Thomond – Clár nua comórtha agus cuimhní cinn seolta i Luimneach

     Thomond – Clár nua comórtha agus cuimhní cinn seolta i Luimneach   Bhí macallaí na staire agus na ngártha glóracha le  brath go láidir i Luimneach tráthnóna nuair a seoladh clár nua teilifíse faoi cheann de na háiteanna is aitheanta ar fad sa gcathair stairiúil sin.   Díríonn an clár Thomond   ar stair […]

Lou Reed marbh

Tá an ceoltóir Lou Reed I ndiaidh bás a fháil agus é seachtó a haon bliain d’aois. Chuaigh sé faoi scian I mí Bealtaine na bliana seo cionn is fadhbanna duáin aige. Bhí ardmheas ar Lou Reed ní cionn is a ghuth ach cionn is a chumas mar cheoltóir agus mar scríbhneoir ceoil. ‘Walk on […]

50 duine marbh i mbuamaí na hIaráice

Corradh is 50 duine a maraíodh nuair a phléasc deich mbuama i gceantracha Shi’ite i mBagdad agus nuair a phléasc buamadóir féinmharfach buama i measc slua saighdiúirí a bhí i scuaine chun a dtuarastal a fháil taobh amuigh de bheairic i Mosul i dtuaisceart na hIaráice. Cé go raibh biseach ar chúrsaí sa tír díreach […]

Níos mó líomhaintí faoi chúléisteacht Mheiriceá ar Merkel

Tá Der Spigel agus nuachtáin is irisí éagsúla sa Ghearmáin ag tuairisciú inniu go raibh cúléisteacht ar bun ag Meiriceá ó sheomra ina nAmbasaid i mBeirlín agus go raibh a leithéid d’oibríocht ar bun acu in 80 tír eile. Agus dar leo go raibh cúléisteacht ar Angela Merkel ar bun ag Meiriceá ó 2003 nó […]

Is fíor gur bean as an Bhulgáir máthair ‘Maria’

Dhearbhaigh scrúdú DNA sa Bhulgáir inniu gurb í bean as an Bhulgáir, Sasha Ruseva, máthair an pháiste Maria a tugadh ar shiúil ó theaghlach Romach sa Ghréig an tseachtain seo caite. Bhí an teaghlach sin ag maíomh ó shin gur bhronn bean as an Bhulgáir an páiste orthu cionn is nach raibh sí féin in […]

Iosrael ag diúltú cead isteach do ghrúpa ón AE

Deir an feisire Eorpach Martina Anderson go bhfuil thar a bheith míshásta go bhfuil Iosrael i ndiaidh diúltú ligean do thoscaireacht an Aontais Eorpaigh dul isteach sa Straice Gaza. Ba í Emer Costello ceannasaí an ghrúpa agus cháin an bheirt acu Iosrael as a bheith ag diúltú cead isteach do ghrúpa oibre an Aontais Eorpaigh, […]

Ní dhearna muid cúl éisteacht ar Merkel – Obama

Shéan údaráis Mheiriceá agus chuir an tUachtarán Obama leis an shéanadh I scairt fóin ar Angela Merkel anocht, shéan siad ar fad do thuairiscithe go ndearna seirbhísí faisnéise Mheiriceá cúléisteacht ar fón póca Angela Merkel. Foilsíodh an líomhaoin I dtuairisc ar an iris ‘Der Spiegel’ iris a d’fhoilsigh eolas ó Edward Snowden roimhe seo.

Cáineadh géar ó chúirt na hEorpa do rialtas na Spáinne

Tá breithimh in Ard Chúirt na Spáinne i ndiaidh a ordú do na húdaráis ann cime de chuid ETA a shaoradh. Thug siad a mbreithiúnas i ndiaidh don Chúirt Eorpach um Chearta Daonna tabhairt le fios inné go bhfuil an córas faoinar dhiúltaigh an Spáinn faoiseamh do cimí ETA as obair phríosúin a dhéanamh ‘mídhleathach.’ […]

Líomhaintí Snowden – tuilleadh eolais, tuilleadh achrainn

D’éilgh Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, Laurent Fabius, cruinniú práinne le hAmbasadóir Mheiriceá sa tír i ndiaidh do líomhaintí a bheith foilsithe sa nuachtán Le Monde, go ndearna Meiriceá spiadóireacht ní amháin ar scairteanna gutháin a rinne daoine sa Fhrainc a raibh amhras sceimhlitheoireachta orthu ach ar na milliúin scairteanna eile a rinne oifigigh stáit, […]

Amnesty ag taithint ar an Iaráin gan cime a chur chun báis

Tá Amnesty Idirnáisiúnta ag iarraidh ar rialtas na hIaráine gan cime a chur chun báis i bhfianaise go bhfuil sé ag teacht chuige féin i ndiaidh don chéad iarracht lena chur chun báis a chliseadh. Tháinig an cime, Alireza M, ar ais ina bheatha i ndiaidh do oibrí ag marbhlann tabhairt faoi deara go raibh […]

© Nuacht24