‘Dhéanfainn arís é’ Breivik

Deir Anders Breivik go ndéanfadh sé sleacht arís eile. Dar leis go bhfuil an bhagairt ann go mbeidh pobal dúchasach na hIorua ina mionlach sa tír amach anseo agus mar sin gur mhó ar fad an éagóir atá á déanamh ar phobal ‘s’aige’ ná an sleacht a rinne seisean. B’éigean do duine de na breithimh [...]

Breivik faoi thriail in Oslo

Rachaidh Anders Breivik faoi thriail in Oslo na hIorua an tseachtain seo agus é curtha ina leith go raibh sé freagrach as marú 77 duine agus as eachtraí sceimhle anuraidh. Beidh 130 finne súl páirteach sa triail agus beidh craoladh ó comhlachtaí teilifíse na hIorua ar an fhianaise a chuirfear i láthair na cúirte. Admhaíonn [...]

Sraith d’ionsaithe ar thargaidí fud Chabúl

Maraíodh 17 trodaire de chuid an Talaban agus beirt saighdiúir de chuid rialtas na hAfganastáine nuair a rinne an Talaban ionsaithe ar ambasaidí, ar fhoirgnimh rialtais, ar pharlimint na hAfganastáine agus targaidí eile fud fad Chabúl inniu. Deir an Talaban gur seo tús ar a bhfeachtas earraigh agus nach bhfuil ann ach leid dá bhfuil [...]

Formula 1 ag dul go Bairéin

Bhí forneart ann i mBairéin aréir, tamall beag i ndiaidh do Bernie Ecclestone a fhógairt go bhfuil an rás Grand Prix Formula 1 sa tír le dul ar aghaidh ar an tseachtain seo chugainn in ainneoin brú ó leithéidí Amnesty International faoi chéasadh is cos ar bholg sa tír. D’aontaigh an 12 foireann d’aonghuth dul [...]

‘Níl an plean síochána marbh fós’ Kofi Annan

Deir Kofi Annan gur dona leis nach bhfuil rialtas na Siria ag cur i gcrích go fóill na geallúintí a thug siad maidir le tarraingt siar saighdiúirí ó cheantair mórdhaonra agus éirí as ionsaithe ar léirsitheoirí. Ach deir iarcheannasaí na Náisiúin Aontaithe nach bhfuil a phlean síochána marbh go fóill agus go bhfuil sé ar [...]

Santorum as an áireamh i rás na bPoblachtach

Beidh Barack Obama san iomaíocht le Mitt Romney i dtoghchán Uachtaránacht Mheiriceá i bhfómhar na bliana seo. Thug Rick Santorum le fios inniu nach bhfuil sé chun leanúint dá fheachtas siúd. Bhí seisean ar an iarrthóir is láidre Poblachtach, seachas Romney, agus ciallaíonn a imeacht go bhfuil sé cinnte, nach mór, go bhfaighidh Romney an [...]

Breis agus 100 duine marbh i bhforneart na Siria inniu

Maraíodh corradh is 100 duine inniu in Siria, rud a chiallaíonn go raibh seo ar na laethanta is fuiltí sa chogaíocht ansin. Dar le gníomhaithe gur maraíodh tuairim is 30 duine in Latamneh, bruachbhaile de chuid Hama. Agus bhí caismirtí is maruithe i mbailte fud na tíre. Dar leis an fhreasúra go bhfuil an rialtas [...]

135 saighdiúir ar iarraidh sna Himiléithe

Tá corradh is 100 saighdiúir de chuid na Pacastáine ar iarraidh i ndiaidh maidhm shneachta a tharla os cionn a mbeairic in aice le hoighearshruth Siachen sna Himiléithe. Tá an bheairic suite i gCaismir, ceantar mar a bhíonn caismirtí go minic idir arm na Pacastáine agus arm na hInde agusmar aon leis sin idir  trodairí atá [...]

Stailceoir ocrais i mbaol an bháis

Tá gníomhaí cearta daonna i mBairéin san ospidéal agus é go dona tinn i ndiaidh dó 58 a chaitheamh ar stailc ocrais. Tá Abdulhadi al-Khawaja  ag troscadh cionn is an dóigh ar cuireadh faoi ghlas é as a bheith páirteach i léirsithe ar son an daonlathais anuraidh. Gearradh príosúnacht saoil ar Abdulhadi al-Khawaja  cé gur [...]

Ag cuimhneamh ar léigear Sairéavó

Tá mhuintir Bhoisnia ag comóradh tús an chogaidh idir iad agus an tSeirbia, coimhlint  a thosaigh cothrom an lae  inniu 20 bliain ó shin. Ba ar 6 Aibreán 1992 a thug an tAontas Eorpach aitheantas don Bhoisnia mar stát neamhspleách, rud a spreag ionsaí ó Sheirbia, léigear agus cogadh a mhair trí bliana.  Leagadh amach [...]

2010 © Nuacht24