Nuacht24 » idirnáisiúnta

Brú ar Assad ag treisiú i rith an ama
Rinne an Fhrainc an Iodáil is an Spáinn mar aon le roinnt stáit sa Mhurascaill a n-ambasadóirí a aistharraingt ón Siria inniu agus iad ag iarraidh cur le coimhthiú rialtas Basar al Assad. Inné dhruid Meiriceá a nAmbasáid agus rinne a dtaidhleoirí a thabhairt abhaile. I ndiaidh dó bualadh leis an Uachtarán Assad dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise, Sergey Lavrov, go bhfuil an tUachtarán maíte ar leasuithe polaitiúla a chur i gcrích agus dul i mbun cainte leis an fhreasúra. Ach rinne urlabhraithe an fhreasúra sin beag is fiú de chaint an Uachtaráin agus dar le go leor ceannairí idirnáisiúnta go bhfuil sé thar am don Uachtarán imeacht seachas caint.

Assad ag bualadh le Lavrov inniu
Buailfidh Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise inniu le Uachtarán Assad na Siria. Tá an cruinniú ag titim amach a fhad is go bhfuil forneart ag dul in olcas sa tír. Tuairiscíodh tuairim is 50 duine a bheith marbh i ndiaidh forneart inné in Homs, áit a bhfuil arm na Siria i mbun ionsaí le roinnt laethanta anuas. Shéan an rialtas go raibh siad ag ionsaí sibhialtaigh in Homs agus mhaígh go bhfuil siad ag ionsaí sceimhlitheoirí agus gur mharaigh siad go leor acu sin. Dar leo gur maraíodh seisear saighdiúir dá gcuid san fhorneart inné.

Bua eile do Romney
Ba léir ó na luath torthaí i gcaucus Nevada go bhfuil Mitt Romeny i ndiaidh baint agus baint go maith ansin. Níl na sonraí uile ar fáil go fóill ach níl aon amhras go raibh tromlach mór ag Romeny. Cuirfidh a bhua borradh faoina fheachtas agus é ag díriú anois ar an chéad caucus eile Dé Máirt seo chugainn i Minnesota, Colorado agus Missouri. Bhí preas ócáid ag Newt Gingrich ar maidin agus é ag cur in iúl nach bhfuil rún dá laghad aige éirí as in ainneoin é a bheith ag titim siar i rith an ama sa rás Poblachtach.

Rún na Siria curtha ó mhaith sna Náisiúin Aontaithe
Buailfidh Aire Gnóthaí Eachtachra na Rúise le hUachtarán Assad na Siria sa Dhamáisc Dé Máirt féacháil le cainteanna a chur ag dul idir é agus ionadaithe an fhreasúra in Moscó go luath. Inniu chuir an Rúis agus an tSín i gcoinne rúin sna Náisiúin Aontaithe ag cáineadh forneart fhórsaí an Uachtaráin Assad agus ag tabhairt tacaíochta don éileamh go n-éireodh an tUachtarán Assad as oifig. Dar leis an Rúis go raibh an rún sna Náisiúin Aontaithe claonta mar nár luaigh sé an forneart atá ag teacht ó leithéidí Arm Saoirse na Siria. Inné maraíodh idir 230 – 260 duine, de réir lucht cearta daonna, nuair a scaoil saighdiúirí ar cheantar Khalidiya in Homs. Dar leo gur leagadh 36 teach agus gur maraíodh bunús na ndaoine istigh ann.

Aifeáltas ar an FBI faoi thaifead a chuir Anonymous ar YouTube
Tá an FBI is péas na Breataine ag athbhreithniú cúrsaí slándála i ndiaidh don ghrúpa bradaíola Anonymous comhdháil teileafóin idir an dá fhórsa a chur ar YouTube. Bhí péas ón dá thaobh ag caint faoina n-oibríochtaí i gcoinne Anonymous ach rinneadh an chomhdháil a thaifead agus a chur ar an líon. Dhearbhaigh an FBI ar ball gur thaifead fíor a bhí ann agus dúirt go gcuirfeadh siad lena dtóir ar na daoine a bhí freagrach as.

Imeacht Huhne, atheagar ar Chomhaireacht rialtas Shasana
Bhí Comhaireacht Shasana den tuairim le roinnt laethanta anuas go gcuirfí an dlí ar an Aire Chris Huhne agus tá siad dóchasach mar sin go mbeidh siad in ann aon dochar a thiocfaidh ó imeacht an Aire a choinneáil faoi smacht. Meastar go mbeidh atheagar ar na Daonlathaigh Liobrálacha mar gheall ar imeacht an Uasal Huhne. D’éirigh sé as ar maidin nuair a tugadh le fios go bhfuil sé féin agus a iar-bhean chéile Vickey Price le cur faoi thriail. Cuirfear ina leith go ndearna siad iarracht cúrsa na córa a shaobhadh. Deir an tAire Huhne go bhfuil sé neamhchiontach agus go bhfuil sé muiníneach go gcruthóidh a thriail don domhan gur amhlaidh é.

