Nuacht24 » nuacht facebfacfaceRinneadh comóradh ar Dhiarmuid Ó Grainne, ar Mhaidhc Dainín Ó Sé agus ar Shéamus Heaney ag ócáid ag Imram san ionad Cois Teallaigh ag Áras Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge anocht. Séamas Ó Scannláin, Domhnall Mac Síthigh agus Gabriel Rosenstock a rinne sliochta dá saothar a léamh. Cathal Póirtéir a bhí ina fhear an tí don ócáid. Tuairisc agus sliochta ón ócáid le cloisteáil ar www.raidiofailte.com maidin Aoine 8.00-9.00 agus 12.00-1.00 in.

]]> http://www.nuacht24.com/nuacht/comoradh-ar-thriuir-laoch/feed/ 1 Ar Thóir an Cheoil http://www.nuacht24.com/nuacht/ar-thoir-an-cheoil/ http://www.nuacht24.com/nuacht/ar-thoir-an-cheoil/#comments Thu, 17 Oct 2013 12:02:26 +0000 Nuacht24 http://www.nuacht24.com/?p=29105 Cuirfear tús le sraith nua cláracha faoi bhannaí ceoil traidisiúnta ‘Ar Thóir an Cheoil’, ar TG4 ar an 27 Deireadh Fómhair. Is í Méabh O’Hare, fidléir as Béal Feirste, léiritheoir na sraithe, a dhíríonn ar bhannaí traidisiúnta iomráiteacha agus ar na ceoltóirí a d’imir tionchar ar a gcuid ceoil.

 

Le linn na sraithe cloistear roinnt de na bannaí is mó tóir i saol an cheoil thraidisúnta faoi láthair ar nós The Bonny Men, Lumiere, We Banjo Three, Buille, Caladh Nua agus Beoga, bannaí a bhfuil leanúint mhór acu anseo in Éirinn agus thar lear.

 

Díríonn gach clár ar bhanna ceoil ar leith. Cloistear an buíon ceoil ar ardán agus leantar baill an bhanna ar thuras ceoil agus iad ag  bualadh leis na ceoltóirí a ndeachaigh i bhfeidhm orthu. I measc na gceoltóirí a bheidh le cloisteáil ar an chlár, tá Micheál Ó Súilleabháin, Mickey Dunne, Gino Lupari, Na Casaidigh, Liam Ó Maonlaí, Neil Lyons, Bobby Gardiner, Tom Doorley, Mairtín O’Connor, Mel Mercier, Cathal Hayden and Gerry O’Connor.

 

Léiritear eagsúltacht ceoil sa tsraith ‘Ar Thóir an Cheoil’ agus faightear léargas ar Jazz, ceol tíre, ceol claisiceacha agus blues,  seanraí eagsúla atá ag dul i bhfeidhm ar cheol na mbannaí agus ar cheol traidisiúnta trí chéile.

 

“Bhí spéis a riamh agam i mbannaí ceoil. Nuair a bhí mé ag fás aníos, bheinn ag éisteacht lena leithéidí Altan, The Bothy Band, Flook agus Dervish. Shíl mé go mbeadh sé suimiúil díriú ar

bhannaí ceoil de chuid na linne seo agus cloisteáil faoi na ceoltóirí ar éist siad leo agus iad ag fás aníos,” arsa Méabh O’Hare, stiúrthóir agus léiritheoir na sraithe.

 

“ Sraith ar leith atá ann ina mbuaileann ceoltóirí le ceoltóirí eile a d’imir tionchar orthu ar bhonn pearsanta agus ar fhuaim an bhanna trí chéile”, arsa Méabh O’Hare.

 

Tá roinnt sraitheanna faisnéise dírithe ar ceol agus ealaíon déanta ag Sonas cheana féin do TG4, Stair na mBannaí Céilí, a léirigh stair na bannaí céilithe in Éirinn agus Buail Cosl, a d’inis scéal an damhsa Gaelaigh in Éirinn.

