Tá an FBI is péas na Breataine ag athbhreithniú cúrsaí slándála i ndiaidh don ghrúpa bradaíola Anonymous comhdháil teileafóin idir an dá fhórsa a chur ar YouTube. Bhí péas ón dá thaobh ag caint faoina n-oibríochtaí i gcoinne Anonymous ach rinneadh an chomhdháil a thaifead agus a chur ar an líon. Dhearbhaigh an FBI ar ball [...]
Bhí Comhaireacht Shasana den tuairim le roinnt laethanta anuas go gcuirfí an dlí ar an Aire Chris Huhne agus tá siad dóchasach mar sin go mbeidh siad in ann aon dochar a thiocfaidh ó imeacht an Aire a choinneáil faoi smacht. Meastar go mbeidh atheagar ar na Daonlathaigh Liobrálacha mar gheall ar imeacht an Uasal [...]
Tá trí lá oifigiúil comhbhróin ar siúil san Éigipt i ndiaidh tubaiste an lae inné ag cluiche sacair i gCaireo a d’fhág 74 duine marbh agus go leor eile gortaithe. Bhí go leor teoiricí ann faoi cé a chuir tús leis an trioblóid a tharla le linn cluiche idir al-Masry and Al Ahli, agus cén [...]
Beag beann ar cháineadh ó na Náisiúin Aontaithe chuir an Iaráic 34 chun báis i mí Eanáir. Tá pionós an bháis i bhfeidhm sa tír as 48 coir, roinnt acu atá tromchúiseach ach lena chois roinnt coireanna nach bhfuil millteanach tromchúiseach. Deir Coimisinéir Cearta Daonna na Náisiúin Aontaithe, Navi Pillay, gur samhnasach an dóigh a [...]
Deir rialtas Mheiriceá nach páipéir straitéise oifigiúla iad na doiciméid faoi chogadh na hAfganastáine ar phoibligh meáin Mheiriceá is meáin na Breataine inniu. Sna doiciméid, atá bunaithe ar dhiancheistiú 4,000 príosúnach de chuid an Talaban, dúradh go bhfuil ardmhisneach ar na trodairí, go bhfuil straitéis eagraithe acu atá níos sofisticiúla ná mar a tuigeadh, go [...]
Thiocfadh dó go dtógfadh sé 10 mí chun an long cúrsála an Costa Concordia a thabhairt ar shiúil ón áit a deachaigh sé i dtalamh de réir na comhlachta ar leo é. Tá lucht tarrthálais tosaithe cheana féin ar a n-iarrachtaí chun an long a ullmhú don scrios ach tá an jab chomh contúirteach is [...]
100 duine nó mar sin a maraíodh inniu i bhforneart in Siria inniu de réir lucht cearta daonna. Orthu sin bhí roinnt páistí a maraíodh in Homs. Bhí caismirtí ann in Hama nuair a thug trodairí de chuid Arm Saoirse na Siria faoi saighdiúirí an rialtais. Agus bhí caismirtí ann i roinnt bruachbhailte le taobh [...]
Deir ionadaí na Náisiúin Aontaithe don Libia go bhfuil os cionn 8,000 cime faoi ghlas ag mílistigh ansin. Dar le Ian Martin gur beag eolas atá ar fáil faoin dóigh a bhfuil na mílistigh ag caitheamh leis na cimí seo, lucht tacaíochta Gaddafi is mó, ach go bhfuil tuairiscithe ann go bhfuiltear ag caitheamh go [...]
Ar maidin inniu ghabh péas na Fraince Jean-Claude Mas, an fear a bhí i gceannas ar an chomhlacht PIP. Tá sé le ceistiú faoin scannal ionchlannáin chíche agus faoin dóigh a d’úsáid PIP sileacan nach raibh de chaighdeán sásúil.
Dar le Newt Gingrich go mbeidh láraonad buan ag Meiriceá ar an ghealach faoi 2020 má bhaineann seisean comórtas na hUachtaránachta i mí na Samhna i mbliana. Deir Gingrich, atá anois ina iarrthóir láidir chun ainmiúchán a fháil ó na Poblachtaigh, deir sé go bhfuil sé muiníneach go mbeadh an earnáil phríobháideach sásta cuid mhór [...]
Tráchtanna is Déanaí