Trí lá comhbhróin san Éigipt
Tá trí lá oifigiúil comhbhróin ar siúil san Éigipt i ndiaidh tubaiste an lae inné ag cluiche sacair i gCaireo a d’fhág 74 duine marbh agus go leor eile gortaithe. Bhí go leor teoiricí ann faoi cé a chuir tús leis an trioblóid a tharla le linn cluiche idir al-Masry and Al Ahli, agus cén fáth. Tá stair fuilteach trodach idir an dá fhoireann ach tá fuath ag cuid den bhunaíocht is ag cuid den phéas ar thacaithe Al Ahli cionn is gur thacaigh siad go díograiseach leis an éirí amach i gcoinne an iarUachtarán Mubarak. Dar le tuairiscithe ar theilifís na hÉigipte , a bhí ag craoladh na cluiche beo, dar leo gur chaith roinnt tacaithe bladhm agus gur tharraing sin airde roinnt imreoirí, rud a lig don fhoireann eile scoráil. Rud a chuir tús le raic. Ach tá go leor daoine den tuairim gurb iad na péas a bhí ar chúl na trioblóide nó daoine a thacaíonn leis an iardheachtóir Mubarak agus gur spreagadh an forneart chun díoltas a bhaint as tacaithe Al Ahli.

34 curtha chun báis ag rialtas na hIaráice i mí Eanáir
Beag beann ar cháineadh ó na Náisiúin Aontaithe chuir an Iaráic 34 chun báis i mí Eanáir. Tá pionós an bháis i bhfeidhm sa tír as 48 coir, roinnt acu atá tromchúiseach ach lena chois  roinnt coireanna nach bhfuil millteanach tromchúiseach.  Deir Coimisinéir Cearta Daonna na Náisiúin Aontaithe, Navi Pillay, gur samhnasach an dóigh a bhfuil an Iaráic ag cur i bhfeidhm pionós an bháis go rímhinic. Ach dúirt urlabhraí rialtais go bhfuil sé faoi chóras dlí na hIaráice socrú ar an bhealach chuí chun plé le coirpigh.

Seans go ndéanfaidh an Talaban an Afganastáin a athghabháil
Deir rialtas Mheiriceá nach páipéir straitéise oifigiúla iad na doiciméid faoi chogadh na hAfganastáine ar phoibligh meáin Mheiriceá is meáin na Breataine inniu. Sna doiciméid, atá bunaithe ar dhiancheistiú 4,000 príosúnach de chuid an Talaban, dúradh go bhfuil ardmhisneach ar na trodairí, go bhfuil straitéis eagraithe acu atá níos sofisticiúla ná mar a tuigeadh, go bhfuil tacaíocht acu i measc an phobail agus go bhfuil baill den rialtas mar aon le gníomhaithe de chuid Seirbhís Faisnéise na Pacastáine ag cuidiú leo. Cé go bhfuil 100,000 saighdiúir ón Iarthar agus na scórtha mílte conraitheoir ag obair ar a son san Afganastáin ó bhí 2001 níl oiread is cúige amháin iomlán faoina smacht. Agus tá an forneart ag an leibhéal is airde ann le blianta fada. Samhlaíonn sceitheadh na tuarascála seo do doiciméid de chuid arm na Breataine a fuair an tIRA ag tús na 1980í le linn don ghluaiseacht a bheith ag bogadh i dtreo na polaitíochta. Dar leis an IRA gur tháinig siad ar an doiciméid nuair a rinne siad ruathar ar traein in Sasana. Ach cibé dóigh ar tháinig siad air chuir an doiciméid leis an Ghinearál JM Glover in iúl nárbh fhéidir le harm na Breataine an tIRA a chloí – ach nárbh fhéidir leis an IRA cogadh míleata a bhaint. Chuidigh an breithiúnas seo leis na hiarrachtaí a bhí ar bun ag lucht na polaitíochta san IRA agus i bhfórsaí na Breataine, bogadh i dtreo cainteanna comhréitigh. Níl sé as an cheist go bhfuil a macasamhail ag titim amach i gcás na hAfganastáine. Tá níos mó agus níos mó ceannairí míleata is polaitiúla san Iarthar ag moladh cainteanna leis an Talaban agus tá teagmhálacha, ar chúla téarma, déanta cheana féin.

10 mí chun an Costa Concordia a bhogadh
Thiocfadh dó go dtógfadh sé 10 mí chun an long cúrsála an Costa Concordia a thabhairt ar shiúil ón áit a deachaigh sé i dtalamh de réir na comhlachta ar leo é. Tá lucht tarrthálais tosaithe cheana féin ar a n-iarrachtaí chun an long a ullmhú don scrios ach tá an jab chomh contúirteach is mór sin is go measann siad go mbeidh suas go 10 mí de dhíth orthu chun an obair a dhéanamh. Ar maidin inniu chuir dlíodóirí do ghrúpa paisinéirí a bhí ar an long nuair a chuaigh sé ó smacht go bhfuil siad ag tosú ar iarracht chun cúiteamh ar luach €350m a fháil ón chomhlacht ar leo an long. Deir na dlíodóirí nach n-imeoidh an strus is an stró a d’fhulaing paisinéirí uathu go deo agus go bhfuil cúiteamh as cuimse uathu dá bharr sin. An tseachtain seo caite thairg úinéirí an Costa Concordia cúiteamh ar luach €11,000 do gach paisinéir a tháinig slán ón tubaiste. Fuarthas 17 gcorp go dtí seo agus meastar 15 duine a bheith ar iarraidh i gcónaí.