Craolfar ‘Ar Thóir an Cheoil’ ar an 27 Deireadh Fómhair ag a 22:00. Díríonn clár a haon sa tsraith nua ‘Ar Thóir an Cheoil’ ar ‘The Bonney Men’, banna ceoil óg as Baile Átha Cliath a chasann ceol traidisiúnta bríomhar. Buaileann baill den ghrúpa le hiarscoláirí Choláiste Eoin Iosagáin, Liam Ó Maonlaí, Tom Doorley agus Séamus Mac Mathúna. Má chailleann tú clár is féidir coimhéad siar air trí ‘TG4 Player’ ar feadh míosa tar éis an craoladh.  Tá ‘Ar Thóir an Cheoil’ maonaithe ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge do TG4.

]]>
http://www.nuacht24.com/nuacht/ar-thoir-an-cheoil/feed/ 0
Amnesty ag taithint ar an Iaráin gan cime a chur chun báis http://www.nuacht24.com/nuacht/amnesty-ag-taithint-ar-an-iarain-gan-cime-a-mharu/ http://www.nuacht24.com/nuacht/amnesty-ag-taithint-ar-an-iarain-gan-cime-a-mharu/#comments Thu, 17 Oct 2013 11:20:07 +0000 Nuacht24 http://www.nuacht24.com/?p=29099 Tá Amnesty Idirnáisiúnta ag iarraidh ar rialtas na hIaráine gan cime a chur chun báis i bhfianaise go bhfuil sé ag teacht chuige féin i ndiaidh don chéad iarracht lena chur chun báis a chliseadh. Tháinig an cime, Alireza M, ar ais ina bheatha i ndiaidh do oibrí ag marbhlann tabhairt faoi deara go raibh sé ag bogadh tamall i ndiaidh dó a bheith crochta.  Tá an fear ag fáil cúram leighis ó shin ach is rún do na húdaráis é a chrochadh an dara uair a luaithe is a bheith sé bisithe. Ciontaíodh an fear as smugláil drugaí. Measann lucht cearta daonna go bhfuil an Iaráin sa dara áit ar liosta na ndtíortha sin a chuireann cimí chun báis. Tá an tSín ag barr an liosta. Measann Amnesty gur cuireadh suas le 508 duine chun báis san Iaráin i mbliana. ‘Cuimhníonn an ‘athchrochadh’ seo dúinn chomh crualach is atá pionós an bháis agus táimid ag iarraidh ar an Iaráin éirí as an cur chuige seo’ arsa Philip Luther, stiúrthóir ar Amnesty sa Mheán Oirthear/Afraic Thuaidh.

]]>
http://www.nuacht24.com/nuacht/amnesty-ag-taithint-ar-an-iarain-gan-cime-a-mharu/feed/ 1
Gael Linn faoi chaibidil ar Raidió Fáilte anocht http://www.nuacht24.com/nuacht/gael-linn-faoi-chaibidil-ar-raidio-failte-anocht/ http://www.nuacht24.com/nuacht/gael-linn-faoi-chaibidil-ar-raidio-failte-anocht/#comments Wed, 16 Oct 2013 10:43:53 +0000 Nuacht24 http://www.nuacht24.com/?p=29095 Ar 9.00 anocht craolfaidh Raidió Fáilte gnéchlár faoin eagraíocht Gael Linn . Is é Katie Mc Greal a léirigh an clár agus orthu sin a bheidh faoi chabidil ann tá PríomhFheidhmeannach  Ghael – Linn, Antoine Ó Coileáin, beirt den fhoireann mar atá, Póilín agus Réamonn agus fear a rinne gaiscíocht ar son na heagraíochta an am a d’imigh, Pádraig Ó Baoighill. Thig an clár a éisteacht i mBéal Feirste ar 107.1fm nó ar líne ag www.raidiofailte.com.

