Rás na gCurachaí

Rásaí - Curach

le Gearóid Ó Muilleoir Bhí Craobh na hÉireann de Rásaí na gCurachaí ar siúl le déanaí ag cé Chionn Caslach i dTír Chonaill. Bhí deireadh seachtaine den scoth ann le foirne ag glacadh páirte ann ó cheantair chósta ar fud na tíre agus tá caint ann anois faoi fhoireann a chur le chéile ó cheantair [...]

Cén Gaeilge ar Vuvuzela?

spainn

le Seán Fennell Tá Corn an Domhain san Afraic Theas 2010 thart, críochnaithe, déanta, ní bheidh a leithéid arís ann. Sílim féin cibé ar bith. Scríobhadh agus dúradh a lán fán chomórtas seo sular thosaigh sé ach fíoradh a lán aislingí agus tháinig tuar fána lán tairngreachtaí, bhuel chan mo thairngreacht féin, nuair a chuir [...]

Scoláireachtaí ó Fiontar

admin-ajax.php

Tá cúig scoláireacht dar luach €2,000 an ceann ar fáil do mhic léinn a chláraíonn ar an gcúrsa MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais. Bronnfar na scoláireachtaí ar an gcúigear mac léinn is fearr a n-éiríonn leo sa chéad bhliain den chúrsa. Bronnfar na scoláireachtaí ag deireadh na chéad bhliana. Le tacaíocht ón [...]

Féile Iorrais 2010: snagcheol Eilbhéiseach, píoba Spáinneacha agus scannáin scanrúla

feile iorrais

Cúig bliana déag ar siúl anois tá sé cruthaithe ag Féile Iorrais gur fáth a ratha ná na himeachtaí éagsúla, ilghnéitheacha atá oiriúnach do gach saghas cúirialtachta agus do gach aoisghrúpa ar fud Iorrais. Cachimbo a chuirfidh tús leis an bhFéile Idirnáisiúnta Ealaíona Tíre i mbliana. Cnagbanna ghuthach is ea Cachimbo atá fréamhaithe go daingean [...]

Craic is comhrá in Sydney

Waverley_1798_Monument

le Máirtín Mag Uidhir in Sydney na hAstráile An deireadh seachtaine seo chuaigh tart, chruinnigh thart fá ceithre scór Gael le chéile in Sydney lena gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a fheabhsú, nó le cúpla focal afhoghlaim. Ba í seo an t-ochtú Scoil Gheimhridh in Sydney agus gach bliain an líon daoine ag méadú.  I mbliana [...]

Campa samhraidh Feachtas i mBÁC

ogras

Beidh Feachtas Óg-ghluaiseacht na Gaeilge ag bunú campa samhraidh Gaeilge nua i mBaile Átha Cliath i mbliana. Beidh an chéad champa ar siúl i meánscoil Mater Christi i bhFionnghlas ón 28ú Meitheamh go dtí an 2ú Iúil agus beidh sé ar siúl gach lá óna 10r.n. go dtí a 3i.n. Is do dhaltaí idir 12 [...]

Droim láimhe is diúltú glan don Ghaeilge

pobal

Diúltaíodh san Ardchúirt i mBéal Feirste Dé Céadaoine don iarracht a bhí ar bun ag Gaeilgeoirí chun scor d’Acht Riar na Córa ón bhliain 1737 a choscann úsáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh. Riailigh an Breitheamh Girvan gurb é an Béarla teanga oibre na cúirte, an teanga atá ar eolas ag gach duine agus [...]

Bunscoil an Iúir – 20 bliain ar an fhód

bunscoil

Bhí fáiltiú cathartha ag Comhairle an Iúir agus Mhúrn le 20 bliain de bhunscolaíocht an Iúir a chomóradh. Fiche bliain ó shin, le tacaíocht ó Mhaolcholaim Scott, Oifigeach na Gaeilge de chuid Chomhairle an Iúir agus Mhúrn, tháinig baicle bheag tuismitheoirí le chéile ar an Iúr, a raibh ar intinn acu bunscolaíocht trí mheán na [...]

Moltar an Óige

Bhí Feargal Mac Ionnrachtaigh ó Forbairt Feirste mar fhear an tí inné, 24ú Bealtaine, ag ócáid stairiúil ar Choláiste Feirste nuair a bhronn an tAire Oideachais, Caitríona Ruane, teastais OCN i gCeannaireacht an Óige ar 15 duine óga as Béal Feirste. Cuireadh an cúrsa ar fáil trí mheán na Gaeilge don chéad uair i stair [...]

Lámhleabhar do mhúinteoirí

clar

Dé Céadaoin, an dara lá de Mheitheamh 2010, seolfar lámhleabhar múinteora do theagasc na huimhearthachta, darb ainm Teanga na hUimhearthachta: Lámhleabhar Múinteora. Déanfaidh grúpa leathan de pháirtithe leasmhara agus d’fhorais pháirtíochta, a dhéanann seirbhísiú ar earnáil na Gaelscolaíochta, an seoladh a cheiliúradh. Is é an Dr Chris Hughes, Ceann na gCaighdeán agus an Fheabhsaithe sa [...]

2010 © Nuacht24