.  Deir Coimisinéir Cearta Daonna na Náisiúin Aontaithe, Navi Pillay, gur samhnasach an dóigh a [...]

Seans go ndéanfaidh an Talaban an Afganastáin a athghabháil

Deir rialtas Mheiriceá nach páipéir straitéise oifigiúla iad na doiciméid faoi chogadh na hAfganastáine ar phoibligh meáin Mheiriceá is meáin na Breataine inniu. Sna doiciméid, atá bunaithe ar dhiancheistiú 4,000 príosúnach de chuid an Talaban, dúradh go bhfuil ardmhisneach ar na trodairí, go bhfuil straitéis eagraithe acu atá níos sofisticiúla ná mar a tuigeadh, go [...]

Bain a mbonn de Pharaitrúipéirí Dhomhnach na Fola – Mc Cartney

Deir Raymond Mc Cartney go mba cheart do Bhanríon Éilis na Breataine a gcuid bonn a bhaint de na Paraitrúipéirí a mharaigh 13 duine ar Dhomhnach na Fola. Dar leis an bhall tionól le Sinn Féin má tá aon ónóir ag baint leis an ‘honours system’ in Sasana go mba cheart do David Cameron a [...]

Marú Rudo Mawere – cuardach tí

Tá na Gardaí ag cuardach tí i mBaile Átha Cliath agus iad ag fiosrú marú Rudo Mawere, an mac léinn ón Mhalaiv a fritheadh a corp i mála in aice le Páirc an Fhionnuisce Dé Domhnaigh. Tá árasán taobh istigh den teach i Sráid Eachroma á cuardach ó bhí an mhaidin ann.

Bíodh reifreann ann – Micheál Ó Máirtín

Deir Micheál Ó Máirtín go mba cheart don rialtas reifreann a reáchtáil go fiú mura dteastaíonn sé de réir na Bunreachta. Dar leis gur ghá an phobal a thabhairt ar bord agus a chur ag tacú leis an leasú ar an Chonradh Eorpach agus leis an pholasaí atá an rialtas ag brú, go háirithe má [...]

Anois ar theacht an earraigh, dán ó Ghaelscoil Éanna i mBéal Feirste

uan

  Lus an Chromchinn Is bleib beag nua mé, Ag fanacht ar an Earrach, Anois, tá me I mo choladh, Thar Gheimhreadh sioctha, fuar, fada. An t-Earrach atá ann, Agus tá mé ag fás Le gas feas agus duilleoga buí, Tá mé amuigh ag spraoi. Anois, ta an Smhradh ag teacht, Chonaic mé Lá Fhéile [...]

Deich mbomaite don Ghaeilge – inniu!

OLYMPUS DIGITAL CAMERA

Muna bhfuil sé déanta cheanna féin agat, teigh isteach go suíomh na Roinne Ealaíne, Oidhreachta agus Gaeltachta agus líon amach an suirbhé seo faoi Acht na dTeangacha Oifigúla 2003, ní ghlacann sé ach 10 noiméad http://www.ahg.gov.ie/ie/DeisComhairliuchain/AthbhreithniuarAchtnadTeangachaOifigiula2003/Suirbhe/ Tá sé fíorthábhachtach go bhfuil Acht Teanga ann agus nach ndéanfar lagú as cuimse air. Ní bheidh an deis [...]

Fear marbh i ndiaidh eachtra scaoilte i dTiobraid Arann

garda1

Maraíodh fear anocht ar an Phort Nua i gCo Thiobraid Arann nuair a scaoileadh roinnt urchair. Tuigtear go raibh an fear, ar as Luimneach dó, i gcarr ar stop an Garda é. De réir tuairiscithe bhí gunna ag an fhear agus tamall i ndiaidh do na Gardaí é a stopadh tharla scaoileadh. Tá Ombudsman an Gharda [...]

2010 © Nuacht24