]]>
http://www.nuacht24.com/nuacht/gael-linn-faoi-chaibidil-ar-raidio-failte-anocht/feed/ 0
Kieran Mc Laughlin faoi ghlas http://www.nuacht24.com/nuacht/kieran-mc-laughlin-faoi-ghlas/ http://www.nuacht24.com/nuacht/kieran-mc-laughlin-faoi-ghlas/#comments Wed, 16 Oct 2013 10:10:04 +0000 Nuacht24 http://www.nuacht24.com/?p=29091 Deir an PSNI go bhfuil siad buíoch don Gharda as an chuidiú a thug siad dóibh san oibríocht a chríochnaigh le gabháil Kieran Mc Laughlin i nDoire aréir. Ghabh péas an tUasal Mc Laughlin, a bhí á lorg ag an Gharda agus ag an PSNI le roinnt laethanta anuas, ghabh siad é i gceantar Baile na gCailleach. Dar leo go raibh gunnán aige leis ach nár scaoileadh piléar. Rinne péas cuardach go forleathan sa cheantar i ndiaidh dóibh Kieran Mc Laughlin a ghabháil agus b’éigean do roinnt daoine imeacht óna dtithe dá bharr. Tá an tUasal Mc Laughlin le ceistiú faoi dhúnmharú Barry Mc Crory, fear a scaoileadh chun báis in árasán i lár Dhoire Dé hAoine seo caite.

]]>
http://www.nuacht24.com/nuacht/kieran-mc-laughlin-faoi-ghlas/feed/ 0
Bus do Ghaeilgeoirí do chluiche comhrialacha Pháirc an Chrócaigh http://www.nuacht24.com/nuacht/bus-do-ghaeilgeoiri-do-chluiche-comhrialacha-phairc-an-chrocaigh/ http://www.nuacht24.com/nuacht/bus-do-ghaeilgeoiri-do-chluiche-comhrialacha-phairc-an-chrocaigh/#comments Tue, 15 Oct 2013 12:47:15 +0000 Nuacht24 http://www.nuacht24.com/?p=29089 Ba mhian linn bus a eagrú do Ghaeilgeoirí dul go Páric an Chrócaigh chuig an dara cluiche comhrialacha idir Éire agus an Astráil i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn 26 Deireadh Fómhair, má bhíonn an t-éileamh ann. Beidh an bus ag fagáil An Carn ar an Satharn ar 2pm agus beidh sé ag pilleadh ar áis ar An Carn ar meán oíche. Ní mór do pháistí & dhaoine óga faoi 16′daois a bheith faoi chúram duine fásta ainmnithe atá ag taisteal ar an bhus. Costas: Beidh costas £30 ar dhaoine fásta (£20 ticéad & £10 don bhus) agus costas £10 ar pháistí (£4 ticéad & £6 don bhus). Is feidir le daoine á dticéad féin a cheannacht más mian leo nó beidh An Carn sásta ticéid don ghrúpa a cheannacht ach ní mór an táille iomláin a dhíol roimh Dé Céadaoin 16 Deireadh Fómhair le d’áit a chur in áirithe. Más mian leat taisteal ar an bhus amhain, ní mór d’áit a chur in áirithe roimh Dé Céadaoin 16 Deireadh Fómhair. 028 79549978 Scaip an scéal!!

]]>
http://www.nuacht24.com/nuacht/bus-do-ghaeilgeoiri-do-chluiche-comhrialacha-phairc-an-chrocaigh/feed/ 0
John Gilligan saor http://www.nuacht24.com/nuacht/john-gilligan-saor/ http://www.nuacht24.com/nuacht/john-gilligan-saor/#comments Tue, 15 Oct 2013 12:25:05 +0000 Nuacht24 http://www.nuacht24.com/?p=29084 Tá John Gilligan saor i ndiaidh dó 17 mbliain a chaitheamh faoi ghlas. Ligeadh saor ó Phríosún Phort Laoise é ar maidin agus bhí casadh neamhghnách sa scéal nuair a lig na húdaráis do charr teacht isteach sa charcair chun go dtiocfadh le Gilligan dul isteach ann seachas go mbeadh air siúil tríd na sluaite d’iriseoirí a fhad leis an charr. Ar ball lean iriseoirí é chuig teach i mBaile Átha Cliath. Agus é ag caint le roinnt acu shéan John Gilligan go raibh aon bhaint aige le marú Veronica Guerin. Chuimhnigh sé gur cuireadh triail air agus gur dhearbhaigh an triail é sin.

