100 duine marbh in Siria inniu

100 duine nó mar sin a maraíodh inniu i bhforneart in Siria inniu de réir lucht cearta daonna. Orthu sin bhí roinnt páistí a maraíodh in Homs. Bhí caismirtí ann in Hama nuair a thug trodairí de chuid Arm Saoirse na Siria faoi saighdiúirí an rialtais. Agus bhí caismirtí ann i roinnt bruachbhailte le taobh [...]

8,000 cime in Libia, tuairiscithe faoi chéasadh

Deir ionadaí na Náisiúin Aontaithe don Libia go bhfuil os cionn 8,000 cime faoi ghlas ag mílistigh ansin. Dar le Ian Martin gur beag eolas atá ar fáil faoin dóigh a bhfuil na mílistigh ag caitheamh leis na cimí seo, lucht tacaíochta Gaddafi is mó, ach go bhfuil tuairiscithe ann go bhfuiltear ag caitheamh go [...]

Ceannasaí PIP á cheistiú

Ar maidin inniu ghabh péas na Fraince Jean-Claude Mas, an fear a bhí i gceannas ar an chomhlacht PIP. Tá sé le ceistiú faoin scannal ionchlannáin chíche agus faoin dóigh a d’úsáid  PIP sileacan nach raibh de chaighdeán sásúil.

Newt ag díriú ar an ghealach

Dar le Newt Gingrich go mbeidh láraonad buan ag Meiriceá ar an ghealach faoi 2020 má bhaineann seisean comórtas na hUachtaránachta i mí na Samhna i mbliana. Deir Gingrich, atá anois ina iarrthóir láidir chun ainmiúchán a fháil ó na Poblachtaigh, deir sé go bhfuil sé muiníneach go mbeadh an earnáil phríobháideach sásta cuid mhór [...]

Theodoros Angelopoulos marbh i ndiaidh taisme bóthair

aisteoir

Tá an déantóir scannáin iomráiteach de chuid na Greige, Theodoros Angelopoulos, i ndiaidh bás a fháil. Maraíodh é nuair a bhuail gluaisrothar é i gcuan Piraeus. Bhí ardchlú ar Angleopoulos agus ba dhúshlánach amach a chuid scannáin ó thaobh dreach, is stíle is ábhair de. Bhí sé le tamall anuas ag obair ar scannán a [...]

Ionsaí ar Aerfort Kandahar

talaban

Maraíodh seisear ar a laghad nuair a phléasc buamadóir féinmharfach a bhuama ag geata aerfort Kandahar i ndeisceart na hAfganastáine. De réir na tuairiscithe a fuarthas ón láthair go luath gur chlis ar iarrachtaí an bhuamadóra fáil isteach sa chuid sin den aerfort ina bhfuil na mílte saighdiúr eachtrannach lonnaithe ach gur shíob sé a [...]

‘Moody’s – níl muidne ag baint de stádas 3A na Fraince

D’fhógair an áisínteacht creidiúna Moodys inniu nach bhfuil siad chun baint de stádas trí A na Fraince. Dé hAoine seo caite bhain an mór áisínteacht creidiúna eile, Standard&Poors go bhfuil siad i ndiaidh stádas na Fraince a ísliú agus thuar siad go mbeadh drocham ag geilleagar na Fraince sa bhliain nó beirt amach romhainn, rud [...]

Dúnorgain curtha i leith chaptaen an Costa Concordia

Tá dúnorgan, tréigiúint a loinge, freagracht as taisme agus cúiseanna eile curtha i leith  Francesco Schettino, captaen ar an long cúrsála Costa Concordia. Cuireadh siar faoi choinníoll é a fhad is go bhfuiltear ag scrúdú ar tharla. Ar maidin tháinig lucht tarrthála ar bheirt, lánúin nua phósta ón Choiré Theas, a bhí i bhfostó i cabhán ó tharla [...]

40 ar iarraidh go fóill i ndiaidh taisme loinge na hIodáile

Táthar ag leanúint leis an chuardach do 40 duine atá ar iarraidh i ndiaidh na taisme a bhain do long cúrsála amach ó chósta na hIodáile aréir. Ní léir go fóill cad a ba chúis leis an taisme. Bhí 4,000 ar bord na loinge ach tháinig a bhformhór slán.

Na scórtha marbh i ndiaidh pléascáin i mBasra

Maraíodh níos mó ná 50 duine nuair a d’ionsaigh buamadóir féinmharfach oilithrigh Shia i mBasra na hIaráice ar maidin inniu.Tuigtear go raibh an buamadóir faoi éidí phéas agus gur shíob sé an buama ag ionad seiceála taobh istigh de limistéir ‘sábháilte.’

2010 © Nuacht24