Fear á cheistiú faoi dhúnmharú Robert Mc Cartney

Tá fear 53 bliain d’aois á cheistiú faoi dhúnmharú Robert Mc Cartney i mBéal Feirste sa bhliain 2005. Ghabh na péas an fear aréir agus tá sé á cheistiú ag aonad na bpéas i mbaile Aontroma. Bhí ollphoiblíocht ann faoi dhúnmharú Robert Mc Cartney taobh amuigh de theach tábhairne Maginnis i lár Bhéal Feirste agus [...]

Bua don Chéinia i Maratón Bhaile Átha Cliath

Geoffery Ndungu ón Chéinia a bhain Maratón Bhaile Átha Cliath inniu, an 33ú maratón sa phríomhchathair. Ba é Paul Pollock an reathaí Éireannach is fearr. Bhain Geoffery Ndungu an rás anuraidh ach cé go raibh coinníollacha thar a bheith maith do rás an lae inniu níorbh fhéarr a am don rás i mbliana ná an [...]

Tacaíocht an Iontaobhais do Ghaelscoil na Deirge

GS na D 1(1)

Chuaigh Pilib Ó Ruanaí príomhfheidhmeannach Iontaobhas na Gaelscolaíochta chuig cruinniú cinn bliana Naíscoil na Deirge le seic ar £13,000 a bhronnadh ar Ghaelscoil na Deirge, Caisleán na Deirge. Bunaíodh Gaelscoil na Deirge Meán Fómhair na bliana seo le freastal ar éileamh na gaelscolaíochta sa bhaile seo ar an teorainn idir Tír Eoghain agus Tír Chonaill. [...]

Ceardlann scríbhneoireachta i nGaillimh

  Ceardlann Scríbhneoireachta Gaeilge Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh         Satharn, 17 Samhain 2012, 10.30a.m. – 5.00p.m. • Stiúrthóirí: Mícheál Ó Ruairc, gearrscéalaí & úrscéalaí;          Pádraig Ó Snodaigh, file agus ­foilsitheoir,          agus Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA. I gcomhar le Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí & Conradh na Gaeilge a eagraítear na ceardlanna [...]

Leagan Gaeilge de Windows 8 chugainn

D’fhógraigh Microsoft na hÉireann ar maidin go mbeidh siad ag cur ar fáil an córas feidhmiúcháin  Windows 8 i 100 teanga, agus orthu sin an Ghaeilge. Thug bainisteoir stiúrtha Microsoft na hÉireann,  Paul Rellis, go bhfuil an comhlacht chun leagan logánta den chóras a sholáthar oiread agus is féidir fud na cruinne agus go mbeidh leagan [...]

Fáigh réidh le Pat Mc Quaid – Greg Lemond

Deir an rothaí Meiriceánach Greg Lemond go mba cheart don Uachtarán ar an Aontas Idirnáisiúnta  Rothaíochta,  Pat McQuaid agus a leas Uachtaráin, Hein Verbruggen, éirí as láithreach. Ba é Greg Lemond an rothaí Meiriceánach deireannach a bhain an Tour de France ó tharla go bhfuil buanna Lance Armstong cealaithe. Dúirt Greg Lemond go bhfuil sé [...]

Gearrliosta Leabhar na Bliana

Leabhar na Bliana 2012

Grianghraf le Jason Clarke Photography   In 1922 thug Liam Ó Flaithearta, i dteannta slua de lucht dífhostaithe Bhaile Átha Cliath, ruathar faoin Rotunda agus d’ardaigh siad bratach dhearg na réabhlóide ar a bharr. Anois, 90 bliain ina dhiaidh, tá spiorad an scríbhneora chlúitigh tagtha ar ais i bhfoirm saothair a bhí caillte, Dorchadas atá [...]

Foclóir Uí Ghógáin ar líne

Tá imleabhar comhlánaithe nua d’fhoclóir stairiúil Gaeilge-Béarla Phádraig Uí Dhuinnín le seoladh ar líne ar an 26ú Deireadh Fómhair i gColáiste na Carraige Duibhe, Co. Bhaile Átha Cliath. Is é an tOllamh Alan Titley a bheidh á sheoladh. Ba é an file agus an scoláire Ceiltise Liam S. Gógan, nach maireann, a thionscain an mórshaothar [...]

Amhráin, Scéalta agus Steip do Leitir Ceanainn an tSamhain seo

GearoidODroighnean Cup

  Grianghraf Clive Wasson     Beidh Féile Oireachtas na Samhna ag bogadh go Leitir Ceanainn ón 30 Deireadh Fómhair go dtí an 4 Samhain 2012. San óstán Mount Errigal agus in ionaid eile sa bhaile seo i nDún na nGall a reáchtálfar an Fhéile, atá mar Mheice dóibh siúd a ghlacfaidh páirt ann agus [...]

Cluiche ríomhaire don Samhain – i nGaeilge!

AnCaifeCraosach

                       Cluiche Taibhsí agus Sprideanna as Gaeilge d’Oíche Shamhna Inniu (23 Deireadh Fómhair 2012) sheol Foras na Gaeilge, An Comhlacht Forfheidhmithe Thuaidh/Theas chun an Ghaeilge a chur chun cinn, an chéad fhíschluiche riamh as Gaeilge. Chuaigh Black Market Games i gcomhar le Foras na Gaeilge leis an gcéad chluiche ríomhaire as Gaeilge a [...]

© Nuacht24