Gearradh 28 bliain ar an Uasal Gilligan in 2001 nuair a ciontaíodh é as coireanna a bhain le canabhas. Ach laghdaíodh an téarma príosúnachta go 20 bliain am achomhairc. Fuair sé cúiteamh 5 bliain as dea-iompar agus é faoi ghlas agus baineadh roinnt blianta dá théarma cionn is an tréimhse a bhí caite aige faoi ghlas sa Bhreatain agus ansin faoi ghlas in Éirinn roimh a thriail. Tá tuairimíocht láidir ann nach bhfanfaidh sé in Éirinn i bhfad agus go rachaidh sé a chónaí thar lear.

]]>
http://www.nuacht24.com/nuacht/john-gilligan-saor/feed/ 1
Bho Chuan gu Cuan II: Gaeil Alban i gCeanada http://www.nuacht24.com/nuacht/bho-chuan-gu-cuan-ii-gaeil-alban-i-gceanada/ http://www.nuacht24.com/nuacht/bho-chuan-gu-cuan-ii-gaeil-alban-i-gceanada/#comments Tue, 15 Oct 2013 12:17:34 +0000 Nuacht24 http://www.nuacht24.com/?p=29082 Bho Chuan gu Cuan II: the Scottish Gaels of Canada

17 & 18 October 2013

University of Ulster, Belfast

 

Diardaoin/Thursday 17/10/13: The MAC (The Factory) Cathedral Quarter

 

7.00 Cothrom Ghlainne Fìon-Sùgh/Wine-Juice Reception

 

7.30 Fosgladh/Opening by Ulster Vice-Chancellor Professor Richard Barnett

 

7.45 Òraid-fhosglaidh na Co-Labhairte/Conference Opening Talk: Professor Robert Dunbar

 

8.30 Taisbeanadh Film Gàidhlig/Screening of Scottish Gaelic documentary: Bothan air a’ Phrèiridh, Pelicula Films/BBC ALBA

 

Dihaoine/Friday 18/10/13: Ramada Encore (Conference Room) Cathedral Quarter

 

9.15 Cofaidh is Tì/Tea & Coffee

 

9.45 Fàilte bhon Àrd-Ollamh Ailbhe Ó Corráin/Welcome from Professor Ailbhe Ó Corráin, Irish & Celtic Studies Research Institute, University of Ulster

 

10.00 – 10.45 Prìomh-òraid an latha/Day’s Plenary Talk: An t-Àrd-Ollamh/Professor Robert Dunbar, Chair of Celtic Languages, Literature, History & Antiquities, University of Edinburgh

 

11.00 – 11.30 Lewis MacKinnon, Nova Scotia Government, Gaelic Office: socio-linguistic look at a mainland Nova Scotia Gaelic-speaking community in the 20th century

 

11.30 – 12.00 Gilleasbuig Ferguson, Sabhal Mòr Ostaig, University of the Highlands & Islands: Beul-airthris an latha an-diugh/Modern Gaelic oral tradition from Cape Breton Island, Nova Scotia

 

12.00 – 12.30 Dr Stephanie Conn, University of Toronto: Peter’s Tapes: Private collections and Cape Breton musical culture

 

Àm Lòin/Lunch

 

2.00 – 2.30 Dr Sheila Kidd, University of Glasgow: Scottish Gaelic periodicals in Canada from the 19th to the 20th century

 

2.30 – 3.00 Dr Karly Kehoe, Glasgow Caledonian University: Collaboration and Confrontation: Irish, Scottish and French Catholics in early nineteenth-century Cape Breton

 

3.00 – 3.30 Iain MacPherson, University of Ulster: Scottish Gaelic prairie song-poems from the margins of écriture migrante

 

Cofaidh is Tì/Tea & Coffee

 

4.00 – 5.00 Seisean Deasbaid Fhosgailte/Open Panel Discussion: Chaired by Professor Pól Ó Dochartaigh, Dean of the Faculty of Arts, University of Ulster

 

Dìnnear/Dinner: Ramada Encore Restaurant

 

Cèilidh: Ramada Encore with Fin Moore, Sarah Hoy, Gráinne Holland & guests

]]>
http://www.nuacht24.com/nuacht/bho-chuan-gu-cuan-ii-gaeil-alban-i-gceanada/feed/ 1