Ó phríosún go síocháin – leagan Gaeilge ar fáil

Rinneadh leagan Gaeilge den chúrsa scoile, ‘Ó phríosún go síocháin’ a sheoladh ag ócáid i bParlús an Ard Mhéara in Halla na Cathrach i mBéal Feirste inniu. Bhí ionadaithe d’iarchimí ó bhunús mór na ngrúpaí paraimílteacha a bhí páirteach sa chogaíocht ó thuaidh i láthair ag an ócáid agus b’é an tAire John O’Dowd a [...]

Téama Francach san Ceathrú Póilí

Ba mhian le Club Leabhar Choiscéim Feirste tú bheith i láthair   Dé Sathairn 12 Bealtaine ar a 1.00in   uair a sheolfar An t-Ard eiriceach agus a Chuid cnuasach scéalta le Apollinaire arna aistriú ón Fhraincis ag Gabhán Ó Fachtna agus An Strainséara le Albert Camus arna aistriú ón Fhraincis ag Diarmuid Ó Gráinne [...]

Cúrsa i scileanna raidió agus craoltóireachta

D+¦nall Mac Murchaidh - Radio F+íilte's Training Officer

A chairde,   Tá Raidió Fáilte ag eagrú dianchúrsa i scileanna raidió agus craoltóireachta le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge. Beidh 5 sheisiún traenála 3 uair a chloig ann san iomlán gach Satharn le linn mí Meithimh. Tá a thuilleadh sonraí ar fáil sa phreasráiteas thuas. Má tá suim agat freastail ar an chúrsa gabh [...]

Céilí do TACA in Halla Cathrach Bhéal Feirste

taca

Beidh Céilí Mór ar son TACA – grúpa a thógann airgead ar son na nGaelscoileanna ó thuaidh – beidh sé ann oíche Shathairn, 12 Bealtaine in Halla na Cathrach Bhéal Feirste. Tosóidh an ócáid ar 8.30 agus is iad an Cross Keys Ceilí Band a bheidh ag cur ceoil ar fáil. Thig eolas a fháil [...]

1,600 cime Palaistíneach ar stailc ocrais, NA imníoch

Deir na Náisiúin Aontaithe go bhfuil siad buartha faoin stailc ocrais atá ar bun ag cimí Palaistíneacha i bpríosúin Iosrael. Tá 1,600 cime ag troscadh anois, roinnt acu le corradh is 70 lá. Tá beirt de na stailceoirí seo iontach lag agus buairt ann go bhfuil siad i mbaol an bháis. Tá an agóid ann [...]

Samhail Nua Maoinithe le plé sa Tionól ó thuaidh

Díospóireacht sa Tionól 22 Béaltaine “That this Assembly notes with concern the effects that the new funding model proposed by Foras na Gaeilge will have on Irish language organisations; expresses concern about the nature of the consultation process; and calls on the Minister of Culture, Arts and Leisure to review these proposals in view of [...]

Díospóireacht teilifíse idir Kenny is Adams?

Tá an Taoiseach Enda Ó Cionnaith agus Gearóid Mc Adam, ceannaire Shinn Féin ag meabhrú ar cheart dóibh páirt a ghlacadh i ndíospóireacht teilifíse faoin chomhaontú fisceach ar 29 Bealtaine ar TV3. Dhiúltaigh an bheirt roimhe seo páirt a ghlacadh i ndíospóireacht ar TV3 cionn is go raibh siad míshásta le Vincent Brown a bheith [...]

Ó Cuív – fanfaidh mé i bhFianna Fáil, ní suim liom páirtí eile

Tá Eamon Ó Cuív chun fanacht i bhFianna Fáil. Agus é ag caint ag Teach Laighean tráthnóna dúirt an iarleascheannaire ar Fhianna Fáil nach mbeidh sé ag caint go poiblí a thuilleadh faoin reifreann maidr leis an chomhaontú fisceach Eorpach. Cháin sé an comhaontú inniu ina chaint ach dúirt sé go bhfuil sé chun glacadh [...]

Deireadh seachtaine Ghaelachta

Beidh an grúpa cnocadóireachta Siúil ag eagrú deireadh seachtaine siúlóide i nGaeltacht Dhún na nGall ar an 26 agus an 27 Bealtaine. Beidh rogha siúlóide ann ar an Satharn ar a 1. Beidh roinnt againn ag dreapadh na hEaragaile nó beidh siúlóid níos fusa ag Caiseal na gCorr ag bun na hEaragaile. Beidh muid ag freastal ar an Chabaret [...]

An dochar bainte de bhuama i mBaile Átha Cliath

Bhain oifigigh de chuid an airm an dochar de bhuama a fuarthas i mBaile Átha Cliath go luath ar maidin. Bhí an buama taobh amuigh de theach in Inse Chór agus mhair an oibríocht chun an dochar a bhaint de roinnt uaireanta a chloig. Deir na Gardaí go bhfuil siad i mbun fiosruithe agus go [...]

2010 © Nuacht24