Craolfar torthaí Ghlór na nGael 2011 beo ar Raidió na Gaeltachta trathnóna Dé hAoine na seachtaine seo. Beidh fógairt na dtorthaí ar chlár Seán Bán Breathnach ag 2.00 an 10 Feabhra. Is é €40,000 luach na príomh-dhuaise. Carn Tóchair, Co Doire, a bhuaigh an duais mhór seo i 2010 agus tá coistí ar fud na [...]
Preas ráiteas Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag cur go tréanláidir i gcoinne chinneadh na Roinne Oideachais agus Scileanna deireadh a chur le deontais d’ábhair oidí ag freastal ar chúrsaí tumoideachais Ghaeilge sa Ghaeltacht. Faoi láthair, íoctar as na cúrsaí 3-sheachtaine sa Ghaeltacht a fhreastalaíonn ábhair oidí orthu mar chuid [...]
Tá an tOir Ian Paisley tinn agus é in aonad dianchúram an Ulster Hosptial i nDún Dónaill ó bhí an Domhnach ann tugadh le fios inniu. D’iarr a bhean, Eileen, ar na meáin gan a bheith ag lorg a bharraíocht eolais agus a aithint go bhfuil siad i dteideal am a bheith acu leo féin. [...]
Deir Martin Sheen go bhfuil sé bródúil as an ról a d’imir seanuncail leis i gCogadh na Saoirse. Le linn dó a bheith páirteach i leagan Meiriceánach de ‘Who do you think you are anyway?’ fuair sé amach go raibh an seanuncail, Michael Fieland, ina bhall den IRA agus go raibh sé gníomhach le linn [...]
Dhearbhaigh an tEaspag Diarmuid Martin inniu go bhfuil cuireadh tugtha don Phápa Benedict teacht ar chuairt go hÉirinn agus go bhfuilan Pápa ag meabhrú faoi sin. Ach níl aon chinnteacht ann faoi cén uair a thiocfaidh sé deir an tEaspag. Tá tuairimíocht láidir ann go dtiocfaidh an Pápa ar a chéad chuairt i mí Mheithimh [...]
Tugann an Bord díospóireacht Chearta an Duine chuig an Iar-Thuaisceart Foilseoidh an Bord Póilíneachta inniu an 7ú Tuarascáil Bhliantúil acu ar Chearta an Duine. Meastar sa tuarascáil mar a d’éirigh leis na póilíní a bhfreagrachtaí chearta an duine in 14 chroí-réimse a chomhlíonadh le bliain anuas. Seolfar an tuarascáil ar Champas Ollscoil Uladh Mhig Aodha, [...]
Ba é Alan Mc Nally (36) an fear a scaoileadh chun báis i dteach tábhairne i mBaile Átha Cliath aréir. Tá dianchuardach ar bun ag na Gardaí sa cheantar thart timpeall ar teach tábhairne an Cappagh Nua i bhFionnghlas . Maraíodh a dheartháir, Graham, sa cheantar céanna trí bliain ó shin nuair a d’éirigh aighneas [...]
Is ar an bhfidléir Brian Rooney (as tuaisceart Liatroime ó dhúchas ach atá ag cur faoi le fada an lá i Londain) a bhronnfar Gradam Ceoil 2012. Fógraíodh sin agus gradamóirí eile na scéime ag ócáid i gCora Droma Rúisc ina chontae dúchais tráthnóna. Tá ardmheas agus cion ar leith ag lucht an cheoil traidisiúnta [...]
Tá an tAire Cultúir Carál Ní Chuilín i ndiaidh an scéim Líofa 2015 a lainseáil in Ard Mhacha, agus í ar cuairt ar an chathair le hoifigí nua CAIRDE Teo agus an siopa Gaeilge Cult Úr a oscailt go hoifigiúil. Cuireadh fáilte mhór chroíúil roimh an Aire agus bhí scaifte breá i láthair le páistí [...]
Tráchtanna is Déanaí